Tús le comhpháirtíocht straitéiseach don chultúr agus don oideachas idir an Ollscoil agus an Músaem

Monday, 19 October 2026

Ollscoil na Gaillimhe
Ó chlé: An Dr Sarah-Anne Buckley, Tionscadal Béaloidis Thuama, Ollscoil na Gaillimhe; Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; John Patrick (JP) Rodgers, fear a tháinig slán ó institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama; an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; agus Adam Stoneman, Stiúrthóir Gníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe. Grianghraf: Boyd Challenger

Meallann taispeántas comhoibrithe idir Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe – ‘Scéalta ó na Marthanóirí: Stair Institiúideach Thuama agus na hÉireann’ beagnach 64,000 cuairteoir

Tá comhpháirtíocht straitéiseach nua curtha ar bun ag Ollscoil na Gaillimhe le Músaem Cathrach na Gaillimhe chun comhoibriú ar thionscnaimh oideachais agus chultúrtha ardtionchair.

Ag an ócáid oifigiúil ag ar síníodh an chomhpháirtíocht, bhuail an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe agus Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le daoine a tháinig slán ó institiúid Máithreacha agus Naíonán Thuama chun tuairimí, machnaimh agus aiseolas na gcuairteoirí a bailíodh ag an taispeántas, Scéalta ó na Marthanóirí: Stair Institiúideach Thuama agus na hÉireann a léamh.

Is comhoibriú idir Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe atá sa taispeántas cumhachtach seo a bhí ar siúl idir an 1 Iúil agus an 26 Meán Fómhair 2026. Comhchruthaíodh é i gcomhar le Tionscadal Béaloidis Thuama de chuid Ollscoil na Gaillimhe, atá á stiúradh acu siúd a tháinig slán, agus is é an chéad tionscnamh tiomnaithe músaeim é a dhíríonn ar institiúidí Máithreacha agus Naíonán agus an tionchar a bhí acu ar shochaí na hÉireann. Thug beagnach 64,000 duine cuairt ar an taispeántas.

Bhuail an tUachtarán Burn agus an tUasal Cleary le grúpa turasóirí ó Mheiriceá a thaistil go Gaillimh chun éisteacht lena dtuairimí tar éis dóibh an taispeántas a fheiceáil. Thug 29 grúpa turasóireachta as na Stáit Aontaithe cuairt ar an taispeántas Scéalta ó na Marthanóirí, agus tá pleananna ar bun anois an taispeántas a thabhairt ar camchuairt in 2027.

Chomh maith leis sin, thaistil daoine a tháinig slán ó institiúidí eile go Gaillimh lena dteaghlaigh chun an taispeántas a fheiceáil agus a úsáid mar dheis chun a stair phearsanta féin a phróiseáil. Léirigh an t-aiseolas a fuarthas ag an taispeántas ón mbosca tuairimí cé chomh cumhachtach is atá an taispeántas, ag spreagadh mothúcháin éagsúla lena n-áirítear brón agus fearg mar gheall ar ghníomhartha an Stáit agus institiúidí reiligiúnacha maidir leis an gcaoi ar caitheadh le mná agus naíonáin le linn na tréimhse sin.

Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Tá áthas orainn an chomhpháirtíocht straitéiseach cúig bliana seo a bhunú le Músaem Cathrach na Gaillimhe. Tá naisc láidre chultúrtha, oideachais agus taighde idir Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe agus is iontach an rud é an chomhpháirtíocht chomhoibríoch thábhachtach seo a fhorbairt go foirmiúil.

“Is samplaí iontacha atá i dtaispeántas na hinstitiúide Máithreacha agus Naíonán agus taispeántas Teicneolaíochta Leighis FORDHAONNA i Músaem Cathrach na Gaillimhe den chaoi ar féidir linn lucht féachana i bhfad níos leithne a mhealladh agus dul i ngleic leo tríd an gcomhpháirtíocht chomhchruthaitheach seo a bhfuil tionchar tábhachtach aici ar shaol na ndaoine, agus a shaibhríonn taithí oideachais ár mac léinn agus ár ngníomhaíochtaí taighde ag an am céanna.”

Thar thréimhse cúig bliana 2026-2030, oibreoidh Ollscoil na Gaillimhe agus Músaem Cathrach na Gaillimhe le chéile ar thionscnaimh sna réimsí seo a leanas: Forbairt taispeántas; tionscadail sna daonnachtaí digiteacha; cláir phoiblí; bailiúcháin agus tionscadail oidhreachta; taighde agus foghlaim mac léinn; agus rannpháirtíocht phobail.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá comhoibriú ar siúl idir an Músaem agus an Ollscoil ar go leor tionscnaimh dhearfacha le roinnt blianta, agus cuireann síniú na cáipéise seo leis an obair seo, agus ag an am céanna is éacht tábhachtach nua atá sa chomhpháirtíocht seo, ina bhfuilimid tiomanta do chomhordú straitéiseach agus comhroinnt acmhainní ar leibhéal níos mó.

“Cuireann an síneadh agus an athfhorbairt atá á déanamh ar an músaem, a bhfuil tacaíocht mhór €12.3 milliún faighte ina leith ó Fáilte Ireland, deis iontach ar fáil chun uaillmhianta ár gcomhpháirtíochta leis an Ollscoil a mhéadú, saineolas agus acmhainní a roinnt chun taispeántais, tionscadail agus cláir phoiblí den scoth a chomhchruthú ar mhaithe lenár gcuairteoirí, mic léinn agus an pobal i gcoitinne.”

Cuirfidh an chomhpháirtíocht nua creat ar fáil chun naisc idir an dá pháirtí a neartú chun comhoibriú a dhéanamh ar thionscadail a bhfuil tábhacht straitéiseach chomhroinnte leo.

I measc na dtionscadal i gceist, áirítear iad seo a leanas:

  • Forbairt an Taispeántais FORDHAONNA – Taispeántas soghluaiste a fhorbairt as an taispeántas reatha Teicneolaíochta Leighis i Músaem Cathrach na Gaillimhe, arna fhorbairt i gcomhar le Rinn Medical Devices in Ollscoil na Gaillimhe, a chuireann forbairt na Gaillimhe agus na hÉireann mar mhol Teicneolaíochta Leighis os comhair an phobail.
  • ‘Stair Institiúideach na Gaillimhe a Mhapáil’ – forbairt ar olltaispeántas a bhaineann le stair níos leithne na n-institiúidí i nGaillimh.
  • Clár Comórtha Céad Bliain ar Phádraic Ó Conaire – Pleananna a fhorbairt do chlár rannpháirtíochta poiblí in 2028 chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar an scríbhneora Gaeilge, Pádraic Ó Conaire.
  • Bailiúcháin agus Rochtain Dhigiteach – Deiseanna a aithint maidir le comhoibriú ar chartlanna agus ar dhigitiú a thacaíonn le tionscnaimh sna daonnachtaí digiteacha a úsáideann teicneolaíocht chun oidhreacht chultúrtha a fhiosrú, a léirmhíniú agus a roinnt.
  • Clár Taighde agus Rannpháirtíochta Poiblí – Pléphainéil chomhoibríocha agus imeachtaí rannpháirtíochta pobail, amhail bailiúcháin agus cláir mhúsaeim.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories