-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
February Aitheantas breise faighte ag Ollscoil na Gaillimhe as dul chun cinn ar chomhionannas inscne
Aitheantas breise faighte ag Ollscoil na Gaillimhe as dul chun cinn ar chomhionannas inscne
Tá Gradam Airgid Athena SWAN eile bainte amach ag an Ollscoil do Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes
Tá gradam suntasach bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le cur chun cinn an chomhionannais inscne, agus Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J. E. Cairnes tar éis Gradam Airgid Athena SWAN a bhaint amach.
Tá Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J. E. Cairnes ar an dara Scoil Ghnó i bPoblacht na hÉireann a bhain a leithéid de chaighdeán amach.
Tugann Gradam Airgid Athena SWAN aitheantas don tiomantas i leith comhionannas inscne a chur chun cinn don fhoireann agus do mhic léinn araon, agus i leith athrú cultúrtha aitheanta a chruthú laistigh den Ollscoil, agus bronnadh an gradam a aithnítear go hidirnáisiúnta mar gheall ar éachtaí comhionannais inscne na Scoile. Is dul chun cinn é ar an nGradam Cré-umha a baineadh amach in 2020.
Mar thoradh ar an gcreidiúnú is déanaí seo tá deich nGradam Cré-umha agus dhá Ghradam Airgid bainte amach ag an Ollscoil go dtí seo, mar aon le Gradam Cré-umha Institiúide a rinneadh a athnuachan in 2021. Tá Gradaim Athena SWAN ag dhá scoil déag as ocht scoil déag de chuid na hOllscoile anois.
Dúirt Leas-Uachtarán Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Helen Maher: “Déanann gach duine in Ollscoil na Gaillimhe comhghairdeas le Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes. Is mór an spreagadh dúinn an dul chun cinn suntasach atá déanta ag ár n-ollscoil i dtaca le comhionannas inscne, go háirithe i gColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – áit a bhfuil gradaim Athena SWAN bainte amach ag na trí Scoil ar fad.
“Léiríonn an dara Gradam Airgid a baineadh amach inár nOllscoil go bhfuilimid dírithe agus tiomanta i gcónaí do chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a dhaingniú inár gcultúr agus inár gcomhfhreagrachtaí.”
Dúirt an tOllamh Alma McCarthy, Déan Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes: “Tá ríméad orm go bhfuil an gradam seo faighte ag ár Scoil agus is léiriú é ar ár dtiomantas don chomhionannas inscne. Is dianphróiseas measúnaithe seachtrach é próiseas Athena SWAN a éilíonn fianaise ar ghníomh agus ar dhul chun cinn. D’oibríomar ar os cionn 50 gníomh comhionannais inscne chun an gradam Airgid a bhaint amach. Molaim mo chomhghleacaithe go léir as a dtiomantas don chomhionannas agus as ár luach a bhaineann le meas ar chách a léiriú.”
Críoch