Taispeántas nua ar stair institiúidí Thuama agus na hÉireann oscailte i Músaem Cathrach na Gaillimhe

Ollscoil na Gaillimhe
Mionsamhail de réir scála den institiúid Máithreacha agus Naíonán i dTuaim, cruthaithe ag Catherine Corless. Grianghraf: Marta Barcikowska, Músaem Cathrach na Gaillimhe. Grianghraif: Marta Barcikowska, Músaem Cathrach na Gaillimhe
Jul 01 2026 Posted: 11:56 IST

Forbairt an chéad suiteáin dá leithéid in Éirinn a bhuíochas le comhoibriú idir Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe.

Osclaíodh taispeántas nua, Iad Siúd a Tháinig Slán: Scéalta ó Stair Institiúidí Thuama agus na hÉireann i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Is é seo an chéad suiteán músaeim atá dírithe go hiomlán ar na hinstitiúidí Máithreacha agus Naíonán agus ar an tionchar a bhí acu ar shochaí na hÉireann. 

Tugann an taispeántas léargas ar an gcaoi ar caitheadh le máithreacha singile agus a bpáistí in Éirinn, agus aird ar leith á tabhairt ar institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama agus na fadhbanna oidhreachta atá fós i gceist dóibh siúd a tháinig slán.

Agus fócas ar leith sa taispeántas ar an gcion atá déanta ag Catherine Corless ar mhaithe le stair na hÉireann, insítear scéalta 18 nduine a tháinig slán ón institiúid trí thaispeántais fuaime agus amhairc. Tá sraith podchraoltaí curtha i dtoll a chéile freisin a dhéanfaidh éascaíocht don phobal eolas domhain a chur ar scéalta iad siúd a tháinig slán. 

 

Dúirt an staraí Catherine Corless: "Is tionscadal iontach agus ríthábhachtach é seo, cuimhní cinn na ndaoine siúd a tháinig slán as Áras Thuama a bhailiú, scéalta a mbeadh dearmad déanta orthu le himeacht ama murach sin. Foireann dhíograiseach in Ollscoil na Gaillimhe faoi cheannas an Dr Sarah-Anne Buckley atá taobh thiar de Thionscadal Béaloidis Thuama agus cuirfear ar taispeáint anois é i Músaem Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil spás agus am tugtha go fial acu dóibh siúd ar fad a tháinig slán.”

Cruthaíodh an taispeántas i gcomhar le Tionscadal Béaloidis Thuama de chuid Ollscoil na Gaillimhe, atá á stiúradh acu siúd a tháinig slán, faoi cheannas an Dr Sarah-Anne Buckley agus an Dr John Cunningham. Tá fianaise agus déantáin phearsanta eile á mbailiú acu ó 2018 i leith ó dhaoine a tháinig slán ó na hinstitiúidí, óna dteaghlaigh agus ó dhaoine a raibh tionchar díreach ag an stair seo orthu.

Tugtar cuireadh do chuairteoirí blaiseadh a fháil, trí chuntais ó bhéal, grianghraif, cáipéisí agus giuirléidí pearsanta, den taithí a bhí acu siúd a chaith tréimhsí dá saol in institiúid agus den tionchar buan a bhí aige sin ar na glúnta a tháinig ina ndiaidh. 

Is é an taispeántas seo an chéad chomhoibriú idir Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe ó comhaontaíodh meabhrán tuisceana nua chun comhoibriú níos dlúithe idir an dá eagraíocht a éascú. 

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Tá sé oiriúnach go mbeidh áit ag Catherine Corless agus acu siúd a tháinig slán as institiúid Máithreachais agus Naíonán Thuama anois taobh le laochra na Gaillimhe inár músaem cathrach. Tá an-áthas orainn a bheith i mbun comhpháirtíochta le Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an tionscadal seo mar go léiríonn sé a thiomanta is atáimid ár n-oidhreacht chultúrtha a shaibhriú trí dhul i bhfeidhm ar an bpobal agus, ar an gcaoi sin, cabhrú linn go léir ceachtanna a fhoghlaim ón tréimhse dhuairc sin inár stair.

“Tá Muintearas agus Meas ar phéire de chroíluachanna na hollscoile, áit a mbraithfidh gach duine go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh, go bhfuil ceangal acu leis an bpobal agus go bhfuil luach orthu mar chuid dhílis dár bpobal. Meabhraítear dúinn sa taispeántas tiomnaithe seo nach raibh na luachanna sin ann san am a caitheadh agus léiríonn sé a thábhachtaí atá sé go mbeadh deis ag an bpobal foghlaim faoi scéalta na 18 nduine seo a tháinig slán.”

Áireofar sa taispeántas i Músaem Cathrach na Gaillimhe portráidí grianghrafadóireachta díobh siúd a tháinig slán, fianaise phearsanta, taifid fuaime mar aon le cáipéisí cartlainne, agus réada, lena n-áirítear mionsamhail de réir scála d’institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama a chruthaigh Catherine Corless, agus dlaoi ghruaige ón scríbhneoir a tháinig slán, J.P. Rodgers. 

Dúirt Stiúrthóir Gníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, Adam Stoneman: “Tá áthas orainn an taispeántas tábhachtach seo ar institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama, a forbraíodh i ndlúthchomhar le grúpa daoine a tháinig slán trí Thionscadal Béaloidis Thuama, a roinnt leis an bpobal. Tá a bhfuil le rá acu agus a n-eispéiris ríthábhachtach agus muid ag féachaint le teacht ar thuiscint ar an stair chasta seo. Tá músaem in ann a bheith ina ionad machnaimh agus cneasaithe chomh maith le hionad tuisceana, agus is céim thosaigh í an taispeántas seo i dtiomantas fadtéarmach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe chun feasacht agus tuiscint an phobail maidir le stair institiúideach na hÉireann a chothú.”

Beidh an taispeántas ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2026 i bhforhalla an mhúsaeim agus tá sé mar aidhm aige cuairteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a mhealladh. Tabharfaidh 29 grúpa turasóireachta ó na Stáit Aontaithe cuairt ar Ghaillimh le linn na tréimhse sin go sonrach chun an taispeántas a fheiceáil agus chun foghlaim faoi stair na hÉireann. 

Beidh clár cainteanna poiblí, ceardlann agus taispeántas ag gabháil leis an taispeántas. Tuilleadh eolais: GalwayCityMuseum.ie.

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories