Leas-Uachtarán Idirnáisúnta Ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

Alex Metcalfe
Mar 14 2025 Posted: 09:32 GMT

Tá Alex Metcalfe ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe mar Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta Eatramhach.

Is céimí de chuid King’s College, Londain, an tUasal Metcalfe agus tá tréimhsí caite aige cheana féin mar Stiúrthóir Idirnáisiúnta in Ollscoil Newcastle sa Ríocht Aontaithe agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach, agus an ceapachán á fhógairt aici: “Is príomhghné dár straitéis agus dár n-uaillmhianta an t-idirnáisiúnú le go mbeimid in ann taighde den scoth a chur i gcrích agus oideachas ar shárchaighdeán a chur ar fáil mar ollscoil idirnáisiúnta. Tá dea-cháil ar Alex as a cheannasaíocht ar fhoirne ardfheidhmíochta agus é ag tacú leo le hearcaíocht mac léinn idirnáisiúnta, caidreamh idirnáisiúnta, comhpháirtíochtaí domhanda, soghluaisteacht mac léinn agus foirne agus le heispéireas dearfach idirnáisiúnta na mac léinn. Táimid ag súil le bheith ag obair leis agus tacú lena fhís agus leis an treoir a thabharfaidh sé dár bhfás, dár n-éagsúlú agus dár n-uaillmhianta agus muid ag tnúth le barr feabhais a bhaint amach sa réimse seo.”

Tá céim sa Tíreolaíocht ó King's College, Londain ag Alex Metcalfe agus cáilíocht iarchéime aige i Margaíocht an Oideachais Idirnáisiúnta.

Dúirt an tUasal Metcalfe: “Is mór an phribhléid dom é glacadh le ról an Leas-Uachtaráin Idirnáisiúnta Eatramhach ag an staid seo agus Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh comóradh ar na 180 bliain ó bunaíodh í agus í ag féachaint roimpi don todhchaí ina bhfuil deiseanna agus comhpháirtíochtaí domhanda ar féidir iad a thairiscint agus a fhorbairt do mhic léinn, taighdeoirí agus d’acadóirí.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories