Course Overview

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den aistriúchán a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil in earnáil an aistriúcháin. Tabharfar léargas do na mic léinn ar shainghnéithe den aistriúchán. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha, an aistriúcháin reachtaíochta, an aistriúcháin téacsleabhar, an aistriúcháin fotheidealúcháin agus na heagarthóireachta. Ina theannta sin, beidh modúil ina gcíorfar téacsanna aistriúcháin ó Fhraincis go Gaeilge ar fáil mar chuid den chlár. Cuirfear na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu i láthair na mac léinn—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe agus fotheidealúcháin ina measc.

Is féidir le mic léinn an MA (Léann an Aistriúcháin) cur isteach ar Sparánacht Choilm Uí Eocha; féach: www.universityofgalway.ie/postgraduate_scholarships/.

 

 

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar line.

 

Who Teaches this Course

  • Séamus Ó Coileáin MPhil
  • Eoin Ó Droighneáin MA
  • An Dr Rose Ní Dhubhda
  • Tomás Ó Maolalaidh MA

Requirements and Assessment

Iarrtar ar gach iarratasóir ráiteas pearsanta c.500 focal a scríobh. 

Follow us on Twitter