-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
May Céim mhór chun cinn maidir leis an obair thógála ar Leabharlann an Dr Karen Guinee
Céim mhór chun cinn maidir leis an obair thógála ar Leabharlann an Dr Karen Guinee
Monday, 4 May 2026
Ó chlé: Niamh Burke, Pádraic Rhatigan, An tOllamh David Burn, an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D.m Michael Guinee, Derek Barrett, Monica Crump, Olivia Farrell, Katherine McSharry, agus Seán de Búrca. Aitheantas – Andrew Downes, XPOSURE.
Reáchtáladh searmanas ar leith faoi stiúir an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D., le ceiliúradh a dhéanamh ar leac mhullaigh dhíon Leabharlann an Dr Karen Guinee in Ollscoil na Gaillimhe a bheith leagtha.
Eagraíodh an searmanas nuair a críochnaíodh díon an fhoirgnimh nua sé stór a bhfuil radharc uaidh ar Abhainn na Gaillimhe. Beidh tionchar nach beag ag an bhfoirgneamh seo ar an mbealach a mbítear i mbun foghlama, taighde agus comhoibrithe ar an gcampas.
Ainmníodh an Leabharlann nua in ómós an Dr Karen Guinee, céimí leighis den scoth de chuid Ollscoil na Gaillimhe. Is ceiliúradh í an Leabharlann ar oidhreacht an Dr Guinee arbh alumna cumasach agus cineálta í a thug faoina cuid oideachais agus oiliúna mar dhochtúir le díograis agus dúthracht.
Tá an obair thógála le tabhairt chun críche in 2027.
Cinneadh an Leabharlann a ainmniú in ómós di i ndiaidh dúinn tabhartas flaithiúil daonchairdiúil a fháil ó Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee, atá ag tacú le scoláireacht nua do mhic léinn leighis a bhunú i gcuimhne an Dr Guinee chomh maith.
Chuir an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta deontas caipitil €15 mhilliún ar fáil chomh maith tríd an gCiste Bonneagair Straitéisigh um Ardoideachas (HESIF) agus an tÚdarás um Ard-Oideachas.
Seo mar a labhair an tAire Lawless: "Is céim mhór chun cinn é seo d’Ollscoil na Gaillimhe ar thionscadal ar léiriú agus comhartha ómóis é ar a bhfuil fágtha le huacht ag an Dr Karen Guinee. Is léiriú í an leabharlann nua ar aidhmeanna na hollscoile don am atá le teacht agus rachaidh sí chun tairbhe na mac léinn, na foirne agus an phobail i gcoitinne. Cuirfidh sí cruth eile ar fad ar an gcampas, agus is léiriú é an tionscadal ar thiomantas leanúnach an Rialtais infheistíocht a dhéanamh san ardoideachas agus tacú leis an mórfhorbairt réigiúnach."
Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Tá áthas orainn ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéim mhór chun cinn seo i dtógáil na Leabharlainne nua, ceann de na forbairtí is tábhachtaí ar an gcampas seo le blianta beaga anuas. Is comóradh caoin agus cuí í ar chéimí a raibh ardmheas uirthi – an Dr Karen Guinee.
"Is léiriú í ár Leabharlann nua ar an gcaoi a gcuirimid spásanna fáilteacha agus spreagúla ar fáil le haghaidh foghlama, fionnachtana agus rannpháirtíochta. Athróidh sí an chaoi a dtagann ár gcuid mac léinn agus ár gcuid taighdeoirí ar eolas, an chaoi a mbíonn siad ag obair le chéile agus an chaoi a ndéanann siad smaointe nua a fhorbairt. Agus, ag an am céanna, cuirfidh an Leabharlann nua ar chumas i bhfad níos mó den phobal i gcoitinne leas a bhaint as an gcampas.”
Dúirt an Dr Michael Guinee, Cathaoirleach Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee: “Is cúis bhróid agus onóra dom féin agus do mo theaghlach go mbeidh an Leabharlann nua in Ollscoil na Gaillimhe ina seasamh go hard i gcuimhne ar mo neacht, an Dr Karen Guinee. Agus an chéim mhór chun cinn seo san obair thógála á ceiliúradh againn, tá súil againn go mbeidh an áis álainn, cheannródaíoch seo ina comhartha ómóis di agus go spreagfaidh sí na glúnta mac léinn amach anseo le tabhairt faoi ghairm bheatha dhúthrachtach d'ardchaighdeán a bheidh dírithe ar sheirbhís a chur ar fáil.”
Bhí an méid seo le rá ag Padraic Rhatigan, Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa agus Cathaoirleach JJ Rhatigan: “Tá ríméad orainn go bhfuil céim mhór chun cinn tógtha agus an leac mhullaigh leagtha ar dhíon Leabharlann an Dr Karen Guinee. Ní hamháin gur infheistíocht mhór é an tionscadal seo i dtodhchaí mhic léinn na Gaillimhe, ach is caibidil eile é sa chomhpháirtíocht fhadtéarmach idir muidne agus Ollscoil na Gaillimhe. Is mór an phribhléid é do JJ Rhatigan go raibh lámh againn san áis cheannródaíoch seo a chur ar fáil, áis a fhreastalóidh ar na glúnta mac léinn agus a thacóidh le fás leanúnach na foghlama agus na nuálaíochta ar fud an champais.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile: “Cuirfidh Leabharlann nua an Dr Karen Guinee spás ar fáil dár gcuid mac léinn agus dár gcuid taighdeoirí ina mbeidh inspioráid, tacaíocht, agus an teicneolaíocht is úire ar fáil agus a bheidh ag freastal ar na riachtanais teagaisc, foghlama agus taighde atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo. Tarraingeoidh sí daoine agus disciplíní éagsúla le chéile, rud a chothóidh caidrimh agus comhpháirtíocht, fionnachtain eolais agus táirgeadh, nuálaíocht agus cruthaitheacht. Áit bhríomhar léinn agus foghlama a bheidh inti agus foirgneamh a bheidh inaitheanta leis an Ollscoil agus an chathair.”
Is céim mhór chun cinn é an leac mhullaigh a bheith leagtha ar dhíon an fhoirgnimh atá thart ar 10,000m² agus a bhfuil idir 4-6 stór ann. Nuair a osclófar é, beidh sé ina mhol lárnach ag mic léinn, taighdeoirí, comhaltaí foirne agus an pobal i gcoitinne.
Nuair a bheidh sí críochnaithe, beidh breis is 2,244 spás staidéir ar fáil i Leabharlann an Dr Karen Guinee, agus beifear ag tacú leis an iliomad stíleanna foghlama le limistéir a bheidh tiomnaithe d’obair aonair agus d’obair ghrúpa. Beidh ionad léinn dhigitigh, cúinne cruthaitheach níos mó, agus ‘bot leabhar’, córas ard-dlúis stórála agus soláthair leabhar ó bhailiúchán leabhar fisiciúil na Leabharlainne, san áis freisin.
Tá urlár na talún ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den fhoirgneamh, spás pobail a bheidh oscailte agus fáilteach ina gcruthófar spás nua le haghaidh rannpháirtíochta, imeachtaí agus taispeántas i gcroílár an champais ag breathnú amach ar Abhainn na Gaillimhe.
Tá tacaíocht á tabhairt chomh maith ag alumni ceannródaíocha agus deontóirí aonair, agus ag comhpháirtithe corparáideacha macasamhail CBE agus Anthony Ryan Ltd d’fhorbairt Leabharlann an Dr Karen Guinee in Ollscoil na Gaillimhe.
Críoch
Keywords: Press.
Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back
Related news
5 May 2026
Fógraíonn Eolaíocht ar an Scáileán coimisiún nua cláir faisnéise STEM i nGaeilge
5 May 2026
Science on Screen announces new Irish-language STEM documentary commission
4 May 2026
Major milestone marked in construction of Dr Karen Guinee Library
1 May 2026
Seolann an tAire Lawless cartlann a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha Iorras Aithneach
1 May 2026
Minister Lawless launches archive celebrating cultural heritage of Iorras Aithneach









