Lá Oscailte Iarchéime Ollscoil na Gaillimhe

Tuesday, 11 February 2025

Ollscoil na Gaillimhe

Tugann Ollscoil na Gaillimhe cuireadh do gach mac léinn a bhfuil cúrsa iarchéime á bhreithniú acu chuig a lá oscailte, áit a mbeidh deis acu cíoradh a dhéanamh ar roghanna staidéir agus a gcéad chéim acadúil eile a phleanáil.

Beidh an Lá Oscailte Iarchéime ar siúl ar champas na hOllscoile Déardaoin, an 20 Feabhra ó 12-3pm i Halla Bailey Allen.

Tá breis agus 200 rogha foghlama ann, ina measc roghanna solúbtha, ar líne agus cumaiscthe. Tabharfaidh an ócáid seo deis do dhaoine gairmiúla, céimithe agus mic léinn reatha fiosrú a dhéanamh ar an raon éagsúil clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus máistreachtaí taighde, chomh maith le roghanna taighde dochtúireachta.

Beidh comhaltaí foirne acadúla ar fáil chun bualadh le mic léinn ionchasacha agus chun roghanna staidéir, riachtanais iontrála, eispéireas mac léinn agus conairí gairme a phlé. Beidh comhaltaí foirne tacaíochta iarchéime ar an láthair chomh maith chun iarratais, iontrálacha, scoláireachtaí, maoiniú agus táillí a phlé.

Beidh turais den champas ar siúl i rith an lae ar a dtabharfar deis do mhic léinn ionchasacha blaiseadh a fháil de na háiseanna teagaisc agus foghlama úrnua agus nuálaíocha ar an gcampas.

Bhí an méid seo le rá ag Caroline Duggan, an Ceannasaí Earcaíochta Fochéime & Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Bunchloch de thiomantas Ollscoil na Gaillimhe tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le dul chun cinn acadúil is ea an Lá Oscailte Iarchéime. Tugann an ócáid seo deis uathúil do mhic léinn iarchéime ionchasacha teagmháil dhíreach a dhéanamh le comhaltaí foirne acadúla agus le mic léinn reatha, eolas a fháil faoinár n-áiseanna den scoth agus faoin gcaoi ar féidir leis an Ollscoil cabhrú leo a bhfuil uathu a bhaint amach i dtéarmaí acadúla agus gairme. Dearadh ár gcláir iarchéime chun réimse leathan deiseanna gairme a oscailt do mhic léinn agus na scileanna agus an t-eolas a thabhairt dóibh chun gairmeacha a fhorbairt a bheidh in ann déileáil le dúshláin an mhargaidh fostaíochta amach anseo.”

Moltar do dhaoine clárú roimh ré anseo https://www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day/.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories