Monday, 4 November 2024

University of Galway is inviting prospective postgraduate students to its open evening to learn more about their options for further study.   The event is also hosted on campus to allow would-be postgrads to avail of the opportunity to meet with academics and professional services to get an insight into life at the University.   The ‘Find Your Masters’ event takes place on Tuesday November 12, 2024 from 4-6pm in the Bailey Allen Hall, Áras na Mac Léinn.   Caroline Duggan, Head of Undergraduate and Postgraduate Recruitment, University of Galway, said: “Our postgraduate open evening is key for those who want to broaden their skill-sets, increase their specialist knowledge, future proof their career, build their professional network, and ultimately improve their career prospects. Almost half of the people applying to our postgraduate courses are not recent graduates, they are returning to study or upskilling for their current job.   “The value of a postgraduate qualification is proven in terms of future proofing your career, improving employability and career progression, increasing lifetime earnings, and many of our courses also offer opportunities for placement and internships.”   University of Galway offers more than 200 postgraduate courses across a range of subjects including Humanities, Business, Law, Engineering, Science and Computer Science, Nursing, and Medicine and Health Sciences. The open evening is an informal networking event. It is a showcase of the suite of full-time and part-time postgraduate programmes available, including taught and research masters, as well as doctoral research options. Flexible, online, and blended learning options are also on offer.  Academic staff will be available to meet prospective students to discuss study opportunities, entry requirements and career paths and postgraduate support staff will be on hand to discuss applications, admissions, scholarships and fees.   As part of University of Galway’s strategic focus on recognising excellence and success, EU students with first class honours in their undergraduate degree are eligible to apply for a €1,500 scholarship towards their taught master’s degree at the University. Visitors to the event can find out more about this and other scholarship schemes, fees, funding, and careers. Booking in advance is recommended and is available at www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day   Ends

Monday, 4 November 2024

Tugtar cuireadh do mhic léinn iarchéime ionchasacha teacht chuig oíche oscailte chun tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil maidir le staidéar breise. Reáchtáiltear an ócáid ar an gcampas chun deis a thabhairt freisin do mhic léinn atá sa bhliain deiridh dá gcéim an deis a thapú bualadh leis an lucht acadúil agus leis na seirbhísí gairmiúla chun léargas a fháil ar an saol san Ollscoil. Beidh an ócáid ‘Aimsigh do Chlár Máistreachta’ ar siúl Dé Máirt, an 12 Samhain ó 4-6pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn. Bhí an méid seo le rá ag Caroline Duggan, an Ceannasaí Earcaíochta Fochéime & Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an oíche oscailte iarchéime ríthábhachtach dóibh siúd ar mian leo a scileanna a leathnú, a gcuid saineolais a mhéadú, a ngairm bheatha a chinntiú amach anseo, a líonra gairmiúil a fhorbairt, agus a ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú i ndeireadh na dála. I gcás beagnach leath díobh siúd a chuireann isteach ar ár gcúrsaí iarchéime, tá céim bainte amach acu píosa ó shin agus iad anois ag filleadh ar an staidéar nó ag tabhairt faoi bhreisoiliúint dá bpost reatha. “Tá an luach a bhaineann le cáilíocht iarchéime cruthaithe i dtéarmaí gairm bheatha a chinntiú amach anseo, infhostaitheacht agus dul chun cinn gairme a fheabhsú, tuilleamh saoil a mhéadú, agus cuireann go leor dár gcúrsaí deiseanna socrúcháin agus intéirneachtaí ar fáil freisin.” Tá níos mó ná 200 cúrsa iarchéime á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe sna Daonnachtaí, Gnó, Dlí, Innealtóireacht, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht, Altranas, agus Leigheas agus na hEolaíochtaí Sláinte. Is ócáid líonraithe neamhfhoirmiúil atá san oíche oscailte. Beidh eolas le fáil faoi chláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, agus roghanna taighde dochtúireachta. Tá roghanna foghlama solúbtha, ar líne agus cumaisc ar fáil freisin.  Beidh cuid den fhoireann acadúil ar fáil chun bualadh le mic léinn ionchasacha chun deiseanna staidéir, riachtanais iontrála agus conairí gairme a phlé agus beidh cuid den fhoireann tacaíochta iarchéime ar fáil chun iarratais, iontrálacha, scoláireachtaí agus táillí a phlé.   Mar chuid den fhócas straitéiseach atá ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt d’fheabhas agus do rathúlacht, tá mic léinn de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach acu ina mbunchéim i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht €1,500 i dtreo a gcúrsa máistreachta múinte san Ollscoil. Is féidir le lucht freastail na hócáide tuilleadh eolais a fháil faoi seo agus faoi scéimeanna scoláireachta eile, táillí, maoiniú agus gairmeacha beatha. Moltar áit a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day. Críoch  


Featured Stories