Próiseas na Pleanála Teanga II

LT119

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas

Duration

12 weeks

Next start date

January 2025

NFQ

Level 9

ECTS

5 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Nov 22, 2024, 5PM

Fee

€650

Overview

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Agus obair an tseimeastair seo á cur i gcrích, beifear ag cur leis an gcúlra stairiúil agus teoirice a pléadh sa chéad seimeastar. Is iomaí cáipéis taighde agus beartais a foilsíodh le fiche bliain anuas: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002); Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Sa mhodúl seo, breathnófar ar na tátail a baineadh as na cáipéisí taighde sin chomh maith leis an bhfreagra a thug an stát orthu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na Gaeltachta 2012 go háirithe.

Is in Acht na Gaeltachta 2012 a leagtar amach próiseas na pleanála teanga in Éirinn, bíodh sin sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta nó sna Líonraí Gaeilge. Caithfear solas ar bhuanna agus ar laincisí an chórais sin (Ó Giollagáin, 2014b; Ní Dhúda, 2017; Walsh, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022) agus déanfar measúnú ar dhornán pleananna teanga a d’eascair as. Mar chrann taca ag an bpróiseas pleanála teanga, breathnófar ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta (2017-2022) chomh maith leis an obair a dhéanann an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta i réimse an teaghlaigh.

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Entry Requirements

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. 
  • Bunchéim ag leibhéal 8
  • Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

What you will Learn

  • An Beartas Teanga in Éirinn ón mbliain 2000 ar aghaidh
  • Taighde ar an sealbhú teanga i measc óige na Gaeltachta
  • Beartas Teanga an Teaghlaigh
  • Réimse an Oideachais
  • Athruithe móra polaitiúla, sóisialta agus geilleagracha an 21ú haois: Tionchar ar an bpleanáil teanga in Éirinn

Assessments

  • Department-based Assessment (100%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

Micro-credentials Team,
University of Galway

Email: Micro-credentials

How to Apply

Ón 1 Deireadh Fómhair 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Postgrad Level 9
Academic programme: Arts & Social Science Micro-credentials - CPC17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Próiseas na Pleanála Teanga II - LT119