Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh agus breis agus 3,300 duine ag fáil a gcéime ag na searmanais bhronnta

Wednesday, 20 November 2024

Ollscoil ns Gaillimhe
Ó chlé, Evan Kenny agus Niall Fitzgerald. Grianghraf tógtha ag Andrew Downes, XPOSURE

Dámhachtainí Oinigh le bronnadh ar dheichniúr daoine clúiteacha

Beidh breis agus 3,300 mac léinn ag filleadh ar an gcampas chun go mbronnfar a gcáilíocht acadúil orthu ag searmanais bhronnta an gheimhridh in Ollscoil na Gaillimhe.

Cuirfear tús leis an gceiliúradh ar an gcampas inniu agus leanfar leis go dtí Dé Céadaoin, an 27 Samhain.

I rith na seachtaine freisin bronnfaidh an Ollscoil céimeanna oinigh ar an deichniúr seo a leanas mar aitheantas as a bhfuil bainte amach acu agus as an obair atá déanta acu:

  • Martin Griffiths, Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe le haghaidh Gnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandála – Dochtúir le Dlíthe
  • Tony Connelly, iriseoir agus údar, agus Eagarthóir Eorpach Nuacht RTÉ – Dochtúir le Litríocht
  • Keith Finnegan, craoltóir agus iarláithreoir an chláir Galway Talks ar Galway Bay FM – Dochtúir le Litríocht
  • Dolores Keane, amhránaí tíre Éireannach den stíl thraidisiúnta a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi – Dochtúir le Ceol
  • An tOllamh Paul Yock agus an Dr Joshua Makower, bunaitheoirí Stanford Biodesign a thug tacaíocht do bhunú BioInnovate Ireland – Dochtúir le hEolaíocht
  • Owen Reidy, Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) – Dochtúir le Dlíthe
  • An Dr Éanna Ní Lamhna, luibheolaí agus feithideolaí, láithreoir agus craoltóir – Dochtúir le hEolaíocht
  • Marina Fiddler agus Tara Nic Dhiarmada, bunaitheoirí MADRA – Mutts Anonymous Dog Rescue and Adoption – Dochtúir le Dlíthe     

           Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Tá lúcháir orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt don ghrúpa daoine eisceachtúla seo, agus an gradam seo a bhronnadh orthu agus muid ag déanamh ceiliúradh chomh maith ar a bhfuil bainte amach ag 3,350 mac léinn dár gcuid i gceithre Choláiste na hOllscoile. Tréaslaím leis na daoine clúiteacha seo ar fad, agus beimid ag teacht le chéile mar phobal ollscoile le hómós a léiriú dóibh sin, agus do na daoine a bhfuil a gcéim le bronnadh orthu, ag searmanais bhronnta an gheimhridh. Is ócáidí iad seo a bhfuil tábhacht leo. Meabhraíonn siad dúinn go léir an chúis a bhfuilimid ann agus an méid a dhéanaimid ar son mhic léinn na hOllscoile seo.”

            Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as a gcéim a bhaint amach. Is léiriú é ar a gcumas, a saothar agus a ndúthracht le blianta fada. Ba mhaith liom freisin comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine eisceachtúla a mbronnfar céimeanna oinigh orthu. Tá a chion féin déanta ag gach céimí oinigh díobh sna réimsí éagsúla seo a leanas: forbairt pobail, an saol poiblí, cultúr agus taibhiú, cearta an duine, agus taighde. Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe tá áthas orm ómós a léiriú dóibh as a bhfuil bainte amach acu.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2024 le fáil ag 

https://www.universityofgalway.ie/conferring/

 

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back


Featured Stories