Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh orthu siúd a bhfuil Gradam Alumni bronnta orthu

Monday, 25 May 2026

Ollscoil na Gaillimhe
Sa phictiúr tá buaiteoirí Ghradaim Alumni Ollscoil na Gaillimhe 2026. Sa chúlrá, ó chlé: Michael Lohan, Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtái; an tOllamh James Meaney, Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte; an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; agus Ruth Mackey agus David Mackey, Gradam Alumni do Cheannairí Nua. Chun tosaigh, ó chlé: Deirdre Ní Choistín, Gradam Alumni don Ghaeilge; an tOllamh Fran O’Rourke, Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach; Katie Mannion, Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí; agus an tOllamh Professor Patrick Farrell, Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht. As láthair ón bpictiúr: Fiona Murtagh, Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt .  Aitheantas – Aengus McMahon.

Tá ceiliúradh déanta ag Ollscoil na Gaillimhe ar na móréachtaí atá bainte amach acu siúd ar bronnadh Gradam Alumni orthu ag mórshearmanas bronnta ar an gcampas.

 Tugann na gradaim aitheantas do chéimithe den scoth ar roghnaíodh iad as pobal alumni na hOllscoile ar fud an domhain. Tá céim bainte amach ag breis agus 145,000 duine ó bunaíodh an Ollscoil sa bhliain 1845. 

 Tarraingíonn na gradaim aird ar an tsárobair atá déanta ag na halumni seo ina réimsí éagsúla féin a n-áirítear leo na dána, gnó, dlí, seirbhís phoiblí, eolaíocht, sláinte, spórt agus ceannaireacht nua, agus tá faighteoirí na ngradam tar éis tionchar nach beag a imirt ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

 Seo a leanas na daoine ar bronnadh Gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe 2026 orthu:

  • Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach

An tOllamh Fran O’Rourke, Ollamh Emeritus, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

  • Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – Urraithe ag Banc na hÉireann

Michael Lohan, Príomhfheidhmeannach, GFT Éireann

  • Gradam Alumni don Ghaeilge

Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4

  • Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí – Urraithe ag RDJ

Katie Mannion, Aturnae Bainistíochta, Ionad Dlí  Chomhairle Teifeach na hÉireann

  • Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – Urraithe ag Analog Devices

An tOllamh Patrick Farrell, Ollamh le hAnailís Uimhriúil, Ollscoil Oxford

  • Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – Urraithe ag Medtronic

An tOllamh James Meaney, Ollamh le Raideolaíocht agus Stiúrthóir, Ionad Thomas Mitchell d’Ardíomháú Leighis (CAMI), Ospidéal San Séamas agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

  • Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt 

Fiona Murtagh, Rámhaí a bhfuil Curadh an Domhain bainte amach aici

  • Gradam Alumni do Cheannairí Nua – Urraithe ag BioInnovate

       Ruth Mackey agus David Mackey, lucht bunaithe Mbryonics

 Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Ceann de na hócáidí is tábhachtaí i bhféilire na hOllscoile is ea na Gradaim Alumni, áit a dtagaimid le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór atá ag ár gcéimithe ar fud an domhain. Léiríonn gach duine d’fhaighteoirí na bliana seo tallann, uaillmhian agus luachanna Ollscoil na Gaillimhe, agus táimid an-bhródúil as a gcuid éachtaí. Léiriú is ea rath na bhfaighteoirí seo ní hamháin ar a mbarr feabhais féin ach, anuas air sin, ar a láidre is atá ár bpobal alumni ar fud an domhain, agus nasc an phobail sin leis an Ollscoil.”

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back


Featured Stories