OÉ Gaillimh atá Inbhuanaithe

  Leagan Gaeilge

Sustainable NUI Galway

The future of humanity is threatened by unsustainable interactions between our societies, economies and our environment. We will provide leadership to inform the transition to a sustainable future through our teaching, research, actions and impacts (CS01). We will sustainably manage our campuses and all our external affairs and become a role model for positive impact on the environment (CS02). We will future-proof our university by ensuring the environmental, social and financial sustainability of all our operations (CS03).

Through our teaching and research activities, using the UN Sustainable Development Goals as a framework, we will develop the next generation of students, researchers and innovators for tackling society’s evolving sustainable development challenges (CS04).

Our actions will reflect our commitment to lead the transition to a sustainable future.

Working together with local, regional, national, European and global partners, we will develop solutions for a more sustainable future (CS05). We will be world-renowned for our teaching and research activities that develop our graduates as future sustainability leaders in Ireland and globally (CS06).

Building on the work of our Community and University Sustainability Partnership and its approach to ‘learn, live and lead’ sustainability across the university mission, we will embed sustainability in our culture, operational policies and governance structures, and empower our communities to be champions of sustainability (CS07).

Flagship Goals for a Sustainable Future

We will focus our collective efforts on the urgency of sustainability and climate action.

Living positive change on campus

  • We will commit to and sign the UN Sustainable Development Goals (SDG) Accord and aim for SDG Champion status (AS01)
  • Together, we will develop a roadmap to move ambitiously towards carbon neutrality by 2030 (AS02)
  • We will embed sustainability across our learning, research and the student experience, so that our entire campus community can gain the necessary knowledge and skills to become sustainability role models and leaders (AS03)
  • We will manage our environment in ways that are sensitive to our ecosystems in keeping with our aspirations to be an exemplar in research and teaching about biodiversity (AS04)
  • We will embrace proven new technologies to increase our buildings’ energy efficiency and Building Energy Rating, by integrating sustainability in all Buildings and Estates planning and development under the auspices of the national Climate Action Plan (AS05)
  • We will balance entrepreneurialism and prudence in our resource planning to ensure the financial stability necessary to achieve our ambitious goals (AS06)
  • We will set ourselves ambitious targets in the areas of:

sustainable energy and carbon mitigation (AS07)

biodiversity protection (AS08)

sustainability embedded in the curriculum (AS09)

graduate programmes focused on sustainability (AS10)

research outputs in the area of sustainability (AS11)

Green Lab certification (AS12)

building design and sustainability (AS13)

waste management (AS14)

procurement (AS15)

travel and consumables (AS16)

plastics usage (AS17)

technologically enhanced work and study practice (AS18)

Leading positive change beyond our University

  •  We will focus our research expertise and infrastructure on the targets of the UN Sustainable Development Goals with measurable ambitions for research income, outputs and impacts (AS19)
  • We will scale sustainability successes beyond the campus by building sustainability partnerships with neighbouring communities, national bodies, and partners across Europe and the globe (AS20)
  • We will exceed the targets set out in the Public Sector Energy Efficiency programme and we will act as leader in the sector through project demonstration, community engagement and collaboration with energy users across our campuses (AS21)

  For an update on progress towards achieving these Flagship Actions, including staff perspectives on our greatest achievements, the changing context and the outstanding challenges, CLICK HERE (internal access only).

***

OÉ Gaillimh atá Inbhuanaithe

Tá todhchaí an chine dhaonna faoi bhagairt ag idirghníomhaíochtaí neamh-inbhuanaithe idir ár bpobail, ár ngeilleagair agus an comhshaol. Glacfaimid chugainn féin ról ceannasaíochta chun an t-aistriú chuig todhchaí inbhuanaithe a threorú trínar dteagasc, ár dtaighde, ár ngníomhartha agus ár dtionchair (CS01). Déanfaimid ár gcampais agus ár ngnóthaí seachtracha uile a bhainistiú go hinbhuanaithe, agus féachaimid le bheith inár n-eiseamláir as tionchar dearfach a bheith againn ar an gcomhshaol (CS02). Déanfaimid ár n-ollscoil a ullmhú don todhchaí trína chinntiú go mbeidh gach ceann dár n-oibríochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus sa chomhthéacs sóisialta agus airgeadais (CS03).

Agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe á n-úsáid againn mar chreat, déanfaimid an chéad ghlúin eile mac léinn, taighdeoirí agus nuálaithe a fhorbairt trínár ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde chun dul i ngleic le dúshláin forbartha inbhuanaithe na sochaí (CS04).

Léireoidh ár ngníomhartha ár dtiomantas chun an t-aistriú go todhchaí inbhuanaithe a threorú.

Agus muid ag obair as lámha a chéile le comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus domhanda, forbróimid réitigh a éascóidh todhchaí níos inbhuanaithe (CS05). Beidh cáil dhomhanda orainn as feabhas ár ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde a chothaíonn ár gcéimithe mar cheannairí inbhuanaitheachta na todhchaí, in Éirinn agus thar lear (CS06).

Agus muid ag tógáil ar obair Chomhpháirtíocht Inbhuanaitheachta an Phobail agus na hOllscoile agus ar a chur chuige ceannasaíocht a thabhairt maidir leis an inbhuanaitheacht san ollscoil trí chéile, a bheith ag síorfhoghlaim fúithi agus a bheith á cur i bhfeidhm, déanfaimid an inbhuanaitheacht a neadú inár gcultúr, ár bpolasaithe oibriúcháin agus ár struchtúir rialachais, agus féachfaimid lenár bpobail a chumhachtú chun bheith ina n-eiseamláir inbhuanaitheachta (CS07).

Príomhghníomhartha do Thodhchaí Inbhuanaithe

Déanfaimid ár gcomhiarrachtaí a dhíriú ar a phráinne is atá an inbhuanaitheacht agus gníomhartha ar son na haeráide.

Athruithe dearfacha a chur chun feidhme ar an gcampas

  • Síneoimid Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG), cuirfimid romhainn iad a chur i bhfeidhm agus díreoimid ar stádas mar Sheaimpín SDG a bhaint amach (AS01)
  • Oibrímid le chéile chun plean oibre uaillmhianach a fhorbairt a mbeidh sé mar aidhm aige neodracht charbóin a bhaint amach faoin mbliain 2030 (AS02)
  • Beidh an inbhuanaitheacht chun cinn inár bhfoghlaim, inár dtaighde agus in eispéireas na mac léinn ionas gur féidir leis an bpobal campais an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth a ghnóthú chun bheith ina n-eiseamláirí agus ina gceannairí inbhuanaitheachta (AS03)
  • Déanfaimid ár gcomhshaol a bhainistiú ar bhealaí atá íogaireach dár n-éiceachórais agus a thagann lenár mianta a bheith inár n-eiseamláir i ndáil le taighde agus teagasc faoin mbithéagsúlacht (AS04)
  • Glacfaimid le teicneolaíochtaí iontaofa nua chun cur le héifeachtúlacht fuinnimh ár bhfoirgneamh agus lenár Rátáil Fuinnimh Foirgnimh trí inbhuanaitheacht a chomhtháthú i bpleanáil agus i bhforbairt uile na Rannóige Foirgneamh agus Eastát faoi choimirce an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (AS05)
  • Bainfimid cothromaíocht amach idir an fhiontraíocht agus an chríonnacht agus muid i mbun pleanála chun an chobhsaíocht airgeadais a bheidh de dhíth orainn a chinntiú chun ár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach (AS06)
  • Socróimid spriocanna uaillmhianacha dúinn féin sna réimsí seo a leanas: 

fuinneamh inbhuanaithe agus maolú carbóin (AS07)

cosaint na bithéagsúlachta (AS08)

an inbhuanaitheacht a bheith neadaithe sa churaclam (AS09)

cláir iarchéime atá dírithe ar an inbhuanaitheacht (AS10)

torthaí taighde i réimse na hinbhuanaitheachta (AS11)

teastasú na Saotharlainne Glaise (AS12)

dearadh agus inbhuanaitheacht foirgneamh (AS13)

bainistíocht dramhaíola (AS14)

soláthar (AS15)

taisteal agus tomhaltáin (AS16)

úsáid plaistice (AS17)

cleachtais oibre agus staidéir atá cuidithe ag an teicneolaíocht (AS18)

Ceannaireacht ar athrú dearfach lasmuigh den Ollscoil

  • Díreoimid ár saineolas agus ár n-infreastruchtúr taighde ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus beidh spriocanna intomhaiste againn d’ioncam, torthaí agus tionchair thaighde (AS19)
  • Féachfaimid lenar féidir linn a bhaint amach maidir le hinbhuanaitheacht a scaipeadh lasmuigh den champas trí chomhpháirtíochtaí inbhuanaitheachta a bhunú leis na pobail atá mórthimpeall orainn, le comhlachtaí náisiúnta agus le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta (AS20)
  • Sáróimid na spriocanna atá leagtha amach i gclár Éifeachtúlacht Fuinnimh na hEarnála Poiblí agus glacfaimid ról ceannaireachta san earnáil trí thaispeántas tionscadail, rannpháirtíocht leis an bpobal agus trí chomhoibriú le húsáideoirí fuinnimh ar ár gcampais trí chéile (AS21)

  Chun teacht ar eolas faoi chur i bhfeidhm na bpríomhghníomhartha seo, chomh maith le tuairimí na foirne maidir leis na beartais is suntasaí, an bealach ina bhfuil an comhthéacs ag athrú agus na dúshláin atá fós le sárú, CLICEÁIL ANSEO (rochtain inmheánach amháin).