-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
January Déan Feidhmiúcháin nua Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe
Déan Feidhmiúcháin nua Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe
Is í an tOllamh Alma McCarthy an chéad bhean a ceapadh sa phost
Tá an tOllamh Alma McCarthy ceaptha ina Déan Feidhmiúcháin ar Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí in Ollscoil na Gaillimhe.
Is í an chéad bhean a ceapadh sa ról mar cheannasaí dáimhe agus beidh an tOllamh McCarthy ag glacadh leis an ról ón 1 Márta 2025, ar feadh tréimhse ceithre bliana.
Cuimsítear Scoil an Dlí, Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes agus Coláiste Ósta na Sionainne mar chuid den Choláiste.
Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Níl aon amhras orm ach go dtabharfaidh an tOllamh Alma McCarthy ceannaireacht den scoth ina ról nua mar Dhéan Feidhmiúcháin Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí san Ollscoil, agus í ag obair le comhghleacaithe anseo agus níos faide i gcéin, agus í ag cur chun cinn oideachas agus taighde den scoth a mbeidh an-tionchar aige agus a bheidh ag teacht lenár n-uaillmhianta straitéiseacha sna blianta amach romhainn.
“Gabhaim buíochas freisin leis an Ollamh Geraint Howells, an Déan Feidhmiúcháin atá ag dul as oifig, as a sheirbhís don Ollscoil agus as an gceannaireacht atá tugtha aige le ceithre bliana anuas. Tá cion nach beag déanta aige d'fhorbairt na hOllscoile le linn dó a bheith ag obair linn. Guím gach rath air sa todhchaí.”
Tá an tOllamh McCarthy ina Déan ar Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes in Ollscoil na Gaillimhe ó 2021. Tá sí ina hOllamh le Bainistíocht Earnála Poiblí agus i measc na spéiseanna taighde atá aici tá ceannaireacht san earnáil phoiblí agus forbairt acmhainní daonna, oiliúint, cothromaíocht oibre is saoil agus an chianobair.
Bhí an tOllamh McCarthy i gceannas ar na suirbhéanna cianoibre le linn na paindéime, le tacaíocht ó Choimisiún Forbartha an Iarthair, ag bailiú eolais faoi na chéad léargais ar dhearcaí na bhfostaithe ar an aistriú mór agus tobann a bhain le bheith ag obair ón mbaile agus taobh amuigh den oifig. Tá tionchar imeartha ag a taighde ar pholasaí forbartha tallainne na Státseirbhíse agus ar straitéis náisiúnta cianoibre an Rialtais.
Tá taithí fhairsing ag an Ollamh McCarthy ar chláir oiliúna forbartha ceannaireachta agus bainistíochta a dhearadh, a sheachadadh agus a mheas, ar cláir iad a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar inniúlacht bainistíochta, agus tá saineolas faoi leith aici ar fhorbairt bainistíochta sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís.
Dúirt an tOllamh McCarthy: "Is mór an onóir dom a bheith ceaptha sa ról mar Dhéan Feidhmiúcháin agus táim ag tnúth le cur leis an rath atá ar na trí Scoil i gColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí in Ollscoil na Gaillimhe. Ag obair i gcomhar le foireann láidir comhghleacaithe sa Choláiste, leanfaimid orainn ag dul i ngleic le riachtanais athraitheacha an gheilleagair agus na sochaí chun oideachas den scoth a dhearadh agus a sholáthar sa ghnó, dlí agus bainistíocht óstáin agus leanfaimid orainn ag dul i ngleic le taighde ábhartha den scoth. Beidh rannpháirteachas le páirtithe leasmhara seachtracha agus tionchar ar pholasaithe mar phríomhthosaíocht ag an gColáiste ina phlean straitéiseach nua.”
Ball cairte í an tOllamh McCarthy den Chartered Institute of Personnel and Development (CIPD), den American Academy of Management agus den Society for Industrial and Organisational Psychology, agus chaith sí tréimhse mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chathaoirleach tofa d'Acadamh Bainistíochta na hÉireann (IAM). Rinneadh Comhalta den IAM di as a bhfuil déanta aici don acadamh sin. Ball creidiúnaithe den British Psychological Society (BPS) í agus tá deimhniú aici le raon leathan measúnuithe síciméadracha a riaradh, idir chumas cognaíoch, tástálacha pearsantachta agus spéiseanna gairmréime.
Críoch