-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Léann an Aistriúcháin (Teastas Iarchéime)
Course Overview
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfidh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith maidir le cúrsaí stíle, téarmaíochta agus eagarthóireachta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, oireann an cúrsa seo go paiteanta do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Tá gach mac léinn a chláraíonn ar an gcúrsa seo i dteideal scoláireacht a fháil. Moltar don iarratasóir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa chun breis eolais a fháil faoi na deiseanna seo.
Applications and Selections
Déan iarratas ag www.universityofgalway.ie/postgraduateapplications.
Who Teaches this Course
Requirements and Assessment
Key Facts
Entry Requirements
Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumasi scríobh na Gaeilge a léiriú.
.
Additional Requirements
Recognition of Prior Learning (RPL)
Duration
Bliain amháin nó dhá bhliain
Next start date
Meán Fómhair 2025
A Level Grades ()
Average intake
20
QQI/FET FETAC Entry Routes
Closing Date
Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí
NFQ level
Mode of study
ECTS weighting
Award
CAO
Course code
TIAR-LEA
Course Outline
Déantar na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge ar an gcúrsa seo. Ina theannta sin, cuirtear príomh-mhíreanna gramadaí na Gaeilge i láthair na mac léinn ó thús go deireadh. Dírítear ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil agus téitear i ngleic leis na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil.
Ó tharla go bhfuil deiseanna den scoth anois in Éirinn agus san Eoraip dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aistriúcháin nó teanga acu, tá an cúrsa iarchéime seo ina cháilíocht an-phraiticiúil dóibh siúd ar mian leo a bheith ina n-aistritheoirí gairmiúla. Chuige sin, dírítear ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta is riachtanaí lena linn chun gabháil le ceird an aistriúcháin.
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.
Year 1 (30 Credits)
RequiredLT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)
LT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)
Semester 1 | Credits: 5
Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de ghramadach agus de chomhréir na Gaeilge. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán cuí iarchéime le cúnamh na teicneolaíochta cuí;
- Cuir chuige éagsúla a chur i bhfeidhm agus téacsanna faoi leith á n-aistriú;
- Anailís a dhéanamh ar na cuir chuige dhifriúla a bhaineann le téacs a aistriú;
- Na dúshláin a bhaineann le téacs a aithint, a phlé agus a shárú;
- Gnéithe suntasacha de chomhréir na Gaeilge a aithint, a phlé agus a cheartúsáid;
- Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn aistritheoirí gairmiúla a úsáid;
- Uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe a úsáid chun cáipéisí a aistriú.
Assessments
- Continuous Assessment (50%)
- Department-based Assessment (50%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
Publisher: The Educational Company of Ireland - "Studies in Modern Irish 2" by Gerald Ó Nóláin
Publisher: Educational Company of Ireland - "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
Publisher: Coiscéim - "Lorg an Bhéarla" by Seán Mac Maoláin
Publisher: An Gúm
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredLT6101: An Caighdeán Oifigiúil
LT6101: An Caighdeán Oifigiúil
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Pléifear sa mhodúl seo le stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil. Scrúdófar na tréithe is suntasaí den Chaighdeán mar bhunchloch do chóras gramadaí na Gaeilge. Déanfar anailís ar Chaighdeán Oifigiúil 1958 agus na hathruithe atá tagtha ar an gCaighdeán le teacht i bhfeidhm CO 2017.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Cuntas a thabhairt ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil.
- Feidhm reatha an Chaighdeáin Oifigiúil a mheas.
- Na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil a mhíniú.
- An Caighdeán Oifigiúil a úsáid de réir mar is cuí agus spriocthéacsanna aistriúcháin á n-ullmhú.
Assessments
- Continuous Assessment (60%)
- Department-based Assessment (40%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" by Tithe an Oireachtais 2016
ISBN: 9781406429183.
Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredLN6111: Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge
LN6111: Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Féachfar sa mhodúl seo ar chomhréir na Gaeilge agus go háirithe ar ghnéithe de chomhréir agus de ghramadach na Gaeilge nach bpléitear sna leabhair ghramadaí de ghnáth. Déanfar iarracht dul i ngleic le comhréir aduain atá ag sleamhnú isteach sa Ghaeilge.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
- Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
- Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
- An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.
Assessments
- Continuous Assessment (50%)
- Department-based Assessment (50%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
Publisher: The Educational Company of Ireland - "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
Publisher: Coiscéim
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredLT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)
LT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)
Semester 2 | Credits: 5
Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn san aistriúchán ginearálta agus teicniúil go Gaeilge. Sa mhodúl seo díreofar ar chineálacha téacsanna níos teicniúla ná mar a pléadh in Aistriúchán Téacsanna I. Tabharfar eolas do na mic léinn ar ghairm agus ar ghnó an aistritheora ghairmiúil agus tabharfar spléachadh ar ghnéithe de theoiric an aistriúcháin. Tabharfar na scileanna sin a shealbhaigh na mic léinn in Aistriúchán Téacsanna I chun barr feabhais le cleachtaí ranga ionas go bhfaighidh na mic léinn taithí chuimsitheach agus máistreacht ar an bpróiseas aistriúcháin atá i gceist.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán an aistritheora ghairmiúil.
- Breithmheas a thabhairt ar na straitéisí éagsúla atá ann le tabhairt faoi aistriúchán ar chineálacha éagsúla téacsanna agus na straitéisí sin a chur i bhfeidhm san obair fheidhmeach.
- Dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le téacs aistriúcháin, lena n-áirítear na dúshláin shonrach a bhaineann le téacs a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
- Meastóireacht a dhéanamh ar théacsanna aistrithe.
Assessments
- Continuous Assessment (50%)
- Department-based Assessment (50%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
Publisher: Cois Life - "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M.
Publisher: Cois Life - "Maidir le do Litir" by Daltún, S.
Publisher: An Gúm - "Introducing Translation Studies, Theories and Applications" by Munday, J.
Publisher: Routledge - "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.
Publisher: Oifig an tSoláthair - "Basic Concepts and Models for Interpreter and Translator Training" by Gile, D.
Publisher: John Benjamins Publishing Company - "Exploring Translation Theories" by Pym, A.
Publisher: Routledge - "Translating Ireland: Translation, Languages and Cultures" by Cronin, M.
Publisher: Cork University Press - "Ó Bhéarla go Gaeilge" by Mac Lochlainn, A.
Publisher: Cois Life - "Cruinneas" by Mac Lochlainn, A.
Publisher: Coie Life
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Why Choose This Course?
Career Opportunities
Deiseanna Gairme
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit.
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Transferable Skills Employers Value
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Find out More
Tomás Ó Maolalaidh
F: +353 91 492 734
R: aistriu@ollscoilnagaillimhe.ie