Deiseanna staidéir iarchéime á gcur i láthair ag oíche oscailte in Ollscoil na Gaillimhe

Monday, 4 November 2024

Quad

Tugtar cuireadh do mhic léinn iarchéime ionchasacha teacht chuig oíche oscailte chun tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil maidir le staidéar breise.

Reáchtáiltear an ócáid ar an gcampas chun deis a thabhairt freisin do mhic léinn atá sa bhliain deiridh dá gcéim an deis a thapú bualadh leis an lucht acadúil agus leis na seirbhísí gairmiúla chun léargas a fháil ar an saol san Ollscoil.

Beidh an ócáid ‘Aimsigh do Chlár Máistreachta’ ar siúl Dé Máirt, an 12 Samhain ó 4-6pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn.

Bhí an méid seo le rá ag Caroline Duggan, an Ceannasaí Earcaíochta Fochéime & Iarchéime, Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an oíche oscailte iarchéime ríthábhachtach dóibh siúd ar mian leo a scileanna a leathnú, a gcuid saineolais a mhéadú, a ngairm bheatha a chinntiú amach anseo, a líonra gairmiúil a fhorbairt, agus a ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú i ndeireadh na dála. I gcás beagnach leath díobh siúd a chuireann isteach ar ár gcúrsaí iarchéime, tá céim bainte amach acu píosa ó shin agus iad anois ag filleadh ar an staidéar nó ag tabhairt faoi bhreisoiliúint dá bpost reatha.

“Tá an luach a bhaineann le cáilíocht iarchéime cruthaithe i dtéarmaí gairm bheatha a chinntiú amach anseo, infhostaitheacht agus dul chun cinn gairme a fheabhsú, tuilleamh saoil a mhéadú, agus cuireann go leor dár gcúrsaí deiseanna socrúcháin agus intéirneachtaí ar fáil freisin.”

Tá níos mó ná 200 cúrsa iarchéime á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe sna Daonnachtaí, Gnó, Dlí, Innealtóireacht, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht, Altranas, agus Leigheas agus na hEolaíochtaí Sláinte.

Is ócáid líonraithe neamhfhoirmiúil atá san oíche oscailte. Beidh eolas le fáil faoi chláir iarchéime lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá á dtairiscint, lena n-áirítear máistreachtaí múinte agus taighde, agus roghanna taighde dochtúireachta. Tá roghanna foghlama solúbtha, ar líne agus cumaisc ar fáil freisin. 

Beidh cuid den fhoireann acadúil ar fáil chun bualadh le mic léinn ionchasacha chun deiseanna staidéir, riachtanais iontrála agus conairí gairme a phlé agus beidh cuid den fhoireann tacaíochta iarchéime ar fáil chun iarratais, iontrálacha, scoláireachtaí agus táillí a phlé.  

Mar chuid den fhócas straitéiseach atá ag Ollscoil na Gaillimhe maidir le haitheantas a thabhairt d’fheabhas agus do rathúlacht, tá mic léinn de chuid an AE a bhfuil céadonóracha bainte amach acu ina mbunchéim i dteideal iarratas a dhéanamh ar scoláireacht €1,500 i dtreo a gcúrsa máistreachta múinte san Ollscoil. Is féidir le lucht freastail na hócáide tuilleadh eolais a fháil faoi seo agus faoi scéimeanna scoláireachta eile, táillí, maoiniú agus gairmeacha beatha.

Moltar áit a chur in áirithe roimh ré agus is féidir é sin a dhéanamh ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day.

Críoch

 

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories