An Anailís Sochtheangeolaíochta I

LT117

Fad

12

Dáta Tosatithe

Meán Fómhair 2025

CNC

Leibhéal 9

ECTS

5

Modh Staidéir

Foghlaim Chumaisc

Déan Iarratas faoi

Lúnasa 24, 2025, 5i.n.

Táille

€650

Táille Fóirdheontais

( ℹ ) €325

Forléargas

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile. Mar sin, cíorfar an bunús teoiriciúil a bhaineann le feidhmiú an dátheangachais, an ilteangachais agus na débhéascna i gcineálacha éagsúla pobail chomh maith leis an toradh a bhíonn ar an teagmháil teangacha (Ní Neachtain 2019; Ní Laoire, 2019). Tá sé d’aidhm ag an modúl seo staidéar a dhéanamh ar an teoiric agus ar na príomhchoincheapa a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht mar réimse léinn. Cíorfar na teoiricí sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Riachtanais Iontrála

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu. Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.

Na nithe a fhoghlaimeoidh tú

  • Cúlra na Sochtheangeolaíochta
  • Teanga agus canúint
  • Réimsí teanga
  • Dátheangachas agus Débhéascna
  • Teagmháil teangacha

Torthaí Foghlama

  1. a
  2. b
  3. c

Measúnuithe

  • Department-based Assessment (100%)

Teagmháil

Má bhíonn aon cheist agat faoin gcúrsa seo, déan teagmháil le:

Micro Creds

Ríomhphost: Micro Creds

Déan Iarratas

Ón 1 Aibreán 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Tuilleadh eolais faoinár bpróiseas iarratais.

Déan Iarratas anseo: Tairseach na nIarratas ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: 
Micro-credentials/CPD Postgrad Level 9
Academic programme: 
Arts & Social Science Micro-credentials - CPC17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

An Anailís Sochtheangeolaíochta I - LT117