Fiosraigh do Roghanna ag Lá Oscailte Fochéime Ollscoil na Gaillimhe

Mar 18 2025 Posted: 12:02 GMT

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do mhic léinn ionchasacha, tuismitheoirí agus múinteoirí chuig a Lá Oscailte chun deis a thabhairt dóibh blaiseadh a fháil de shaol na hollscoile.

Beidh an imeacht ar siúl Dé Sathairn, an 22 Márta ón 9am go dtí 3pm agus beidh ceithre spás taispeántais ann ar fud an champais; breis agus 80 caint faoi chúrsaí agus ábhair ar leith; eolas faoi chúrsaí lóistín agus gairmeacha, agus seastáin ag a mbeidh deis labhairt le léachtóirí agus le mic léinn reatha.

Cuireann Ollscoil na Gaillimhe os cionn 60 fochéim ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Leigheas, Altranas agus Cnáimhseachas, Eolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin. Tugann breis agus 90% de na cúrsaí deis do mhic léinn tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear chun a chinntiú go mbeidh céimithe réidh don ionad oibre, agus tóir orthu ag fostóirí sa bhaile agus thar lear.

Gné speisialta de lá oscailte an Earraigh 2025 is ea rochtain a bheith ar fáil ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaí dá bhfuil ag an Ollscoil, agus taithí phraiticiúil a fháil orthu, lena n-áirítear:

  • Iad siúd ar spéis leo tabhairt faoi chúrsa leighis ag fáil deis taithí phraiticiúil a fháil le scileanna cliniciúla, cosúil le bheith ag éisteacht le fuaimeanna an chroí nó na scamhóg, nó an tsúil agus an chluas a scrúdú le hoiliúnóirí digiteacha le háiseanna ionsamhlúcháin cúraim sláinte den chéad scoth.  
  • Is féidir leo siúd ar spéis leo cúrsaí Dlí cuairt a thabhairt ar Chúirt Bhréige Scoil an Dlí ina n-athchruthaítear éispéireas an tseomra cúirte. Ní mór clárú ag Seastán 45 sa Zón Oráiste roimh ré.
  • Tabharfaidh Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta cuairteoirí ar thurais ar Áras iontach na hInnealtóireachta. Cuirfear tús leis na turais sin i bhforhalla an Zóin Ghlais.
  • Ba cheart do mhic léinn a bhfuil spéis acu san Fhisic clárú ag Seastán 16 sa Zón Corcra le haghaidh turas spreagúil ar na saotharlanna fisice.
  • Ábhar spéise dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí mara is ea an raon trealaimh agus feithiclí a úsáidtear chun taighde úrscothach muireolaíochta a dhéanamh a bheidh ar taispeáint lasmuigh d'Áras Mháirtín Uí Riain.
  • Níor cheart d'aon duine atá i mbun machnaimh ar chúrsa drámaíochta a dhéanamh an Máistir-Rang Drámaíochta a bheidh ar siúl ag 1pm a chailleadh, ná an turas ar Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú. San Fhorhalla sa Zón Gorm a thosóidh an turas ag 11:30am.
  • Beidh lucht cóitseála agus lúthchleasaithe na hOllscoile ar fáil chun labhairt le daoine faoi scoláireachtaí agus faoinár n-áiseanna den scoth. Beidh sonraí ar fáil sa Zón Oráiste.

Ní turais agus cainteanna amháin atá i gceist le Lá Oscailte an Earraigh 2025. Beidh deis ag mic léinn chomh maith an lóistín do mhic léinn ar an gcampas a fheiceáil, agus blaiseadh a fháil de shaol an mhic léinn. Tá caint speisialta ann do Thuismitheoirí ag 11:30am ina dtabharfar leideanna faoin gcaoi is fearr tacú le do pháiste agus iad ag aistriú go saol na hollscoile.

            Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: "Féachann ár laethanta oscailte le deis phraiticiúil a thabhairt do dhaoine a bhfuil i gceist le saol na hollscoile a fheiceáil, agus eolas a fháil ar na deiseanna iontacha atá ag mic léinn. Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain, agus i measc an 100 is fearr san Eoraip. Agus anuas air sin táimid sa chéad áit in Éirinn, agus sa 34ú háit ar domhan, ó thaobh tionchar dáiríre a imirt ar dhúshláin dhomhanda. An rud is fearr faoinár Lá Oscailte go bhfuil ár léachtóirí, ár gcomhaltaí foirne agus ár gcuid mac léinn ar fáil chun fáilte a chur romhat, do chuid ceisteanna a fhreagairt agus cabhrú leat an bealach chun cinn a shoiléiriú duit. Buail isteach mar sin, bí ag foghlaim agus seans go bhfaighidh tú inspioráid."

Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityogfgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories