English Version   |   Conas cuardach a dhéanamh   |   Creidiúintí

 

An Gaodhal (1881-1898)

Ba é An Gaodhal an chéad nuachtán a bhí dírithe ar léitheoirí na Gaeilge. Nuachtán dátheangach Gaeilge-Béarla a bhí ann. Foilsíodh go míosúil é in Brooklyn, Nua-Eabhrac, i ndeireadh an naoú haois déag. Ba é Micheál Ó Lócháin (1836-1899) bunaitheoir, eagarthóir, agus clódóir an nuachtáin.

Cérbh é Micheál Ó Lócháin?

Lena linn féin, thuill Micheál Ó Lócháin aitheantas mar cheannródaí. “Father of the Irish Language Movement in America” a thug The Irish World air agus bhí sé ar an gcéad rúnaí de chuid Chonradh na Gaeilge i Meiriceá.

Is ar 29 Meán Fómhair 1836 a rugadh Micheál Ó Lócháin i gCurrach an Doire gar do Bhaile an Mhuilinn i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe. Mac feirmeora ba ea é. Síltear gur Pádraig a bhí ar a athair agus gur Bríd a bhí ar a mháthair, iníon Shéamuis Uí Oisín as Garraí Mór an tSléibhe thar teorainn i gContae Mhaigh Eo. Tháirgíodh Séamus éadach déanta as fionnadh.

Is ag deartháir Mhichíl, Pádraig (c.1829-1899), a bheadh an fheirm i gCurrach an Doire níos faide anonn. Phós seisean Mary Dowd (1844-1935) in 1865. Ba chol ceathracha le Lóchánaigh Churrach an Doire na deartháireacha as Baile Uí Mhaola, Co. Mhaigh Eo, an tAthair Mark Eagleton (c.1852-1908), sagart paróiste Chora Finne na Gaillimhe, agus an Dr John Eagleton (c.1862-1888), dochtúir a cailleadh go hóg ar an gCeathrú Rua nuair a thóg sé an galar tífeas i Leitir Móir.

Thug Micheál Ó Lócháin le fios gur fhreastal sé ar scoil idir naoi agus ocht mbliana déag d’aois, agus gur oileadh an múinteoir ba dheireanaí a bhí aige, Peter Duggan, i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad. Chaith deartháir leisean, John Duggan, roinnt blianta ar fheirm 125 acra i gCeathrú na Gaoithe, lámh le Currach an Doire, sular díshealbhaíodh as a theach é. D’fhreastail mac John, Patrick Duggan (1813-1896), ar Choláiste Iarfhlatha roimh dhul go Maigh Nuad. Mar shagart paróiste agus mar easpag, sheasadh seisean go tréan ar son na cosmhuintire, ar son a gceart talún, agus ar son fhéinriail na tíre.

Ar 29 Iúil 1859, phós Micheál Ó Lócháin Mary Sharman (1839-1909), iníon le Charles Sharman agus Anne Aughey, i gCeanannas, Co. na Mí. Mhair cúigear páistí: Mary Margaret, Anna, Bridget Catherine, Charles Thomas, agus Edward J. Bhí an chlann ina gcónaí sa Dúnán, Co. Laoise, ar theorainn Cheatharlaigh sular imigh siad go Meiriceá in 1871 agus is in Brooklyn a saolaíodh an páiste is óige.

Corr cinniúnach agus imirce

Image of Michael J Logan
Micheál Ó Lócháin. Íomhá as The Gael, 18, uimh.1 (Márta 1899): 4. Catholica Collection. Digital Library@Villanova University. Leabharlann Falvey, Ollscoil Villanova.

Ó 1853 ar aghaidh, chaith Micheál Ó Lócháin ocht mbliana déag i gConstáblacht Ríoga na hÉireann mar Fho-Chonstábla (uimhir 17,281) i gCúige Laighean go dtí gur briseadh as a phost é faoi fhómhar na bliana 1871. Shamhlófaí ón gcúiseamh — “Writing letters on the conduct of his officers” — go ndearna an Lóchánach iarracht sceitheadh ar dhrochiompar na bpóilíní sinsearacha, agus go ndeachaigh an iarracht sin ina aghaidh. Cibé is ciall leis an tuairisc, roimh dheireadh na bliana céanna bhí teaghlach Uí Lócháin imithe ar an mbád bán anonn go Meiriceá.

D’fhéadfadh gur cheil an Lóchánach ar a chlann óg an chúis lena n-imirce. Ní fios más d’aon ghnó nó de thaisme a d’athraigh an leagan Béarla dá sloinne ó ‘Loughan’ in Éirinn go ‘Logan’ i Meiriceá. Tuigeadh do mhac iníne an Lóchánaigh, an tAthair Joseph V. Nichols (1896-1960), sagart paróiste Chathair na nGáirdíní san Oileán Fada, Nua-Eabhrac, go mba oidí i scoileanna príobháideacha i mBaile Átha Cliath a sheantuismitheoirí sula ndeachaigh siad go Meiriceá. Bréagnaíonn an fhianaise thuasluaite an chuimhne seo, áfach. Mhaífí freisin go míníonn sí an mhoráltacht a bhraitear ó am go chéile in An Gaodhal.

Ó Lócháin i Meiriceá

Ní raibh bliain féin caite ag Micheál Ó Lócháin i Meiriceá nuair a tuairiscíodh in The Irish World gur ceapadh é ina phríomhoide ar Scoil Mhuire Mháthair an Bhua in Brooklyn. Thug an Lóchánach le fios gur leis an múinteoireacht a chuaigh sé i dtosach nuair a d’aistrigh sé go Meiriceá, gur chaith sé cúig bliana ina oide, agus gur ghnóthaigh sé teastas múinteoireachta. Sna daonáirimh ó 1875 ar aghaidh, áfach, thugadh sé le fios go mba ghníomhaire eastáit é. Is amhlaidh an cás in eolairí bliantúla na cathrach ó 1873 ar aghaidh.

Mhair an teaghlach in áiteanna éagsúla in Brooklyn: 763 Ascaill an Atlantaigh; 814 Sráid Pacific; agus 247 Sráid Kosciusko. Ba Chaitiliceach dílis é an Lóchánach agus bhí sé ina rúnaí ar chumann in aghaidh an ólacháin ina pharóiste áitiúil. Ba é a mhórshaothar ar son na Gaeilge, áfach, a thuill urraim agus meas dó. In 1879, bhronn an dá chumann Philo-Celtic, Brooklyn agus Nua-Eabhrac, uaireadóir agus slabhra órga ar an Lóchánach mar chomhartha buíochais as a dhílseacht do theagasc na teangan, saothar a rinne sé in aisce. Go gairid i ndiaidh dó An Gaodhal a chur sa tsiúl, faoi Nollaig 1881 bhronn Aontas Ceolfhoirne an Chumainn Philo-Celtic in Brooklyn peann agus seas dúchán órga air mar aitheantas dá dhíocas: ‘in token, as set forth in the address, of his zeal in cultivating and preserving the national language and music of Ireland’ (Brooklyn Daily Eagle, 30 Nollaig 1881, 4).

Bhí iníon an Lóchánaigh, Bridget C. Logan (1864-1910), ina múinteoir scoile sa chathair níos deireanaí. Ba chlódóir é a mhac is óige, Edward J. Logan (1873-1935). Ba chló-eagraí a mhac siúd, Edward Aloysius (1899-1958); agus, i ndiaidh dó seal a chaitheamh le clódóireacht, chuaigh a mhac eile, Richard (1907-1980), sna póilíní. Phós Edward Aloysius iníon le póilín eile. Feictear gur bhris an dúchas i measc gharchlann an Lóchánaigh: an múinteoir, an clódóir, an póilín, agus an sagart.

An Ghaeilge i Meiriceá i ndeireadh an 19ú haois

Painting of a man reading a newspaper. Caption reads, The exile from Erin

“The Exile from Erin,” íomhá de chuid Jack B. Yeats ón leabhar Irishmen All le George A. Birmingham (foilsithe 1913). © Eastát Jack B. Yeats, DACS Londain / IVARO Baile Átha Cliath, 2023.

Ar 24 Lúnasa 1869, scríobh John O’Mahony, eagarthóir an nuachtáin The Irish People a foilsíodh i Nua-Eabhrac: “Brooklyn contains as many persons who speak our vernacular Gaelic as Cork City.” As sin go deireadh na haoise, is i méid a rachadh líon na nGaeilgeoirí i Meiriceá gur facthas sna 1880í agus sna 1890í an líon is mó díobh ariamh. Meastar go raibh 40% de Ghaeilgeoirí na cruinne ina gcónaí thar lear sna 1890í. Díobhsan, meastar go raibh 400,000 cainteoir Gaeilge i Meiriceá agus go raibh 70,000 díobh siúd i gceantar Nua-Eabhrac. Agus líon mór cainteoirí cruinnithe i gcathracha ina raibh teacht ar theicneolaíochtaí cosúil leis an gclódóireacht, ní dhéanfar iontas de gur in Brooklyn a tháinig an chéad nuachtán dírithe ar léitheoirí na Gaeilge ar an bhfód.

Nuachtáin na nGael i Meiriceá

Ba mhinic leis na Gaeil ar imirce sa naoú haois déag a bheith ar bheagán litearthachta agus, i measc chainteoirí dúchasacha Gaeilge, ba thúisce léamh nó scríobh an Bhéarla acu. Mar sin, ar feadh i bhfad, is i mBéarla a bhí nuachtáin na nGael i Meiriceá, cé is móite de cholúin a ceadaíodh d’ábhar i nGaeilge, colúin a facthas in The Irish People, The Irish American, The Monitor, The Citizen, agus The American Celt i measc nuachtán eile. Freisin, ba mhinic na nuachtáin Ghael-Mheiriceánacha ag brath ar chló rómhánach áit nach raibh clófhoireann an chló Gaelaigh ar fáil don gclódóireacht ná clóeagraí a bheadh ábalta meabhair a bhaint as.

Ba é Micheál Ó Lócháin a spreag na hathruithe a leanfadh. Ar 25 Bealtaine 1872, gan ach míonna caite aige i Meiriceá, scríobh an Lóchánach chuig an nuachtán Gael-Mheiriceánach is mó dáileacháin i Meiriceá, The Irish World, ag moladh go mbunófaí ranganna Gaeilge a chuideodh le Gaeilgeoirí greim a fháil ar an litearthacht agus le foghlaimeoirí an teanga a shealbhú. Ghoil drochiompar a phobail fhéin ar an Lóchánach agus chreid sé go músclódh cumas teangan féinmheas iontu. Faoi Mhárta 1873, bhí ranganna saor-in-aisce Gaeilge eagraithe aige in Brooklyn. Lean sé den teagasc rialta um thráthnóna ar feadh na mblianta.

Cumainn Philo-Celtic

Philo Celtic Society Minute Book

Miontuairiscí an Chumainn Philo-Celtic in Philadelphia, Cnuasach an Athar Domhnall Ó Morchadha. Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Spreag iarrachtaí an Lóchánaigh daoine eile, ina measc P. J. O’Daly i mBostún. Is ansiúd ar 21 Aibreán 1873 a bunaíodh an chéad chumann Philo-Celtic agus bhí O’Daly ina rúnaí air. Bhí an Lóchánach ina measc siúd a bhunaigh craobh in Brooklyn i ndeireadh 1874. In 1878, bunaíodh craobh eile i Nua-Eabhrac (ba chathracha neamhspleácha iad go dtí gur nascadh iad in 1899). Le cabhair na gcumann seo, spreagadh na Gaeil thall agus abhus i dtreo chothú na Gaeilge agus cultúr na nGael. Faoi 1876, creideadh go raibh breis agus míle duine ag freastal ar ranganna Gaeilge ar fud cheantair Nua-Eabhrac. Bheadh cur chuige na gcumann Philo-Celtic ina mhúnla ag Conradh na Gaeilge níos deireanaí.

Bunú an nuachtáin An Gaodhal

Is faoi scáth an chumainn Philo-Celtic in Brooklyn a bunaíodh An Gaodhal agus ba é Micheál Ó Lócháin an t-eagarthóir ó thús. Deir an scoláire Matthew Knight faoin gcéad eagrán a eisíodh i nDeireadh Fómhair 1881: “It was not a fancy production, nor did it need to be; An Gaodhal represented a humble conclusion to a decade of incitement, propagation, and patriotic exertion on behalf of the Irish language in America.” Faoin am ar eisíodh an ceathrú huimhir, áfach, facthas go raibh costas na clódóireachta gairmiúla iomarcach agus go dteipfeadh ar an mbeartas ceal dóthain airgid. Ar mhaithe lena choinneáil beo, chinn an Lóchánach go nglacfadh sé féin leis an gcúram clódóireachta chomh maith leis an gcúram eagarthóireachta.

Go luath in 1882, is cosúil gur cuireadh an trealamh cuí clódóireachta in oifig an Lóchánaigh agus gur thug sé faoin gceird láithreach le cabhair ó lámhleabhar do chlódóirí amaitéireacha a d’eisigh Watson. As sin amach, chaitheadh sé an lá ag díol tithe agus an oíche ag réiteach an nuachtáin nuair nach raibh sé ag teagasc na Gaeilge. Lean sé air go dúthrachtach ag eisiúint an nuachtáin go míosúil, nach mór, go dtí gur cailleadh é. Níor thuill sé aon airgead óna shaothar agus is ar fhógraí margaíochta agus ar shíntiúis a mhair an nuachtán. Ina staidéar cuimsitheach ar scéal an nuachtáin, Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, meabhraíonn Fionnuala Uí Fhlannagáin gur tairgeadh cúig mhíle dollar don Lóchánach chun an nuachtán a fheabhsú, ach d’eitigh sé an t-airgead: “bhí a neamhspleáchas thar a bheith tábhachtach dó.”

An gaodhal newspaper

Leathanach tosaigh an nuachtáin. Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Sa chéad bhliain, chruinnigh An Gaodhal 1,257 síntiúsóir, iad ar fud na cruinne: an Astráil, an Nua-Shéalainn, Alaska, an Fhrainc, an Ghearmáin, Sasana, Albain, agus Meicsiceó. Chuidigh nuachtáin eile le haird a tharraingt ar An Gaodhal. Ar deireadh, bhí suas le 3,000 síntiúsóir cruinnithe aige. Ó tharla go raibh dhá cholún sa nuachtán ina bhfeictí Gaeilge agus aistriúchán Béarla taobh le taobh, bhí tóir ar An Gaodhal i measc foghlaimeoirí. Ina measc siúd a thug le fios gurb é An Gaodhal a chuir ar a gcumas an Ghaeilge a léamh bhí an scríbhneoir Pádraig Ó Laoghaire (1870-1896) as Na hInsí, Béarra, Co. Chorcaí:

“Lá dhá rabhas ag dul chum na sgoile, bhuail gabha suas liom air an mbealach, a bhí aithneadamhuil dom, & dubhairt go m-beidheadh irisleabhar aige fám’ chomhair air mo theacht abhaile. Do choiméad sé a fhocal, óir air ghabhail thar an g-ceardcha, ghlaoidhaigh sé asteach orm, & thug dam uibhir de’n Ghaodhal. Ó’n lá sin amach thugas uair nó dhó ag foghluim Gaoidhilge no gur tháinic liom é leigheadh caoiseach mear.”

Ábhar an nuachtáin An Gaodhal

In An Gaodhal, feictear ailt, litreacha, fógraí, liostaí síntiúsóirí, béaloideas, filíocht, agus amhráin. Dar le Máirín Nic Eoin, ní raibh An Gaodhal chomh galánta ná chomh substaintiúil le hirisí eile dá linn ná ní raibh scóp na heagarthóireachta chomh leathan. Tugtar suntas, áfach, don bhéim ar leith a leagadh ann ar ábhar ó léitheoirí an nuachtáin, idir litreacha, prós, filíocht, agus amhráin. Anuas air seo, mholadh an Lóchánach caomhnú agus plé na litríochta Gaeilge ó pheann agus ó bhéal, más sean nó nua-chumtha; agus mholadh sé teagasc agus foghlaim na teangan agus cheadaíodh aistriúcháin ar son na spriocanna sin. Mar sin, dar le Nic Eoin: “the value of An Gaodhal as a historical source may lie less in its overt journalistic content and more in its function as a community directory and a non-elite forum of cultural communication” (2014). ‘Éire Mhór’ a thugadh an Lóchánach ar an ngréasán Gaeilgeoirí ar fud Mheiriceá.

Content of newspaper

Sliocht as An Gaodhal, 8, uimh. 10 (Meán Fómhair 1891): 119. Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Dúshláin agus diongbháilteacht

The star spangled banner
Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Ó tharla gurb ar a chonlán féin a bhí an Lóchánach ag obair, ó am go chéile theipeadh air an caighdeán cuí eagarthóireachta a bhaint amach. Scríobh sé féin: 

“The GAEL has many typographical errors for the want of sufficient time to properly scrutinize it. As has been observed in another column, our regular business occupies our time every day until five o’clock in the evening: two evenings in the week are devoted to the P. C. [Philo-Celtic] Society, and the remaining evenings to writing and translating the matter and setting up the type for these twelve pages; but we paid too much money for the getting up of the title page to let it go without paying considerable attention to it, and we assure our readers that it is, at least, as correct as the English translation. We have the same amount of knowledge of Irish that we have of English, no more nor no less. We deem this statement to be due to our readers.”

Sa tréimhse chéanna, bhain conspóid le ceist an chló: is í sin, arbh fhearr go gcuirfí an Ghaeilge i gcló sa chló Gaelach nó sa chló rómhánach. Uaireanta, ba dheacair teacht ar chlófhoireann nó ar chló-eagraí a d’aithin litreacha an chló Ghaelaigh. Scríobh an Lóchánach:

“Seeing our inability to prepare the sixteen pages of the Gael monthly owing to the difficulty of securing competent Gaelic compositors, and being overwhelmed with complaints because of its irregular appearance, we had come to the conclusion it would be more agreeable to the reader to reduce the paper in size and receive it every month regularly. But being chafed by old Gaelic friends, particularly, our esteemed Brother, F S M’Cosker, of Mobile, on the shrinkage, and lest it should be assumed as an indication of decay in the Gaelic Movement (which is quite the reverse), we have changed our mind, and henceforth the Gael will be out in its usual size, and regularly every month, if we can. Do our Gaelic friends know that the six pages of Gaelic matter usually in the Gael would cost as much for composition as twenty-four pages of English matter?”

The Gaelic Alphabet

Is minic a foilsíodh an tábla treorach seo in An Gaodhal. Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Níor chaill an Lóchánach a mhisneach. Arís is arís eile, nochtaítear sa nuachtán an creideamh a mhúscail a dhiongbháilteacht: san áit a mbeadh bearna bheag ar an leathanach le líonadh, chuireadh sé i gcló an mana “Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós.” Ag caint dó i 1969, dúirt Máirtín Ó Cadhain nach bhfuair an Lóchánach a chion ómóis ariamh “as ucht a mhéid is a bhí an Craoibhín, gluaiseacht na Gaeilge agus an ghluaiseacht náisiúnta freisin faoi chomaoin ag a chuid teagaisc."

Mar a glacadh le An Gaodhal

Ba é breithiúnas Mháirtín Uí Chadhain ná go mba “Gaeilge thíriúil a bhí sa Ghaodhal.” D’fhéadfadh gur mheall an tíriúlacht sin léitheoirí ar mó cleachtadh a bhí acu ar Ghaeilge ó bhéal. Cibé, mhéadaigh líon na síntiúsóirí go 3,000, a bhuíochas sin don tacaíocht a fuair An Gaodhal ó eagarthóirí eile mar Dhiarmuid Ó Donnabháin Rossa a mhol do léitheoirí a nuachtáin fhéin, The United Irishman, tacú le An Gaodhal.

Ar 7 Nollaig 1883, is mar seo a léirigh eagarthóirí an Freeman’s Journal i mBaile Átha Cliath a meas siúd ar An Gaodhal: “This publication is remarkable in many ways. It gives proof of the strong spirit of nationality animating our countrymen in the U.S. and of the great regard that is gradually growing up there for the Irish language.” Is cinnte go raibh tóir ar an ábhar a bhí in An Gaodhal chomh maith. I Feabhra 1884, scríobh léitheoir amháin, sagart paróiste i mBaile an Tuaighe, Contae Aontroma, an tAthair D. B. Mulcahy, chuig an Lóchánach: “Everything in the Gael is read here as if it were a letter from a daughter in America to an anxious father in Ireland.”

Ar an ngné is tábhachtaí, tá tionchar an nuachtáin ar ghluaiseacht na Gaeilge trí chéile. Nuair a saolaíodh An Gaodhal, spreagadh pobal na teangan chun pinn agus chun gnímh, mar a léiríonn Regina Uí Chollatáin: "The creation of an international authorship in nineteenth-century Irish-language journalism in turn nurtured the creation of a modern Irish literature and the extension of the use of the Irish language in national and transnational dialogues. The success of this was to be realised through the implementation of the Revival process in the twentieth century" (2020, 376). Dar le Máirtín Ó Cadhain, is in An Gaodhal a foilsíodh “an chéad abairt i litríocht nua-aimsire na Gaeilge, litríocht arb as misneach agus dóchas atá sí á hoiliúint féin go dtí an lá inniu."

Cuairt an Athar Eoghan Ó Gramhnaigh

Ar an 16 Samhain 1894, bhí cuairteoir speisialta ag fanacht le muintir Uí Lócháin ag 247 Sráid Kosciusko in Brooklyn. Ba é sin an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh (1863-1899), a tháinig i dtír i Nua-Eabhrac an oíche roimhe sin. Easláinte a thug go Meiriceá an sagart óg as Béal Átha Faithlinn, Co. na Mí. In eagrán na Nollag 1894 de An Gaodhal, déanann an Lóchánach cur síos ar an bhfáilte mhór a cuireadh roimh an Athair Ó Gramhnaigh ag duga Nua-Eabhrac:

“Father O'Growney arrived here by the Teutonic on the 15th inst. The vessel was expected on the 14th, so that the uncertainty of landing caused a great disappointment to a good many Gaels (the editor of this paper being one of them) who expected to meet him at the dock and greet him with a genuine Ceud míle fáilte. Nevertheless, he was not permitted to land alone, the ubiquitous Gael was there — Father Murphy, who came specially all the way from Springfield, Ohio, to greet him, and Martin J. Henehan, who came from Providence, R. I. on the same purpose, the Hon. Denis Burns, Captain Norris, and other New York Celts, were there to greet him. We now tell our Gaelic friends that though Fr. O'Growney bears the evidences of overwork, he appears to be in tolerably good health.”

OGowney

Le caoinchead Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.

Ó 1891 go 1894, ba é an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge, iris dhátheangach Gaeilge-Béarla a bunaíodh in Éirinn faoi Shamhain 1882. San iris sin i Márta 1893, scríobh Ó Gramhnaigh faoi An Gaodhal: “Nothing shows the advance made in the study of Gaelic better than the quality of the popular Gaelic of the Gael of Brooklyn. Scores of people who now write Irish well and speak it too, have the little Gael to thank for much of their success.” Go deimhin, bhí Ó Lócháin den tuairim gurb é An Gaodhal a spreag bunú Irisleabhar na Gaedhilge.

Chaith Ó Gramhnaigh agus Ó Lócháin, an bheirt eagarthóir ar irisí Gaeilge na linne, achar fada ag caint ar ghluaiseacht na teangan ar chaon taobh an Atlantaigh.

“From our talk with Father O'Growney on the subject, we are satisfied that the Gaelic movement in Ireland is in a tolerably good condition. — The Language is becoming fashionable there, the gentry are learning it; it is expected that, in the near future a Keltic Chair will be established (it is now in a large number of them) in all the rural Catholic colleges, and that the Irish language will be taught in all the National schools in the Irish-speaking districts. These are the leading points, or a synopsis, of Father O'Growney's report of the condition there. [...] Father O'Growney candidly acknowledges that their success in Ireland is largely, perhaps wholly, due to our exertions here in America.”

Ní raibh saol fada i ndán do cheachtar de mhórshaothraithe seo na Gaeilge, áfach. Cailleadh iad an bhliain chéanna, 1899, Ó Lócháin in Brooklyn agus Ó Gramhnaigh in California. Is fearr a mhair cuimhne Uí Ghramhnaigh ó shin, go háirithe mar gheall ar an tsraith leabhar dá chuid, Simple Lessons in Irish, saothar iomráiteach a fheictear i míreanna teagaisc in An Gaodhal.

An Gaodhal ag athrú — The Gael (1899-1904)

Nuair a cailleadh Micheál Ó Lócháin go tobann ar 10 Eanáir 1899, chinn a lucht tacaíochta nach ligfí an nuachtán agus a líon mór síntiúsóirí le sruth. Faoi Mhárta 1899, bhí eagarthóir nua i bhfeighil. Ba í sin Geraldine M. Haverty (1866-1939), múinteoir scoile a saolaíodh in New Jersey ach a mhair i Nua-Eabhrac formhór a saoil. Ba iarshaighdiúir a hathair, an Maor Patrick M. Haverty (1827-1901)

as Baile Átha Cliath, a raibh siopa leabhar agus foilsitheoireachta aige ag 14 Sráid Barclay, Nua-Eabhrac, siopa a bhí ina lárionad liteartha sa chathair.

Geraldine Haverty

Geraldine M. Haverty. Íomhá as The Gael, 18, uimh.8 (Samhain 1899): 228. Catholica Collection. Digital Library@Villanova University. Leabharlann Falvey, Ollscoil Villanova.

Ba é Stephen J. Richardson (1851-1922) as Cionn Átha Gad, Co. na hIarmhí, an foilsitheoir gairmiúil a chuir i gcló an tsraith úr den nuachtán faoin teideal The Gael. De bharr nach raibh an Ghaeilge ar a toil ag Geraldine M. Haverty, is i mBéarla a bheadh formhór an nuachtáin feasta agus laghdaigh an líon ábhair i nGaeilge. Ní raibh oiliúint na bhfoghlaimeoirí san áireamh a thuilleadh ná ní fhoilsítí litreacha chuig an eagarthóir. Mhéadaigh an nuachtán, cuireadh maisiúcháin agus grianghraif ann, agus cuireadh clúdach daite air. Ní ghlanfadh líon na síntiús na costais a bhain leis an gcur chuige seo, áfach, agus eisíodh an t-eagrán deireanach de The Gael faoi Nollaig 1904. Trí Leabharlann Falvey in Ollscoil Villanova, tá The Gael ar fáil ar líne

Nuachtán Gaeilge i Nua-Eabhrac sa 20ú haois

Má tháinig deireadh le An Gaodhal / The Gael, níorbh é sin críoch scéal na nuachtán Gaeilge i Nua-Eabhrac. I 1928, tháinig nuachtán eile ar an bhfód ansin, Guth na Gaedhilge. Ba nuachtán míosúil dátheangach Gaeilge-Béarla é seo a chruthaigh Patrick F. Meagher (1871-1967) as Fiodh Ard, Co. Thiobraid Árann. Ba clódóir gairmiúil é Meagher a chaith blianta ag obair leis an New York Times. Is ar a chonlán féin a thug sé faoin nuachtán nua a eisiúint, ag glacadh le chuile chúram a bhain leis, idir eagarthóireacht, chlódóireacht, agus dáileachán. Cheannaigh sé trealamh agus thug faoin obair ar chúl an tí aige, 4402 Ascaill na Páirce sa Bronx. Ceal dóthain síntiús, áfach, níor mhair an nuachtán ach sé mhí. Faoin am sin, bhí líon na nGaeilgeoirí i Meiriceá tite go mór ón uasmhéid de 400,000 a facthas i ndeireadh an naoú haois déag

Cé nár mhair Guth na Gaedhilge chomh fada le An Gaodhal, meabhraíonn siad araon cumhacht agus seasamh na meán i saol an phobail chomh maith le luach na Gaeilge i measc na nGael i ngar is i gcéin. Is iomaí rud is buaine ná an duine.

Mar a tháinig An Gaodhal slán chugainn

Ó 1884 ar aghaidh, bhí an tAth. Domhnall Ó Morchadha (1858-1935), a rugadh i Sligeach agus a mhair in Philadelphia, ag léamh An Gaodhal agus is in 1886 a d’fhoilsigh an Lóchánach ábhar a sheol an sagart óg chuige – paidir ghairid – den chéad uair. Lean an comhfhreagras blianta fada agus chrom an tAthair Ó Morchadha ar eagráin uile an nuachtáin a chruinniú. Nuair a d’éirigh leis an t-éacht nach beag seo a chur i gcrích, cuireadh clúdach crua ar na himleabhair agus, faoi 1924, seoladh go Gaillimh iad chuig an Ollamh le Gaeilge, Tomás Ó Máille (1880-1938). Tá na himleabhair seo breac le nótaí an Athar Ó Morchadha, nótaí a thagann lena ábhar lámhscríbhinní, cnuasach a lean An Gaodhal go Gaillimh i 1936. I Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, maireann imleabhair eile de An Gaodhal a thug an tAthair Ó Morchadha slán. Sna himleabhair sin, tá na nótaí céanna le léamh, dúbláil a léiríonn chomh cáiréiseach agus a bhí an sagart léannta.


Acmhainní

Breis Léitheoireachta

  • Bailey, Peter eag. Long Island: A History of Two Great Counties Nassau and Suffolk Vol. III Personal and Family History. New York: Lewis Historical Publishing Co., Inc., 1949, https://archive.org/details/longislandhistor03bail/page/162/mode/2up.
  • Dereza, Oksana, Ní Chonghaile, Deirdre agus Wolf, Nicholas, “To Have the ‘Million’ Readers Yet”: Building a Digitally Enhanced Edition of the Bilingual Irish-English Newspaper An Gaodhal (1881-1898). In: Proceedings of the Third Workshop on Language Technologies for Historical and Ancient Languages (LT4HALA) @ LREC-COLING 2024, eag. Rachele Sprugnoli agus Marco Passarotti, 65-78. ELRA agus ICCL.
  • Farrell, Gerard. Irish, Gaelic and Roman type (Seanchló agus Cló Rómhánach) v.3. Transkribus, 2023 (faighte 1 Iúil 2024).
  • Knight, Matthew. “Gaels on the Pacific: the Irish language department in the San Francisco Monitor,1888–91.” Éire - Ireland 54, uimh.3-4 (Fall/Winter 2019): 172–199.
  • Knight, Matthew. “Forming and Training an Army of Vindication: The Irish Echo, 1886-1894.” In North American Gaels: Speech, Story, and Song in the Diaspora, faoi eagar ag Natasha Sumner agus Aidan Doyle, 163-200. Montreal agus Kingston: McGill-Queen’s University Press, 2020.
  • Knight, Matthew. "Our Gaelic Department": The Irish-Language Column in the New York Irish-American, 1857-1896. Tráchtas dochtúireachta, Harvard University Graduate School of Arts and Sciences, 2021 (faighte 12 Márta 2024).
  • Knight, Matthew. “Champions of the Irish language in America: Daniel Magner, Thomas D. Norris, and their contributions to “our Gaelic department” in the Irish-American, 1878–1900.” Proceedings of the Harvard Colloquium Conference 40 (2023): 236–265.
  • Lyons, Fiona. “Chaos or Comrades? Transatlantic Political and cultural Aspirations for Ireland in Nineteenth-century Irish American Print Media.” Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, 39 (2019): 1919-212. Cambridge: Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University.
  • Lyons, Fiona. Thall is abhus: Irish language revival, media and the transatlantic influence 1857-1897. Tráchtas dochtúireachta, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, 2021.
  • McGuinne, Dermot. Irish Type Design: A History of Printing Types in the Irish Character. Irish Academic Press, 1992.
  • Moloney, Patricia. “Cataloguing older Irish language material: some brief notes on the Cló Gaelach.” LibFocus blagphosta, 2 Aibreán 2020 (faighte 18 Feabhra 2024).
  • Ní Bhroiméil, Úna. Building Irish Identity in America, 1870-1915. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2003.
  • Nic Eoin, Máirín. “Journalism or Mobilisation of Identity? Re-assessing An Gaodhal (1881-1898) as a source for the history of the Irish language in America.” Páipéar comhdhála gan foilsiú, American Conference for Irish Studies & Canadian Association for Irish Studies, comhdháil bhliantúil, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, 11 Meitheamh 2014.
  • Ní Chonghaile, Deirdre, Dereza, Oksana, and Wolf, Nicholas. An Gaodhal Newspaper (1881-1898) Full-Text OCR Output Files (Version 1) [Data set]. New York University, 2023.
  • Nilsen, Kenneth E. “The Irish Language in New York, 1850-1900.” In: The New York Irish, faoi eagar ag Ronald H. Bayor agus Timothy Meagher, 252-274. Baltimore & Londain: The Johns Hopkins University Press, 1996.
  • Nilsen, Kenneth E. “The Irish Language in nineteenth century New York city.” In: The Multilingual Apple: Languages in New York City, faoi eagar ag Ofelia Carcía agus Joshua A. Fishman, 53-71. Nua Eabhrac & Beirlín: Mouton de Gruyter, 1997.
  • Nilsen, Kenneth E. “Irish Gaelic Literature in the United States.” In: American Babel: Literatures of the United States from Abnaki to Zuni, faoi eagar ag Marc Shell, 177-218. Cambridge, Mass: Harvard University Press, 2002.
  • Ní Uigín, Dorothy. “An Iriseoireacht Ghaeilge i Meiriceá agus in Éirinn ag tús na hAthbheochana: An Cúlra Meiriceánach.” In: Léachtaí Cholm Cille XXVIII, faoi eagar ag Ruairí Ó hUiginn, 25-47. Maigh Nuad: An Sagart, 1998.
  • Ní Úrdail, Meidhbhín. Pádraig Ó Laoghaire (1870-1896): an Irish scholar from the Béarra Peninsula. Béarra: Cumann Staire Bhéarra, 2021.
  • Ó Buachalla, Breandán. “An Gaodhal i Meiriceá.” In: Go Meiriceá Siar, eag. Stiofán Ó hAnnracháin, 38-56. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. a d’fhoilsigh do Chumann Merriman, 1979.
  • Ó Cadhain, Máirtín. “Conradh na Gaeilge agus an Litríocht.” In: The Gaelic League Idea, eag. Seán Ó Tuama, 52-62. Corcaigh: Mercier Press, 1972.
  • Ó Ciosáin, Niall. “Print and Irish, 1570-1900: An Exception among the Celtic Languages?” Radharc 5/7 (2004-2006): 73-106.
  • Ó Conchubhair, Brian. “The Gaelic Front Controversy: The Gaelic League’s (Post-Colonial) Crux.” Irish University Review 33, uimh.1 (Earrach-Samhradh 2003): 46-63.
  • Ó Dochartaigh, Liam. “Nótaí ar Ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá, 1872-1891. In: Go Meiriceá Siar, eag. Stiofán Ó hAnnracháin, 65-90. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. a d’fhoilsigh do Chumann Merriman, 1979.
  • O’Leary, Philip. The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press, 1994.
  • O'Neill, Timothy. The Irish hand: scribes and their manuscripts from the earliest times. Corcaigh: Cork University Press, 1984 (2014).
  • Scannell, Kevin, Regan, Jim agus Damazyn, Kevin. Tesseract Uncial Training Data, Github, 2020.
  • Sharpe, Richard, agus Hoyne, Micheál. Clóliosta: Printing in the Irish Language, 1571-1871. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, 2020.
  • Sumner, Natasha, agus Doyle, Aidan. “North American Gaels.” In North American Gaels: Speech, Story, and Song in the Diaspora, faoi eagar ag Natasha Sumner agus Aidan Doyle, 3-36. Montreal and Kingston: McGill-Queen’s University Press, 2020.
  • Uí Chollatáin, Regina. “Irish Language Revival and ‘Cultural Chaos’: Sources and Scholars in Irish Language Journalism.” In: Proceedings of the Celtic Colloquium, 30 (2010): 273-292. Cambridge: Department of Celtic Languages & Literature, Harvard University.
  • Uí Chollatáin, Regina. “The Irish-Language Press: ‘A tender plant at the best of times’? In: The Edinburgh History of the British and Irish Press, Volume 2, faoi eagar ag Walter Scott, 357-376. Edinburgh: Edinburgh University Press, 2020.
  • Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta., 1990.
  • Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2008.
  • Uí Fhlannagáin, Fionnuala. Nár Fhág Ariamh mo Chuimhne: Seisear Caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2020.