Triúr léachtóirí nua ceaptha i Roinn na Gaeilge ag Ollscoil na Gaillimhe

Tuesday, 1 September 2026

An Dr Colm Ó Cuaig, an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill and an Dr Oisín Ó Muirthile.
An Dr Colm Ó Cuaig, an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill and an Dr Oisín Ó Muirthile.

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil triúr léachtóirí nua ceaptha i Roinn na Gaeilge.

Tá saineolas ar leith tugtha ag an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, an Dr Colm Ó Cuaig agus an Dr Oisín Ó Muirthile chuig an Ollscoil sna réimsí seo a leanas: an béaloideas, an Nua-Ghaeilge Mhoch, an Léann Ceilteach agus an teangeolaíocht stairiúil.

Cuirfidh na léachtóirí nua leis an teagasc agus leis an taighde i Roinn na Gaeilge agus leis an bpleanáil le haghaidh MA nua sa Ghaeilge, a thabharfaidh deis do mhic léinn ardstaidéar a dhéanamh ar theanga, ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin MA sa Ghaeilge atá beartaithe ar fáil anseo.

an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill ceaptha i Roinn na Gaeilge mar Léachtóir le Béaloideas. Bhí sí i gceannas ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh roimhe seo. Chuir sí PhD i gcrích in Ollscoil na Gaillimhe in 2018. Bronnadh Gradam Scoláireachta Fulbright uirthi in 2023-24 chun taighde béaloidis a dhéanamh in Ollscoil Indiana Bloomington sna Stáit Aontaithe.

Is í an Dr Nic Giolla Chomhaill údar An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin (2016). I measc a cuid spéiseanna taighde tá scéalta iontais arna n-insint ag scéalaithe ban in Éirinn agus in Albain le linn an 20ú haois, béaloideas agus éiceolaíocht, imirce agus an traidisiún béil.

an Dr Colm Ó Cuaig ina shaineolaí ar an Nua-Ghaeilge Mhoch (1200-1650 CE). Chuir sé PhD sa Nua-Ghaeilge i gcrích in Ollscoil na Gaillimhe in 2017 sular thosaigh sé ag obair le hAcadamh Ríoga na hÉireann, áit ar oibrigh sé ar Foclóir Stairiúil na Gaeilge. Tá sé ina chomheagarthóir ar Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain (2025).

I measc a chuid spéiseanna taighde tá digitiú acmhainní Gaeilge agus úsáid na hintleachta saorga i múineadh agus i dtraidisiún lámhscríbhinní na hÉireann.

Is saineolaí é an Dr Oisín Ó Muirthile ar na teangacha Ceilteacha agus an teangeolaíocht stairiúil. Bhronn Ollscoil Harvard PhD air as a chuid taighde ar fhorbairt theangeolaíoch na Gaimise-na Caintise (Seiltis), teanga Thaistealaithe na hÉireann.

Tá sé ina chomheagarthóir ar Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium (2022 agus 2023). Tá sé ceaptha mar Léachtóir leis an Léann Ceilteach. Beidh múineadh agus taighde ar litríocht na Sean-Ghaeilge (700-900 CE) agus na meánaoise mar chúram air.

Dúirt an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe: “Cuirfidh na ceapacháin nua seo le leithne ár gcuid taighde agus teagaisc i Roinn na Gaeilge. Leagann an t-earcú seo béim ar thiomantas Ollscoil na Gaillimhe do léann na Gaeilge, idir theanga, litríocht agus chultúr. Cuirimid fáilte ó chroí roimh ár gcomhghleacaithe nua agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leo ar thionscadail teagaisc agus taighde a bheas nuálach agus spreagúil.”

Cuir aithne ar an triúr léachtóirí nua agus faigh amach faoin taighde agus teagasc atá ar bun acu anseo.

Críoch

Keywords: Press.

« Back


Featured Stories