Treoir do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Fáilte chuig an gCéad Bhliain sa Ghaeilge!

Glacann formhór na mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge mar chuid den chéim BA (Comhonóracha), nó mar chuid de chlár Ainmnithe ar bith eile den BA na modúil seo a leanas (20 ECTS san iomlán):

    1. NG1105 An Teanga Bheo (Ranganna teanga don bhliain ar fad - 3 uair an chloig teagaisc sa tseachtain i Seimeastar a hAon agus Seimeastar a Dó)* [10 ECTS] - Ní mór duit clárú tú féin (self-enrolment) do na ranganna seo ag brath ar d'amchlár pearsanta.
    2. NG1106 Litríocht agus Cultúr na Linne (Seimeastar a hAon - 2 uair an chloig teagaisc sa tseachtain) [5 ECTS]
    3. NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge (Seimeastar a Dó – 2 uair an chloig teagaisc sa tseachtain) [5 ECTS]

Glacann mic léinn BA Connect nó ar chláir ainmnithe eile na modúil seo a leanas (15 ECTS san iomlán):

    1. NG1105 An Teanga Bheo* [10 ECTS]
    2. NG1106 Litríocht agus Cultúr na Linne [5 ECTS] NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge [5 ECTS]

*NB Ní mór duit clárú ar leathanach NG1105 An Teanga Bheo ar Canvas do na Ranganna Teanga. Téigh go dtí ‘People’ agus beidh tú in ann clárú ansin do na ranganna teagaisc seo. Tá treoir ar fáil i mBéarla ó Canvas anseo. Bíonn cúpla céad mac léinn sa chéad bhliain ach bíonn líon teoranta mac léinn ceadaithe i ngach rang teanga. Mar sin, cláraigh luath seachas mall dóibh seo ar Canvas.

NB: Is acrainm é ECTS a sheasann don Chóras Eorpach um Aistriú Creidmheasa. Tá cúrsaí san ollscoil bunaithe ar mhodúil atá ag luí leis an Aistriú Creidmheasa Eorpach. Tá an córas seo úsáideach agus an t-ualach oibre a bhfuiltear ag súil leis do gach modúl á oibriú amach agat. Mar shampla, tá baint ag modúl ina bhfuil 5 ECTS le 100-125 uair an chloig oibre.