Taighde Dána 2026: 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh'

Taighde Dána 2026 Poster
'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh': Ceolchoirm agus Ceardlanna le Taibheoirí Proifisiúnta do Dhaoine Óga Gaeltachta 15-17 bliana, maoinithe ag Clár Cuisle agus Ealaín na Gaeltachta 22-23 Meitheamh 2026
May 21 2026 Posted: 11:00 IST
'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh': Ceolchoirm agus Ceardlanna le Taibheoirí Proifisiúnta do Dhaoine Óga Gaeltachta 15-17 bliana, maoinithe ag Clár Cuisle agus Ealaín na Gaeltachta 22-23 Meitheamh 2026
Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt go n-osclóidh ceolchoirm speisialta dar teideal 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' an chéad oíche de chomhdháil SAR 2026 in Ollscoil na Gaillimhe ar an 23 Meitheamh https://sar2026.ie/. Ár mbuíochas ó chroí le Clár Cuisle/Ealaín na Gaeltachta https://ealain.ie/cuisle/ atá á mhaoiniú. Tabharfaidh an cheolchoirm speisialta seo ealaíontóirí den scoth le chéile ar an oíche, ar a n-áirítear: Orla Ní Fhinneadha (amhránaíocht), Becky Ní Éallaithe (damhsa/consairtín), Cathal Ó Curráin (veidhlín/bazouki/amhránaíocht), Éanna Ó Cróinín (píob), agus Seamus Hyland (bosca ceoil/rince seite), d'oíche spleodrach amhránaíochta, damhsa, agus ceoil le cuid des na healaíontóirí óga Gaeltachta is fearr sa tír. Beidh chomh maith deis ag daoine óga lúibín nua-cheaptha de chuid an bhanfhile iomráitigh ó Ghaeltacht Mhúscraí, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, a fhoghlaim mar chuid den togra. Deis iontach is ea 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' do thaibheoirí óga atá cheana féin dochreidte ag an gceol/amhránaíocht/damhsa ardán a roinnt leis na taibheoirí proifisiúnta thuasluaite.
Tá gairm ar oscailt anois do thuismitheoirí ar mian leo iarratas a chur isteach thar ceann a bpáistí: Aniar Aneas Aniar Aduaidh - Eolas do Rannpháirtithe Sprioclá 29 Bealtaine.docx
 
Tá an fhoirm ar líne a bheidh le líonadh isteach ag tuismitheoirí le fáil anseo: 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh': Sprioclá d'iarrataisí Dé hAoine 29 Bealtaine 2026 – Fill out form
Tá imeachtaí 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' á reachtáil ag coiste Thaighde Dána, gur fo-choiste í de chuid IMBAS https://imbas.ie/. Is iad stiúrthóirí ealaíonta an togra ná: Tríona Ní Shíocháin, Síle Denvir, Nada Ní Chuirrín, agus Marianne Ní Chinnéide. Meitheal scoláirí ealaíonta is ea Taighde Dána a chuireann rompu cleachtas cruthaitheach agus taighde ealaíonta na Gaeilge a chothú, a spreagadh, agus a chur chun cinn.
 
Aniar Aneas, Aniar Aduaidh: Ealaín na Gaeltachta funded Irish-language Youth Arts initiative for SAR 2026 - Call for Applications now open - Deadline 29 May 2026
'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' brings together leading Irish-language artists from all of the major Gaeltacht (Irish-speaking regions) of Ireland for the opening performance of SAR 2026. The title of the concert plays on concepts of westerliness, while leaning into a parallel meaning of 'Aniar Aduaidh' (literally from the NorthWest), which means 'to be taken by surprise'! It showcases the engaged arts practice research of Taighde Dána (= Bold/Artistic Research), a collective of Irish-language artistic researchers dedicated to fostering arts practice and artistic research through the medium of Irish, in all its forms, from the traditional to the experimental. Taighde Dána is a subcommittee of IMBAS: an Irish Forum for Arts Practice Researchers and Artists.
Join us for an evening of Gaeltacht traditional music and dance, and most especially a showcasing of the sean-nós singing tradition - a highly ornate free-rhythmic style of vernacular song practice of the Irish oral tradition. This performance will see established Gaeltacht artists - Orla Ní Fhinneadha (sean-nós singing), Becky Ní Éallaithe (sean-nós dance/concertina), Cathal Ó Curráin (fiddle/bazouki/sean-nós singing), Éanna Ó Cróinín (uileann pipes/sean-nós singing), and Seamas Hyland (accordion/melodeon/set-dancing/singing) -  collaborate with young Gaeltacht performers, fostering a space of intergenerational collective creativity from within a vibrant, though minoritised, arts practice culture. This concert celebrates the power of vernacular arts practice in contesting coloniality and enabling the articulation of contemporary Gaeltacht selfhoods from within the sonic world of an endangered language practice. The 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' project is funded by the youth arts division of Ealaín na Gaeltachta, Clár Cuisle https://ealain.ie/en/cuisle-project/, who engage in pioneering work in Gaeltacht regions in fostering and promoting Irish-language arts among young people. 'Aniar Aneas, Aniar Aduaidh' is co-directed by Tríona Ní Shíocháin, Síle Denvir, Nada Ní Chuirrín, and Marianne Ní Chinnéide of Taighde Dána/IMBAS.

Tríona Ní Shíocháin

School of English, Media and Creative Arts

Follow @SchoolEMCA

PreviousNext

Featured Stories

School of English and Creative Arts

+353 (0) 91 495689