Gheobhaidh tú cóip d'amchlár na léachtaí agus leabhráin eolais na Gaeilge ar an leathanach seo.

Leabhráin Eolais na Gaeilge

Tabhair faoi deara go bhfaighidh tú an t-eolas is déanaí i gcónaí faoi mhodúil an chláir ar leathanach Canvas an mhodúil féin.

Uaireanta Teagaisc agus Amchláir sa Ghaeilge

Gach seachtain i rith an tseimeastair, bíonn idir léachtaí acadúla agus ranganna teanga/gramadaí ag gach mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge. Is iondúil go mbíonn 5-6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine i gceist.

  • An Chéad Bhliain: Bíonn 5 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine sa Ghaeilge. 2 uair an chloig ar na léachtaí acadúla agus 3 uair an chloig de ranganna teanga/gramadaí.
  • An Dara Bliain: Bíonn 6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an ngrúpa seo. 4 uair an chloig de léachtaí agus 2 uair an chloig de ranganna teanga.
  • Bliain na Céime: Bíonn suas le 6 uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an ngrúpa seo. 4 uair an chloig de léachtaí agus 2 uair an chloig de ranganna teanga.

Uaireanta na Ranganna Teanga:

Socrófar amchlár na ranganna teanga (na modúil den teideal 'An Teanga Bheo' nó 'Teanga na Nua-Ghaeilge' ar Canvas) ag tús an téarma, agus cláróidh tú don sliotán ama is feiliúnaí duit.

  • Gheobhaidh tú fógra ó Riarthóir na Roinne maidir leis na ranganna seo, agus ní mór duit a chinntiú gur féidir leat freastal orthu i rith na bliana - cláraigh ar Canvas (féach an rannóg People agus tá treoir do mhic léinn ar fáil anseo)
  • Bíonn 3 uair an chloig sa tseachtain i gceist le ranganna teanga sa chéad bhliain.
  • Bíonn 2 uair an chloig sa tseachtain i gceist i mblianta eile an chláir.

Uaireanta na Léachtaí:

D'fhéadfadh athrú teacht ar ord teagaisc na modúl acadúil ag brath ar chúinsí spáis/foirne, ach beidh na huaireanta teagaisc féin mar a chéile. Sliotáin ama lárnacha don Ghaeilge atá anseo agus mar sin, níor cheart go mbeadh léachtaí in aon ábhar eile de do chuid (m.sh. Stair, Béarla, Dlí) ar siúl ag na tréimhsí ama seo. Má tá, is faoin disciplín eile sin teacht ar réiteach leat.

Eochair Amchlár na Léachtaí
Léachtaí don Chéad Bhliain amháin (1BA)
Léachtaí an Dara Bliain (2BA)
Léachtaí Bhliain na Céime (4BA)
LÉACHTAÍ SA CHÉAD SEIMEASTAR
  Dé Luain Dé Máirt Dé Céadaoin Déardaoin Dé hAoine
9-10     NG2101 An Gearrscéal sa Ghaeilge    
10-11  

NG2100 An tSochtheangeolaíocht

     
11-12   NG4101 Filí agus Filíocht na Gaeilge 700-1900 NG41XX Modúl Roghnach    
12-1          
1-2          
2-3   NG41XX Modúl Roghnach

NG1106 Litríocht & Cultúr na Linne

   
3-4     NG4101 Filí agus Filíocht na Gaeilge 700-1900    
4-5  

NG1106 Litríocht & Cultúr na Linne

NG2100 An tSochtheangeolaíocht    
5-6       NG2101 An Gearrscéal sa Ghaeilge  

 

LÉACHTAÍ SA DARA SEIMEASTAR
  Dé Luain Dé Máirt Dé Céadaoin Déardaoin Dé hAoine
9-10     NG2109 Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge    
10-11   NG21XX Modúl Roghnach   NG4109 Próslitríocht na Gaeilge NG2109 Téamaí i Nuafhilíocht na Gaeilge
11-12   NG4105 An Béaloideas NG4105 An Béaloideas    
12-1          
1-2          
2-3   NG4109 Próslitríocht na Gaeilge NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge    
3-4          
4-5   NG1107 Scéal agus Pobal na Gaeilge NG21XX Modúl Roghnach    
5-6