Achoimre ar an gClár:

Is clár lánaimseartha bliana (dhá bhliain go páirtaimseartha) é an MA Struchtúrtha sa Ghaeilge a thugann deis do chéimithe díograiseacha cur lena gcuid eolais agus an réimse taighde atá roghnaithe acu i Léann na Gaeilge a fhorbairt. Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh ar mhaithe leis féin nó mar ullmhúchán do chlár PhD.

Beidh ar mhic léinn tráchtas 30,000 go 40,000 focal a scríobh, ar luach 60 ECTS, a dhéanfar faoi stiúir ball foirne de chuid Roinn na Gaeilge. Tá modúil múinte ar fiú 30 ECTS sa chúrsa, agus ní mór ceann amháin díobh (5 ECTS ar a laghad) a bheith dírithe ar mhodhanna taighde. Cuireann foireann na Gaeilge modúil ar fáil i raon leathan ábhar ar an gcúrsa iarchéime agus cuireann fáilte roimh mhic léinn i réimsí a gcuid saineolais:

  • An Ghaeilge i ngach tréimhse ón tSean-Ghaeilge go dtí an teanga chomhaimseartha
  • Gach gné de litríocht na Gaeilge
  • An béaloideas, an scéalaíocht agus an traidisiún béil
  • An tsochtheangeolaíocht
  • An teangeolaíocht chomhaimseartha, stairiúil, chomparáideach agus chorpais
  • Léann na lámhscríbhinní
  • An Léann Ceilteach

Moltar an clár go láidir do chéimithe ar mian leo tabhairt faoi thaighde neamhspleách treoraithe i gcuideachta modúl múinte, agus dóibh siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh le clár PhD.

Riachtanais Iontrála: 

Ní mór d’iarrthóirí céim onóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 de Chreat Náisiúnta Cáilíochta ÚNCÉ) a bheith acu i Léann na Gaeilge nó a comhionann. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh maidir lena cumas sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.

Tionscadail Reatha Taighde sa Roinn

Is féidir teacht ar chur síos ar na réimsí agus na tionscadail reatha taighde sa Roinn ag an nasc seo: https://universityofgalway.ie/gaeilge/taighde/