An Anailís Sochtheangeolaíochta II

LT120

Déanfar plé & anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis.

Duration

12 weeks

Next start date

January 2025

NFQ

Level 9

ECTS

5 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Nov 22, 2024, 5PM

Fee

€650

Subsidised Fee

( ℹ ) €325

Overview

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis. Pléifear an tionchar a bhíonn ag an aistriú teanga ní hamháin ar an bpobal urlabhra, ach ar an gcineál teanga a labhraítear chomh maith céanna. Músclaíonn sé seo ceisteanna idé-eolaíochta a bhaineann le dlisteanas agus barántúlacht teanga (Woolard, 2016). Déanfar plé, mar sin, ar an measúnú a dhéanann an pobal urlabhra ar leaganacha nua cainte a thagann chun cinn ina measc mar thoradh ar phróiseas an aistrithe teanga (Ó Murchadha, 2019). Cuirfear oiliúint ar an mac léinn cén chaoi le hanailís dioscúrsa a dhéanamh, ar thras-scríbhinní agallaimh, mar shampla, chun go bhféadfaí léargas a fháil ar an idé-eolaíocht atá ag cainteoir i leith na héagsúlachta teanga. Ina theannta sin, déanfar plé ar phróiseas an chothaithe teanga trí bhéim a leagan ar nuachainteoirí na Gaeilge (Walsh agus O’Rourke, 2015). Beidh ceist na hidé-eolaíochta i lár an aonaigh sa chás seo chomh maith ó tharla an iliomad tuairimí a bheith i réim maidir le cén cineál urlabhra a mbaineann gradam léi nó a mhalairt. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Entry Requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go nAisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

What you will Learn

  • Cothú teanga agus Aistriú teanga
  • Nuachainteoirí na Gaeilge
  • Idé-eolaíochtaí Teanga: an tséimeolaíocht agus an anailís dioscúrsa
  • Reachtaíocht agus Cearta Teanga

Assessments

  • Department-based Assessment (100%)

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag:

Email: Micro-credentials

How to Apply

Ón 1 Deireadh Fómhair 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Postgrad Level 9
Academic programme: Arts & Social Science Micro-credentials - CPC17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

An Anailís Sochtheangeolaíochta II - LT120