Cruinnscríobh na Gaeilge 1

LT101

Duration

24 seachtain

Next start date

Meán Fómhair 2026

NFQ

Level 9

ECTS

10 Credits

Mode of Study

Blended Learning

Apply By

Aug 28, 2026, 5PM

Fee

€935

Subsidised Fee

( ℹ ) €187

Overview

Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag an gclár Fóirdheontais d’Fhoghlaimeoirí do Tháillí Micridhintiúr 2026. Tá fóirdheontas 80% de na táillí ar fáil i ngach catagóir foghlaimeoirí atá incháilithe. Téigh chuig Conas Iarratas a Dhéanamh le tuilleadh eolais a fháil.

Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga.

Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán an aistriúcháin agus na scríbhneoireachta. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn.

Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí a theastaíonn chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Entry Requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.  Iarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga.

What you will Learn

Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.

Contact

If you have any questions about this course, please contact:

Tomás Ó Maolalaidh
Áras na Gaeilge, Gaillimh
Comhordaitheoir Chúrsaí Iarchéime Aistriúcháin an Acadaimh
Díreach: 091 492734

Email: Tomás Ó Maolalaidh

How to Apply

Ón 18 Bealtaine 2026, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid here.

Déantar iarratais a fhaightear trí láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe a aicmiú mar iarratais a bhfuil táillí le híoc orthu agus nach bhfuil maoinithe faoin bhFóirdheontas do Tháillí Foghlaimeoirí. 

Mar eolas: Cuirfidh riarthóir an chúrsa ríomhphost ina mbeidh Cáipéis Dearbhaithe Incháilitheachta an ÚAO chuig na hiarratasóirí a n-éireoidh leo agus a bheidh i ndiaidh glacadh lena dtairiscintí ar ardán Springboard+; ba chóir an cháipéis seo a líonadh agus a uaslódáil chuig cuntas Springboard na n-iarratasóirí sin a mbeidh éirithe leo mar fhianaise ar a n-incháilitheacht ar fhóirdheontas 80% 6 seachtaine roimh dháta tosaithe an chúrsa (i gcás iarratasóirí atá fostaithe/atá ag filleadh ar an oideachas) nó coicís roimh dháta tosaithe an chúrsa (i gcás iarratasóirí dífhostaithe).

Learn more about our application process.

Apply here: Online Application Portal

Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag an gclár Fóirdheontais d’Fhoghlaimeoirí do Tháillí Micridhintiúr 2026. Tá fóirdheontas 80% de na táillí ar fáil i ngach catagóir foghlaimeoirí atá incháilithe. Déantar iarratais trí láithreán gréasáin Springboard+, ach NÍ cúrsa atá maoinithe ag Springboard+ é seo.

 

micro-creds logo