-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Diop)
MA/Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies- Title of Award
- Master of Arts / Dioplóma Iarchéime
- Course Code
- MA-MEAL-CGM; Diop-DIAR-CGM
- Average Intake
- 15
- Delivery
- On Campus
- NFQ
- Level 9
- Award Type
- Major
- Next Intake
- September 2026
- Duration
- 1 year, full-time I 2 years, part-time
- ECTS Weighting
- 90
Why Choose This Course?
Course Information
Aidhm an chláir:
Cumasc tomhaiste den staidéar acadúil agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe a chur ar fáil sna meáin agus i gcrúthu ábhair a chuirfidh ar chumas céimithe an chláir feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sna meáin chumarsáide chomhaimseartha agus cur lena gcumas i gcumarsáid na Gaeilge.
Cuspóirí an chláir:
- Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
- Foghlaim ó thaithí a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúil oibreoirí na meán agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúil sna meáin chomhaimseartha.
- Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na scoláirí mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
- Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge.
Torthaí foghlama an chláir:
Ar chríoch an chláir beidh céimithe in ann:
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna meán agus ar ról na meán sa tsochaí;
- Machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar choincheapa scéalaíochta agus ábhair;
- Léargas grinn a thabhairt, agus anailís chriticiúil a dhéanamh, ar chleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán;
- Ceisteanna eitice sna meáin chomhaimseartha a scrúdú agus a phlé go húdarásach;
- Dioscúrsaí éagsúla a chur i láthair, a scrúdú, a cheistiú agus a phlé go paiteanta agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge;
- Inniúlacht ar scileanna iriseoireachta, craoltóireachta agus cruthú ábhair a léiriú;
- Tionscadal taighde féinstiúrtha a phleanáil, a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i gcrích.
Reáchtálfar an clár léinn ar bhonn lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin agus ar bhonn páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Reáchtálfar an clár múinte (Seimeastar 1 & 2) ar phríomhchampas Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh agus beidh tréimhsí foghlama ar an láthair oibre ag deireadh seimeastar 1 agus 2 leis an gcraoltóir náisiúnta poiblí RTÉ.
Croímhodúil:
Tugann croímhodúil an chúrsa forléargas do na scoláirí ar na príomhréimsí acadúla agus scile a bhaineann le hearnáil na Cumarsáide chomh maith le dhá thréimhse foghlama in RTÉ. Clúdaítear na croímhodúil seo i seimeastar 1 agus 2.
- Na Meáin agus a Luchtanna Féachana
- Scriptscríbhneoireacht don Scáileán
- Eiticí agus Litearthacht na Meán
- Cruinnscríobh na Gaeilge
- An Caighdeán Oifigiúil
- Foghlaim ar an Láthair
- Cruthú Ábhair
- Nuálaíocht, Geilleagar agus Rialú na Meán.
- Modheolaíochtaí Taighde Comhaimseartha
An tionscadal taighde féinstiúrtha:
Ar chríochnú an chláir mhúinte go sásúil dóibh, is féidir le scoláirí Dioplóma Iarchéime i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint amach, nó is féidir leo dul ar aghaidh agus MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a bhaint amach trí Thionscadal Taighde Féinstiúrtha a chur i gcrích le linn an tSamhraidh.
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.
Year 1 (90 Credits)
RequiredCU6107: Foghlaim ar an Láthair Oibre
CU6107: Foghlaim ar an Láthair Oibre
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Modúl a chuireann tréimhse foghlaim ar an láthair oibre ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúil iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúil sna meáin chomhaimseartha.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Na scileanna/eolas a forbraíodh le linn dóibh a bheith i mbun foghlama ar an láthair oibre a aithint.
- Bearnaí i scileanna/eolais a aithint agus pleanáil i dtreo iad a líonadh
- An taithí a fuarthas le linn na tréimhse fhoghaim ar an láthair a cheangal le clár léinn an chúrsa.
Assessments
- Department-based Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Media Production" by David Hesmondhalgh (Ed.)
Publisher: Open University Press
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredLT101: Cruinnscríobh na Gaeilge I
LT101: Cruinnscríobh na Gaeilge I
Semester 1 | Credits: 10
Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga.
Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán na scríbhneoireachta agus tríd an aistriúchán. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn.
Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí atá de dhíth chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Anailís a dhéanamh ar na saintréithe a bhaineann le córas gramadaí na Gaeilge;
- Córas gramadaí na Gaeilge a chur chun feidhme ar mhaithe le téacsanna cruinne Gaeilge a scríobh;
- Anailís a dhéanamh ar ról an Chaighdeáin Oifigiúil i gceartscríobh na Gaeilge;
- Anailís a dhéanamh ar na dúshláin agus na cúinsí faoi leith a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga scríofa;
- Úsáid a bhaint as na príomhuirlisí agus na príomhfhoinsí atá riachtanach d’fhonn ardscileanna scríofa a bhaint amach.
- Machnamh a dhéanamh ar an phróiseas foghlama gramadaí, ar na deacrachtaí a bhíonn acu le míreanna gramadaí faoi leith agus ar na seifteanna éagsúla a úsáideann siad chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.
Assessments
- Continuous Assessment (50%)
- Department-based Assessment (50%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
- AINE NIC NIALLAIS 🖂
- CASSIE NÍ CHATHASAIGH 🖂
- FIONA NÍ CHUALÁIN 🖂
- LISA NI FHLATHARTA 🖂
- BELINDA MCHALE 🖂
Reading List
- "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí" by Ó hAnluain, L.A.
Publisher: An Gúm - "Gramadach gan Stró!" by Ó Dónaill, É.
Publisher: Gaelchultúr - "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
Publisher: Cois Life - "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" by Rannóg an Aistriúcháin
Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU125: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha
CU125: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha
15 months long | Credits: 30
Tá sé mar aidhm ag an modúl seo na mic léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus a phleanáil, taighde a dhéanamh air agus é a chur i gcrích laistigh de spriocanna ama soiléire. Chuige sin, tabharfaidh na mic léinn faoi thionscadal taighde i réimse an chláir iarchéime, le comhairle ó dhuine ainmnithe d'fhoireann an chláir. Cuirfear an ghné seo den chlár i láthair i bhfoirm tráchtais (18,000-20,000 focal), nó mar thionscadal feidhmeach praiticbhunaithe, laistigh de théarmaí tagartha an chláir.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Breithmheas a thabhairt ar mhodhanna taighde agus/nó ar mhodhanna léirithe éagsúla agus cinn oiriúnacha a roghnú don tionscadal atá idir lámha acu
- Tionscadal taighde ábhartha do réimse an chláir iarchéime a phleanáil, a thionscnamh, agus a chur i gcrích.
- Toradh an imscrúdaithe sin a chur i láthair i bhfoirm cuí.
- Anailís chriticiúil a dhéanamh ar na dioscúrsaí eiticiúla a bhaineann le taighde i réimse an chláir.
Assessments
- Research (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
- SEAN BREATHNACH 🖂
- DAN DWYER 🖂
- ODHARNAIT NI CHEILLEACHAIR 🖂
- NORITA NÍ CHARTÚIR 🖂
- GEARÓIDÍN UÍ LOIDEÁIN 🖂
- GEARÓID Ó CADHAIN 🖂
- AODH Ó COILEÁIN 🖂
- CARMEL NÍ BHRIAIN 🖂
- SÉAMUS F. Ó BRIAIN 🖂
- FIONN O SEALBHAIGH 🖂
Reading List
- "Screen Production Research: Creative Practice as a Mode of Enquiry" by Craig Batty,Susan Kerrigan
ISBN: 9783319628370.
Publisher: Springer - "Qualitative researching" by Jennifer Mason
ISBN: 9780761974284.
Publisher: Sage Publications Ltd - "Research Methods" by Patrick McNeill,Steve Chapman
ISBN: 0415340756.
Publisher: Psychology Press - "Action Research and Reflective Practice" by Paul McIntosh
ISBN: 9780203860113.
Publisher: Routledge - "Social Research Methods" by Alan Bryman
ISBN: 0199264465.
Publisher: Oxford University Press, USA - "Interviews in Qualitative Research" by Nigel King,Christine Horrocks
ISBN: 9781412912570.
Publisher: SAGE Publications - "SAGE Quantitative Research Methods" by W Paul Vogt
ISBN: 9781848606999.
Publisher: SAGE
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU107: Scriptscríbhneoireacht don Scáileán
CU107: Scriptscríbhneoireacht don Scáileán
Semester 1 | Credits: 5
Sa mhodúl seo breathnófar ar straitéisí athchóirithe agus struchtúr na scéalaíochta don scáileán; pléifear struchtúr na hinsinte agus tabharfar léargas ar an gceangal atá idir an mhiotaseolaíocht agus an scéalaíocht i scannán.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Ar chríoch an mhodúil seo beidh an mac léinn in ann: Iniúchadh a dhéanamh ar an gceangal atá idir an mhiotaseolaíocht agus an scéalaíocht ar an scáileán.
- Struchtúr atá in oiriúint don scáileán a chur ar smaointe atá nuachruthaithe.
- Cíoradh a dhéanamh ar sheánraí agus ar mhodhanna inste atá in oiriúint don scáileán.
- Bogearra scripte a chleachtadh.
Assessments
- Department-based Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "The Writer's Journey" by Christopher Vogler
ISBN: 9781932907360.
Publisher: Michael Wiese - "The Anatomy of Story" by John Truby
ISBN: 9780865479517.
Publisher: North Point Press - "Screenplay" by Syd Field
ISBN: 9780385339032.
Publisher: National Geographic Books - "Visual Communication: Images with Messages" by Paul Martin Lester
ISBN: 9781133308645.
Publisher: Cengage Learning - "Ó Chleamairí go Ceamaraí: drámaíocht agus taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil." by Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí, Pádraig Ó Liatháin
ISBN: 978-1-9196013.
Publisher: Cló Léann na Gaeilge - "The Art of Dramatic Writing" by Lajos Egri
ISBN: 9789562915861.
Publisher: www.bnpublishing.com - "Story" by Robert McKee
ISBN: 0060391685.
Publisher: Harper Collins
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU113: Eiticí agus Litearthacht na Meán
CU113: Eiticí agus Litearthacht na Meán
Semester 1 | Credits: 5
(Language of instruction: Irish)
Assessments
- Department-based Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
The above information outlines module CU113: "Eiticí agus Litearthacht na Meán" and is valid from 2023 onwards.Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU6104: Na Meáin agus a Luchtanna Féachana
CU6104: Na Meáin agus a Luchtanna Féachana
Semester 1 | Credits: 5
Déanfar iniúchadh sa mhodúl seo ar an gcaidreamh idir na meáin chumarsáide agus an tsochaí, le béim ar na bealaí difriúla a pléadh agus a tuigeadh ról, struchtúir agus cumhacht na meán agus na modhanna anailíse atá ar fáil le critique a dhéanamh ar théacsanna agus anailís a dhéanamh ar luchtanna féachana comhaimseartha na meán.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Critique a dhéanamh ar na creata teoiriciúla a bhaineann le léann na meán comhaimseartha.
- Dioscúrsaí maidir le ról agus le cumhacht na meán sa tsochaí a chíoradh.
- Tasc taighde ar na meáin chomhaimseartha a chur i gcrích agus na torthaí a chur in iúl.
Assessments
- Department-based Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Media Audiences" by Gillespie, Marie
ISBN: 0335218822.
Publisher: Open University Press - "Analysing Media Texts" by Gillespie, Marie & Toynbee, Jason
ISBN: 0335218865.
Publisher: Open University Press - "Media Production" by Hesmondhalgh, David
ISBN: 0335218849.
Publisher: Open University Press - "The Handbook of Media Audiences" by Nightingale, V.
ISBN: 111872139X.
Publisher: Wiley - "Documentary in a changing state : Ireland since the 1990s" by MacKeogh, C. and O'Connell, D.
ISBN: 185918491X.
Publisher: Cork University Press. - "Scéal scéil : rúndiamhra na meán" by Delap, B., ed.
ISBN: 1907494391.
Publisher: Cois Life
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU6106: Nuálaíocht, Geilleagar agus Rialú na Meán
CU6106: Nuálaíocht, Geilleagar agus Rialú na Meán
Semester 2 | Credits: 5
Scrúdófar cur chuigí agus treochtaí éagsúla sa chraoltóireacht chomhaimseartha. Féachfaidh an modúl ar na struchtúir faoina bhfeidhmíonn na meáin chumarsáide. Déanfar iniúchadh ar an reachtaíocht agus ar na polsaithe a gcuirtear i bhfeidhm san Aontas Eorpach i dtaca leis na meáin. Tabharfar léargas ar rialú na meán agus feidhm an rialtóra i leith an lucht féachana/éisteachta. Scrúdófar an tionchar atá ag dul chun cinn na teicneolaíochta ar choincheap traidisiúnta na craoltóireachta.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Anailís chriticiúil agus chomparáideach a dhéanamh ar na struchtúir rialála a chuirtear i bhfeidhm ar na meáin chumarsáide.
- Breithmheas a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí
- Machnamh criticiúil a dhéanamh ar thionchar na teicneolaíochta ar chleachtais chraoltóireachta na linne.
- Anailís agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar threochtaí éagsúla i dtaca leis an gcraoltóireacht.
Assessments
- Continuous Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Media Law in Ireland" by Eoin Carolan,Ailbhe O'Neill
ISBN: 9781784517991.
Publisher: Bloomsbury Publishing
Chapters: 4,8,9,10 - "Media Law in Ireland" by McGonagle, M., McLaughlin, S. & Mc Gonagle, T.
ISBN: 9403500239, 9.
Publisher: Wolters Kluwer
Chapters: Part III - "GALWAY: Making a Capital of Culture" by PATRICK. COLLINS
ISBN: 9781786051851.
Publisher: Orpen - "One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922-2022" by John Walsh
ISBN: 9781789978926.
Publisher: Peter Lang
Chapters: 5
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredLT102: Cruinnscríobh na Gaeilge II
LT102: Cruinnscríobh na Gaeilge II
Semester 2 | Credits: 10
Féachfar sa mhodúl seo ar chomhréir na Gaeilge agus go háirithe ar ghnéithe de chomhréir agus de ghramadach na Gaeilge nach bpléitear sna leabhair ghramadaí de ghnáth. Déanfar iarracht dul i ngleic le comhréir aduain atá ag sleamhnú isteach sa Ghaeilge.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
- Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
- Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
- An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.
Assessments
- Continuous Assessment (50%)
- Department-based Assessment (50%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
Publisher: The Educational Company of Ireland - "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
Publisher: Coiscéim
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU6105: Cruthú Ábhair
CU6105: Cruthú Ábhair
Semester 2 | Credits: 5
Cíorófar díoscúrsaí a bhaineann le léiriú agus le seachadadh ábhar digiteach, agus déanfar anailís ar na múnlaí, na coinbhinsiúin, na haeisteiticí, agus na foirmeacha a bhaineann le hinsint ar ardán ilmheán. Déanfar an modúl seo a sheachadadh trí léachtaí agus trí cheardlanna ar champais na hOllscoile; tríd an bhfoghlaim chumaisc; agus tríd an bhfoghlaim ar an láthair oibre ar láithreacha éagsúla de chuid RTÉ.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Critique a dhéanamh ar théacsanna físe agus fuaime.
- An leanúnachas stairiúil agus cultúrtha a bhaineann le cur chuigí inste agus cruthaitheacha a chíoradh.
- Ábhar ilmheán a dhearadh faoi réir na gcaighdeán reatha teicniúla, agus bunriachtanais seachadta a chomhlíonadh.
Assessments
- Department-based Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Poetics of cinema" by David Bordwell
ISBN: 9780415977791.
Publisher: Routledge
Chapters: 1, 2, 3, agus 5. - "Signs and meaning in the cinema" by Peter Wollen
ISBN: 9780253181411.
Publisher: Indiana University Press
Chapters: 3 - "Aristotle's Poetics" by translated, with an introduction and notes, by James Hutton; preface by Gordon M. Kirkwood
ISBN: 9780393952162.
Publisher: Norton - "Sound design" by by David Sonnenschein
ISBN: 9780941188265.
Publisher: Michael Wiese Productions - "Multimedia Foundations: core concepts for digital design" by Vic Costello
ISBN: 9780415740036.
Publisher: Taylor & Francis - "Location Audio Simplified: Capturing Your Audio . . . and Your Audience" by Dean Miles
ISBN: 9781138018778.
Publisher: Focal Press - "The Writers Journey" by Christopher Vogler
ISBN: 9781932907360.
Publisher: Michael Wiese Productions - "Film as art" by Rudolf Arnheim
ISBN: 9780520248373.
Publisher: University of California Press - "Theory of film" by Siegfried Kracauer; with an introduction by Miriam Bratu Hansen
ISBN: 0691037043.
Publisher: Princeton University Press - "Sound for film and television" by Tomlinson Holman
ISBN: 9780240813301.
Publisher: Focal Press - "This is your brain on music: understanding a human obsession" by Daniel J. Levitin
ISBN: 9781843547167.
Publisher: Atlantic
Note: Module offerings and details may be subject to change.
RequiredCU6108: Modheolaíochtaí Taighde Comhaimseartha
CU6108: Modheolaíochtaí Taighde Comhaimseartha
Semester 2 | Credits: 5
Míneofar modheolaíochtaí taighde i réimse na meáin agus na cumarsáide, idir mhodheolaíochtaí traidisiúnta agus mhodheolaíochtaí praiticbhunaithe. Déanfar scagadh ar conas taighde a dhearadh, a stiúradh agus a anailísiú. Cíorfar dea-chleachtais taighde agus scrúdófar na saincheisteanna a bhaineann le bailíocht agus iontaofacht sonraí . Pléifear roinnt saincheisteanna eiticiúla chomh maith.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Ceist(eanna) taighde a dhearadh.
- An modheolaíocht taighde cuí a roghnú agus a chosaint.
- Modhanna bailithe sonraí a roghnú agus a chosaint.
- Uirlisí bailithe sonraí a dhearadh.
- Modhanna anailíse cuí a roghnú.
- Saincheist(eanna) eitice a aithint agus a láimhseáil.
Assessments
- Continuous Assessment (100%)
Teachers & Administrators
Click a name to search for their researcher profile. Note: Only teachers publish research profiles.
Reading List
- "Media and Communication Research Methods : An Introduction to Qualitative and Quantitative Approaches" by Berger, A.A.
ISBN: 302.230721BER.
Publisher: SAGE - "Researching Communications: A Practical Guide to Methods in Media and Cultural Analysis" by Deacon, D., Pickering, M., Murdock, G. & Golding, P.
Publisher: Bloomsbury - "Research Practice for Cultural Studies" by Gray, A.
ISBN: ONLINE ACCESS.
Publisher: SAGE - "Practice-led Research, Research-led Practice in the Creative Arts" by Smith, H. & Dean, R.T. (eag.)
ISBN: ONLINE ACCESS.
Publisher: Edinburgh University Press
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Beidh buntáiste ar leith ag céimithe an chláir, agus taithí agus tuiscint faighte acu ar ghnéithe nuálacha na meán comhaimseartha i saol na linne seo, mar shampla, trí ábhar éagsúil físe, fuaime agus scríofa a chruthú agus a fhoilsiú ar ardáin ilmheán éagsúla, agus trí iniúchadh acadúil a dhéanamh ar na próisis éagsúla a bhíonn i gceist le hionramháil na meán sa lá atá inniu ann.
Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sárthuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4 agus BBC, chomh maith le stáisiúin raidió áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach.
Cuirfidh RTÉ deiseanna cuí ar fáil do mhic léinn an chláir chun foghlaim phraiticbhunaithe agus taighde páirce a bhaint amach in aonaid Ghaeilge RTÉ ar láithreacha éagsúla le linn an chláir.
Ar na haonaid a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá an Seomra Nuachta i mBaile na hAbhann, Conamara; rannóga éagsúla de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara; aonaid eile RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc (Baile Átha Cliath), i mBaile na nGall (Ciarraí) agus sna Doirí Beaga (Dún na nGall); Deasc Digiteach Gaeilge RTÉ i nDomhnach Broc; Aonad na gClár Teilifíse Gaeilge, Domhnach Broc, agus aonaid eile de chuid RTÉ de réir mar is cuí.
Cuirfear an chéad tréimhse i gcrích i Mí na Nollag agus cuirfear an dara tréimhse i gcrích i Mí Aibreán/Bealtaine.
- An Dr Dan Dwyer - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
- Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM - Léachtóir sna Meáin
- Seán Breathnach, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
- Carmel Ní Bhriain, BA, MA, Diop. sa Ghaeilge - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
- Fionn Ó Sealbhaigh, BA, MA - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
- Norita Ní Chartúir, BA, A.D.O - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
- Gearóid Ó Cadhain, BSc, MSc - Léachtóir in Aonad Theicneolaíocht na Faisnéise
- Belinda McHale - Léachtóir le Gaeilge Fheidhmeach in Aonad na Gaeilge Feidhmí
- Tomás Ó Maolalaidh - Léachtóir san Aonad Aistriúcháin & Ateangaireachta
How Will I Be Assessed?
Measúnuithe leanúnacha (aistí, cuir i láthair agus tuairiscí) le linn an tseimeastair agus scrúduithe scríofa roimh an Nollaig agus i Mí Aibreán.
Ceadófar do mhic léinn a bhaineann pas amach sna modúil mhúinte tabhairt faoi thionscadal féinstiúrtha a bheidh riachtanach don gcáilíócht máistreachta.
Course queries:
dan.dwyer@universityofgalway.ie
Programme Director(s):
An Dr Dan Dwyer,
Léachtóir in Aonad na Cumarsáide,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Accreditations & Awards
Meet our Employers
Entry Requirements and Fees
Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Éilítear caighdeán Gaeilge ag leibhéal C1 den Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha mar bhunriachtanas iontrála. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.
You can apply online to the University of Galway application portal here.
Please review the entry requirements set out in the section above.
You will be required to upload supporting documentation to your application electronically. See the section above on entry requirements for further information on the supporting documentation required for this course.
Closing Dates
For this programme, there is no specific closing date for receipt of applications. Applications will be accepted on a rolling basis and course quotes will be reviewed continuously throughout the application cycle.
Notes
- You will need an active email account to use the website and you'll be guided through the system, step by step, until you complete the online form.
- Browse the FAQ's section for further guidance.
Fees for Academic Year 2026/27
Course Type | Year | EU Tuition | Student Contribution | Non-EU Tuition | Levy | Total Fee | Total EU Fee | Total Non-EU Fee |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Masters Full Time | 1 | €7,900 | €19,900 | €140 | €8,040 | €20,040 | ||
Masters Part Time | 1 | €4,000 | €Part Time | €70 | €4,070 | €70 | ||
PG Diploma Full Time | 1 | €7,900 | €13,200 | €140 | €8,040 | €13,340 |
For 26/27 entrants, where the course duration is greater than 1 year, there is an inflationary increase approved of 1.8% per annum for continuing years fees.
Postgraduate students in receipt of a SUSI grant – please note an F4 grant is where SUSI will pay €4,500 towards your tuition (2026/27). You will be liable for the remainder of the total fee. A P1 grant is where SUSI will pay tuition up to a maximum of €6,270. SUSI will not cover the student levy of €140.
Note to non-EU students: learn about the 24-month Stayback Visa here.
Postgraduate Excellence Scholarships
This scholarship is valued at €1,500 for EU students applying for full-time taught master's postgraduate courses. You will be eligible if:
- You have been accepted to a full-time taught master's course at University of Galway,
- You have attained a first class honours (or equivalent) in a Level 8 primary degree.
An application for the scholarship scheme is required (separate to the application for a place on the programme). The application portal for 2025 is now open and available here. Applications will close on the 30th September 2025. Full details available here.
Global Scholarships
University of Galway offers a range of merit-based scholarships to students from a number of countries outside of the EU. Visit here for schemes currently available.
Application Process
Students applying for full time postgraduate programmes from outside of the European Union (EU), You can apply online to the University of Galway application portal here.
Our application portal opens on the 1st October each year for entry the following September.
Further Information
Please visit the postgraduate admissions webpage for further information on closing dates, documentation requirements, application fees and the application process.
Why University of Galway?
World renowned research led university nestled in the vibrant heart of Galway city on Ireland's scenic West Coast.
Downloads
Meet Our Alumni
Réamhrá ar an gCúrsa
Cumasc den staidéar acadúil agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA seo atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh mic léinn staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil chomh maith le staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ.
