Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach Ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

An tOIlamh Becky Whay. Grianghraf tógtha ag Andrew Downes.
Sep 04 2024 Posted: 11:23 IST

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu go bhfuil an tOllamh Becky Whay le dul i mbun ról an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí Eatramhaigh.

Dheimhnigh Údarás na hOllscoile ceapachán an Ollaimh Whay.

Leanann an deimhniú seo an fógra a rinneadh ar an 4 Iúil go raibh an tOllamh Peter McHugh ag dul i mbun ról an Uachtaráin Eatramhaigh tar éis don Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh éirí as post an Uachtaráin agus sé bliana go leith caite aige i mbun na hoifige sin.

Cuireann an tOllamh McHugh tús lena théarma mar Uachtarán Eatramhach an 7 Meán Fómhair agus cuireann an tOllamh Whay tús lena ról mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach an 9 Meán Fómhair.

            Dúirt Uachtarán Eatramhach nua Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is mór an t-údar áthais dom ceapachán an Ollaimh Becky Whay a fhógairt, tá iomrá ar an Ollamh Whay sa saol acadúil, mar thaighdeoir agus mar oide araon, agus anuas air sin rinne sí go leor dul chun cinn ar mhaithe le hOllscoil na Gaillimhe agus í ina Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta ó 2019 i leith. Táimid muiníneach go rachaidh saineolas, fís agus cur chuige comhoibríoch Becky go mór chun tairbhe an phobail seo againne.”

          Dúirt an tOllamh Whay: “Is mór an phribhléid é a bheith ceaptha mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach agus táim ag tnúth leis na dúshláin chomh maith leis na deiseanna atá romhainn, chun tacú lenár bhfoireann acadúil agus chun na caighdeáin is airde a chinntiú dár gcuid mac léinn, chomh maith le cuidiú le forbairt leanúnach na hollscoile ar mhaithe le leas an phobail.”    

Beathaisnéis an Ollaimh Whay

Mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach, tá an tOllamh Whay ina ball d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil; déanfaidh sí ionadaíocht thar ceann an Uachtaráin nuair a bheidh sé as láthair; agus tá freagracht fhoriomlán uirthi as an straitéis acadúil, as arduithe céime acadúla, agus as feabhas acadúil. 

Thosaigh an tOllamh Becky Whay ag obair in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2019 nuair a ceapadh ina Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta í. I mí na Bealtaine 2024, athcheapadh í sa ról sin don dara téarma cúig bliana, agus díríodh den chuid is mó ar Ghaillimh Idirnáisiúnta 2.0 a stiúradh, ar ár Straitéis Idirnáisiúnta, a bheidh lárnach i Straitéis Ollscoil na Gaillimhe 2030 agus ar an dara céim dár Líonra Ollscoileanna Eorpacha – ENLIGHT. 

D’oibrigh an tOllamh Becky Whay in Ollscoil Bhriostó roimhe seo, ollscoil atá mar chuid de Ghrúpa ollscoileanna clúiteacha Russell agus atá sa 55ú háit ar domhan agus sa 5ú háit sa Ríocht Aontaithe le haghaidh Taighde, de réir Ranguithe QS an Domhain. Bhí post aici freisin mar Stiúrthóir Idirnáisiúnaithe i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil Bhriostó, dámh mór dhiantaighde a chuimsíonn scoileanna leighis, fiaclóireachta agus tréidliachta na hOllscoile.

Faoina stiúrthóireacht mhéadaigh an dámh a pobal mac léinn idirnáisiúnta, cuireadh leis an gcomhoibriú taighde idirnáisiúnta a bhí ar bun agus tháinig fás suntasach ar chomhpháirtíochtaí institiúide idirnáisiúnta. Ag an am céanna, roinn sí freagrachtaí an Chinn Scoile Tréidliachta i mBriostó agus threoraigh sí an Scoil trí thréimhse inar tharla athruithe móra agus inar cuireadh isteach ar chreidiúnú le Veterinary Medical Association Mheiriceá.

Tá cáil idirnáisiúnta ar an Ollamh Whay as a cuid taighde ar eallach déiríochta agus ar leas eachaí oibre agus oibríonn sí i limistéir den domhan ina bhfuil idirspleáchas ainmhithe daonna ríthábhachtach don tslí mhaireachtála a bhíonn ag teaghlaigh. Bhí sí ina céad Uachtarán ar an International Society for the Study of Lameness in Ruminants agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an Animal Welfare Science, Ethics and Law Veterinary Association. In 2015, bronnadh gradam CEVA uirthi as Leas Ainmhithe Feirme.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories