Todhchaí Ghorm ar siúl mar chomóradh ar 50 bliain de bharr fheabhais mara ag Ionad Taighde Charna

Wednesday, 1 October 2025

Ollscoil na Gaillimhe
Todhchaí Ghorm

Ócáid náisiúnta dhá lá bithgheilleagar gorm mar cheiliúradh ar dul chun cinn suntasach agus cruth a chur ar straitéis geilleagar ghorm na hÉireann

Tá comóradh in ómós 50 bliain d’Ionad Taighde Charna á seoladh ag Ollscoil na Gaillimhe in éineacht leis an ócáid, Todhchaí Ghorm.

Beidh nuálaíocht, ceardlanna agus líonrú ar chlár na n-imeachtaí don ócáid, a reáchtálfar thar dhá lá ar an 7 Deireadh Fómhair agus an 8 Deireadh Fómhair. Tabharfar leathchéad bhliain de thaighde mara agus pleanáil straitéiseach do thodhchaí bhithgheilleagair mara na hÉireann le chéile ag an ócáid.

 

Tabharfaidh Todhchaí Ghorm fiontraithe mara, taighdeoirí, iascairí, daoine sa phobal agus lucht déanta polasaithe le chéile ar mhaithe le dul i bhfeidhm straitéise.

Osclóidh an tOllamh Frances Fahy, stiúrthóir Institiúid Uí Riain in Ollscoil na Gaillimhe, an comóradh, a thagann ag an am céanna le pleananna forbartha do Lárionad Nuálaíochta Mara na hÉireann ag an gCrompán, Conamara. Chomhlíonfaí an fhorbairt bheartaithe, le tacaíocht Fhiontraíocht Éireann, príomhaidhm den chomhpháirtíocht idir Ollscoil na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Máire Ní Éinniú, Ceannasaí Nua na Mara: “Ní fhéadfaimis am níos fearr a roghnú. Tá 50 bliain de bharr feabhais taighde mara á gceiliúradh againn agus muid inár gceannródaithe ar thodhchaí gheilleagar mara na hÉireann. Is léiriú foirfe í an Lárionad Nuálaíochta agus Forbartha Mara ar seo, áit a dtagann taighde eolaíochta na blianta caite leis an nuálaíocht fiontraíochta amach romhainn. Cruthófar deiseanna a athróidh ár bpobail cois farraige agus cuirfear Éire chun cinn go hidirnáisiúnta mar cheannródaí sa gheilleagar gorm. Beidh tionchar díreach á imirt ag na ceardlanna Todhchaí Ghorm ar fhorbairt náisiúnta polasaithe.”

Dúirt an tOllamh Frances Fahy, Stiúrthóir Institiúid Uí Riain in Ollscoil na Gaillimhe: “Le leathchéad bliain anois, tá Carna chun tosaigh ó thaobh taighde mara. Leis an gcomhoibriú seo le Nua na Mara, áit a dtagann áiseanna nuálaíochta mara le chéile le buntaighde leanúnach, cruthófar éiceachóras ar leith ag an suíomh i gCarna. Le chéile, tá foinse nua á dtógáil againn a cheanglaíonn taighde acadúil le nuálaíocht tráchtála. Cinnteoidh sé seo go mbeidh fíor bhuntáistí eacnamaíochta agus sóisialta ag muintir na Gaeltachta agus ag geilleagar gorm na hÉireann.

Leag Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, béim ar an tionchar réigiúnach: “Is léiriú í Lárionad Taighde Carna ar ár gcur chuige straitéiseach ar son forbairt inbhuanaithe sa Ghaeltacht. Cruthóidh an lárionad deiseanna oibre ar ard chaighdeán, fad agus aitheantas á thabhairt, agus tógáil á dhéanamh, ar bhunachar eolais oidhreacht cultúrtha na Gaeltachta. Cuirfidh sé an réigiún chun tosaigh mar cheartlár domhanda don nuálaíocht mara.”

Ó bunaíodh é in 1974, tá Stáisiúin Taighde Carna tar éis obair ríthábhachtach a dhéanamh i dtreo forbairt eolaíochta mara na hÉireann, tacaíocht a thabhairt do na céadta taighdeoirí, taighde ceannródaíoch a léiriú, agus cuir go mór le geilleagar mara €1.4 billiúin na hÉireann.

Tógfaidh an Lárionad Nuálaíochta agus Forbartha Mara nua ar an mbunús seo, ag déanamh ionadaíocht ar fhorbairt uaillmhianach Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

Tá tacaíocht curtha ar fáil don fhorbairt seo ó eagraíochtaí éagsúla ina áirítear BIM, Fiontraíocht Éireann, Foras na Mara, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Teagasc, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Laurentic Forum.

Is féidir clárú don ócáid Todhchaí Ghorm ag https://lnkd.in/et6MWpb5

Lá 1 (7 Deireadh Fómhair):

•          Cuir i láthair taighde úrnua ar nuálaíocht feamainne agus bith-theicneolaíocht mara

•          Ceardlanna Praiticiúla le coistí maoinithe ina áirítear Údarás na Gaeltachta, BIM, Hatch Blue, agus Restore Ventures.

•          Léargas idirnáisiúnta ó hAmbasáid Cheanada

•          Ceiliúradh 50 bliain le fáiltiú líonraithe

Lá 2 (8 Deireadh Fómhair):

•Seisiúin pleanála straitéise idirghníomhach ina gcuirfidh rannpháirtithe le straitéis bithgheilleagar gorm na hÉireann

• Turas treoraithe feamainne ag cur acmhainní mara áitiúla chun solais

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back


Featured Stories