Tugann Leabharlann nua Ollscoil na Gaillimhe ómós d’oidhreacht an Dr Karen Guinee

Monday, 12 January 2026

Ollscoil na Gaillimhe
Derek Barrett, an tOllamh Becky Whay, Leas-Uachtarán & Cláraitheoir Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Michael Guinee, Laura Guinee, agus Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile. Creidiúint: Andrew Downes,Xposure.

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe go n-ainmneofar a Leabharlann nua i gcuimhne ar an Dr Karen Guinee, céimí sa leigheas.

Fuair an Dr Karen Guinee bás sa bhliain 2006, go gairid i ndiaidh di a cuid staidéir san Ollscoil a chríochnú. Cuimhnítear uirthi mar alumna cumasach agus tuisceanach a thug faoina cuid oideachais agus oiliúna mar dhochtúir le díograis agus dúthracht.

Déantar an fógra faoi ainmniú Leabharlann an Dr Karen Guinee i ndiaidh dúinn bronntanas daonchairdiúil suntasach a fháil ó Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee, atá ag tacú freisin le bunú scoláireachta nua do mhic léinn leighis i gcuimhne ar an Dr Guinee.

Gabhann Ollscoil na Gaillimhe buíochas ó chroí leis an bhFondúireacht agus déanaimid comhbhrón le muintir Guinee, agus beidh oidhreacht an Dr Karen Guinee beo i gcónaí de bharr an bhronntanais seo.

Dúirt muintir Guinee: “Is cúis mhór bhróid dúinn, muintir Guinee, an fógra faoi ainmniú Leabharlann an Dr Karen Guinee in Ollscoil na Gaillimhe.

Sciobadh Karen uainn go tragóideach beagnach 20 bliain ó shin, seachtain sular bhain sí céim amach mar dhochtúir. D’fhág a bás folús inár saol agus bhain tráma dothuigthe dúinn go léir mar theaghlach.

Bhí Karen thar a bheith gealgháireach, cineálta, grámhar agus comhbhách. Airímid uainn í gach lá agus tuigeann gach duine a raibh aithne acu uirthi an folús atá fágtha ina diaidh aici.

Beidh Leabharlann an Dr Karen Guinee mar chomhartha leanúnach ómóis do Karen. Dúinn féin mar theaghlach, tabharfaidh sé brí níos doimhne dúinn de bheith dá huireasa.

Sna sé bliana a chaith Karen ag déanamh staidéir ar an leigheas in Ollscoil na Gaillimhe, is iomaí uair an chloig a chaith sí sa Leabharlann le cairde, ag roinnt eolais agus á saibhriú féin le smaointe agus pleananna don ghairm bheatha a bhí amach roimpi.

Mar theaghlach, tá súil againn go gcoinneoidh gach mac léinn Karen ina gcuid cuimhní, san áis álainn den chéad scoth, áis a thabharfadh ardú croí do Karen gan dabht.

Fuair Karen bás go hóg, ach maireann a hoidhreacht fós.

Gabhaimid ár mbuíochas ó chroí le Michael Guinee, uncail agus athair baistí Karen, le Fondúireacht Charthanachta Michael Guinee, agus le gach duine in Ollscoil na Gaillimhe a raibh baint acu leis an ainmniú seo.

Go mbeidh sólás againn agus fios againn nach ndéanfar dearmad ar dhuine thar a bheith speisialta choíche."

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Thar ceann phobal Ollscoil na Gaillimhe agus gach duine a bheidh mar chuid den phobal sin amach anseo, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do theaghlach Guinee, agus d’Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee.

Ní mar gheall ar an tragóid a tharla a bhfuil meas á léiriú againn ar an Dr Karen Guinee, ach mar gheall ar an saol a chaith sí. Agus Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe á hainmniú ina diaidh, aithnímid a mianta, a comhbhá agus a tiomantas domhain chun cabhrú le daoine eile. Agus é sin á dhéanamh againn, cuirimid i láthar an domhain mhóir go bhfuilimid ag iarraidh Ollscoil shábháilte, mheasúil agus chuimsitheach a bhaint amach agus tugaimid le fios an cineál pobail agus sochaí atá uainn.

Tá i bhfad níos mó ná foirgneamh i gceist le Leabharlann an Dr Karen Guinee; is oidhreacht í. Áit staidéir agus fionnachtana a bheidh inti, chomh maith le háit ina léireofar teacht aniar agus dóchas.”

            Dúirt an Dr Michael Guinee, Cathaoirleach Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee: “Mar an chéad duine ina teaghlach a chuaigh chuig an ollscoil, ba thuar dóchais í Karen agus an gealladh a bhí fúithi tabhairt faoi ghairm mar dhochtúir. Ba chailliúint mhór domsa mar a hathair baistí a bás agus dá teaghlach, dá cairde agus don phobal a raibh sí i ndiaidh freastal a dhéanamh air cheana féin le cúram agus le dúthracht. Trí Leabharlann nua Ollscoil na Gaillimhe a ainmniú ina diaidh, tá súil agam go mbeimid in ann ómós a thabhairt di, agus glúnta mac léinn amach anseo a spreagadh chun gairm bheatha ardchaighdeáin a bhaint amach ina léireoidh siad dúthracht.”

 Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí Ollscoil na Gaillimhe: “Beidh Leabharlann an Dr Karen Guinee mar spás foghlama agus taighde, inspioráide agus nuálaíochta, comhoibrithe agus machnaimh chiúin – ómós oiriúnach do bhean óg a raibh a saol, cé go raibh sí gearr, lán le cuspóir, croíúlacht agus gealladh. Is mór an onóir dúinn a bheith bainteach leis an gcuimhne sin.”

Tá Leabharlann an Dr Karen Guinee in Ollscoil na Gaillimhe á tógáil faoi láthair i lár champas chathair na Gaillimhe agus beidh sí ina mol lárnach don fhoghlaim, taighde, comhoibriú, agus pobal. Tá radharc ón bhforbairt shuntasach ar Abhainn na Gaillimhe agus is féidir í a fheiceáil ó Bhóthar an Chaisleáin Nua agus ó Dhroichead na gCúig Céad. Gné shuntasach is ea go mbeidh urlár na talún oscailte don phobal i gcoitinne.

Tá an foirgneamh nua thart ar 10,000m2 ar mhéid agus beidh idir 4 agus 6 urlár ann, le 2,244 spás staidéir (méadú suas le 400 ar na spásanna atá ar an gcampas faoi láthair). Tá sé deartha chun foghlaim agus taighde an 21ú haois a chumasú trí spásanna a chur ar fáil d'obair aonair agus d’obair chomhoibritheach agus tacóidh ionad scoláireachta digití agus cúinne cruthaitheachta níos fearr le nuálaíocht, cruthaitheacht agus táirgeadh eolais. Cuirfear “book-bot” i bhfearas, is é sin córas ard-dlúis stórála agus aisghabhála do bhailiúchán leabhar fisiciúil na Leabharlainne. Tacóidh foireann saineolaithe le haistear foghlama na mac léinn ag an deasc chabhrach, an Mol Rathúlachta Foghlama agus an limistéar Teicneolaíochta Cúnta. A bhuí le zón fáilte, ina mbeidh limistéar imeachtaí agus taispeántais, beidh Leabharlann an Dr Karen Guinee ina háit don phobal agus don rannpháirtíocht.

Tá tacaíocht an Rialtais ag an tionscadal chun Leabharlann an Dr Karen Guinee in Ollscoil na Gaillimhe a thógáil freisin le deontas caipitil €15 mhilliún ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoin gCiste Bonneagair Straitéisigh um Ardoideachas (HESIF) agus an tÚdarás um Ard-Oideachas.

Meastar go mbeidh an tógáil tugtha chun críche sa bhliain 2027.

Tá tacaíocht dhaonchairdiúil bhreise curtha ar fáil go fial do thógáil Leabharlann an Dr Karen Guinee ag grúpa ceannródaíoch alumni agus ag deontóirí aonair eile, agus ag lucht tacaíochta corparáide lena n-áirítear CBE agus Anthony Ryan Ltd.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories