An Anailís Sochtheangeolaíochta I

LT117

Duration

12

Next start date

Meán Fómhair 2026

NFQ

Level 9

ECTS

5 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Aug 28, 2026, 5PM

Fee

€750

Overview

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile. Mar sin, cíorfar an bunús teoiriciúil a bhaineann le feidhmiú an dátheangachais, an ilteangachais agus na débhéascna i gcineálacha éagsúla pobail chomh maith leis an toradh a bhíonn ar an teagmháil teangacha (Ní Neachtain 2019; Ní Laoire, 2019). Tá sé d’aidhm ag an modúl seo staidéar a dhéanamh ar an teoiric agus ar na príomhchoincheapa a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht mar réimse léinn. Cíorfar na teoiricí sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Entry Requirements

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu. Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.

What you will Learn

  • Cúlra na Sochtheangeolaíochta
  • Teanga agus canúint
  • Réimsí teanga
  • Dátheangachas agus Débhéascna
  • Teagmháil teangacha

Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.

Torthaí Foghlama

  1. a
  2. b
  3. c

Measúnuithe

  • Department-based Assessment (100%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge,
Áras na Gaeilge, Gaillimh
Díreach: 091 493493

Email: Dorothy Ní Uigín

How to Apply

Ón 4 Bealtaine 2026, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Nuair a bheidh tú ag déanamh d’iarratais, cinntigh go roghnaíonn tú na catagóirí seo a leanas: 

Coláiste / Ábhar Spéise: Na Daonnachtaí & Teangacha

Clár Acadúil: Roghnaigh do chúrsa micridhintiúr ón liosta anuas 

Téarma Acadúil: Roghnaigh an téarma acadúil Fómhar 2026 (Seimeastair 1) nó Earrach 2027 (Seimeastair 2)

Caroline

Caroline Ní Fhlatharta |   Oifigeach na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

Chuir an dá mhodúl seo go mór le mo chuid feasachta agus le mo chuid tuisceana ar chúrsaí sochtheangeolaíochta, rud a chuidigh go mór liom i mo ról. D’fheil sé thar cionn dom gur fhéad mé díriú orthu sa tráthnóna, tar éis mo lá oibre agus bhain mé an-sásamh as chuile sheisiún. Roinn an teagascóir a chuid saineolais go flaithiúil linn agus d’fhoghlaim muid go leor óna chéile freisin agus muid ar fad ag plé le réimsí éagsúla ó thaobh na hoibre de. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil suim acu sa nGaeilge nó go deimhin i dteangacha agus i mionteangacha go ginearálta tabhairt faoi na modúil seo mar go bhfuil siad thar a bheith spéisiúil, ach thar a bheith praiticiúil freisin agus méadú as cuimse ag teacht ar líon na ndeiseanna atá agus a bheidh ar fáil do dhaoine le Gaeilge.