Modúil agus Amchlár Chlár na Céime sa Ghaeilge

Leabhráin Eolais na Gaeilge (2026-2027)

***Ó Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh, beidh an t-eolas a bhíodh i Leabhráin Eolais na Gaeilge ar fáil ar Mhol na Mac Léinn (leathanach SharePoint atá dírithe ar mhic léinn na Gaeilge).***

  • Seolfaidh Comhordaitheoir na Bliana an nasc cuí chuig do chuntas ríomhphoist ollscoile ag deireadh mhí Lúnasa.
  • Gheobhaidh tú gach eolas maidir le hamchlár na léachtaí, na croímhodúil agus na modúil roghnacha atá ar fáil, córais mharcála agus bileog stíle na Roinne, sonraí teagmhála na gComhordaitheoirí Bliana, srl. ar Mhol na Mac Léinn.
  • Moltar Microsoft EdgeGoogle Chrome a úsáid mar bhrabhsálaí. Déan cinnte Mol na Mac Léinn a chur leis na ceanáin i do bhrabhsálaí ionas go mbeidh teacht agat air gan stró i rith na bliana.
  • Tabhair faoi deara go bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí i gcónaí faoi mhodúil ar leith ar leathanach Canvas an mhodúil féin.

Amchlár Teagaisc sa Ghaeilge

Gach seachtain i rith an tseimeastair, bíonn léachtaí acadúla agus ranganna teagaisc ag gach mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge. Is iondúil go mbíonn 5 nó 6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine i gceist.

  • An Chéad Bhliain: Bíonn 5 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine sa Ghaeilge. 2 uair an chloig ar na léachtaí acadúla, 2 uair an chloig de ranganna teanga/gramadaí agus 1 uair an chloig eile de rang teagaisc atá dírithe ar na léachtaí.
  • An Dara Bliain: Bíonn 6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an ngrúpa seo. 4 uair an chloig de léachtaí agus 2 uair an chloig de ranganna teanga.
  • Bliain na Céime: Bíonn suas le 6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an ngrúpa seo. 4 uair an chloig de léachtaí agus 2 uair an chloig de ranganna teanga.

Amchlár na Ranganna Teanga:

Socrófar amchlár na ranganna teanga (na modúil den teideal 'An Teanga Bheo' nó 'Teanga na Nua-Ghaeilge' ar Canvas) ag tús an téarma, agus cláróidh tú don sliotán ama is feiliúnaí duit.

  • Gheobhaidh tú fógra ó Riarthóir na Roinne maidir leis na ranganna seo, agus ní mór duit a chinntiú gur féidir leat freastal orthu i rith na bliana - cláraigh ar Canvas (féach an rannóg People agus tá treoir do mhic léinn ar fáil anseo)
  • Bíonn 2 uair an chloig sa tseachtain i gceist le ranganna teanga i ngach bliain den chúrsa. 

Amchlár na Léachtaí:

D'fhéadfadh athrú teacht ar ord teagaisc na modúl acadúil ag brath ar chúinsí spáis/foirne, ach beidh na huaireanta teagaisc féin mar a chéile. Sliotáin ama lárnacha don Ghaeilge atá anseo agus mar sin, níor cheart go mbeadh léachtaí in aon ábhar eile de do chuid (m.sh. Stair, Béarla, Dlí) ar siúl ag na tréimhsí ama áirithe seo. Má tá, is faoin disciplín eile sin teacht ar réiteach leat.

Eochair Amchlár na Léachtaí
Léachtaí don Chéad Bhliain amháin (1BA)
First Year Students Only
Léachtaí an Dara Bliain (2BA)
Second Year Students Only
Léachtaí Bhliain na Céime (4BA)
Final Year Students Only

 

Seimeastar 1: Amchlár na Léachtaí

Am Dé Luain Dé Máirt Dé Céadaoin Déardaoin Dé hAoine
9-10    
NG2101 An Gearrscéal sa Ghaeilge
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
   
10-11  
NG2100 An tSochtheangeolaíocht
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
 
NG4101 Filí agus Filíocht na Gaeilge, 700-1900
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
 
11-12  
NG4101 Filí agus Filíocht na Gaeilge, 700-1900
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
NG41XX Modúl Roghnach
Seomraí éagsúla, Áras na Gaeilge (féach Canvas)
   
12-1          
1-2          
2-3  
NG41XX Modúl Roghnach
Seomraí éagsúla, Áras na Gaeilge (féach Canvas)
NG1111 An Ghaeilge, an Pobal agus an Stát
Téatar Fottrell (AMB-1022)
   
3-4          
4-5  
NG1111 An Ghaeilge, an Pobal agus an Stát
Téatar Fottrell (AMB-1022)
NG2100 An tSochtheangeolaíocht
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
   
5-6      
NG2101 An Gearrscéal sa Ghaeilge
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
 

Seimeastar 2: Amchlár na Léachtaí 

Am Dé Luain Dé Máirt Dé Céadaoin Déardaoin Dé hAoine
9-10    
NG2115 Litríocht na hImirce
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
   
10-11  
NG21XX Modúl Roghnach
Seomraí éagsúla, Áras na Gaeilge (féach Canvas)
 
NG4109 Próslitríocht na Gaeilge
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
 
11-12  
NG4105 An Béaloideas
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
NG4105 An Béaloideas
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
   
12-1          
1-2          
2-3  
NG4109 Próslitríocht na Gaeilge
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge
NG1110 An Áit agus a Scéal
Téatar Anderson (AC002)
   
3-4          
4-5  
NG1110 An Áit agus a Scéal
Téatar Choilm Uí Eocha (AMB-1021)
NG21XX Modúl Roghnach
Seomraí éagsúla, Áras na Gaeilge (féach Canvas)
   
5-6      
NG2115 Litríocht na hImirce
Téatar Chearbhalláin, Áras na Gaeilge