-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
November Céimeanna oinigh bronnta ar cheannairí sna healaíona, sa chultúr agus sa saol poiblí
Céimeanna oinigh bronnta ar cheannairí sna healaíona, sa chultúr agus sa saol poiblí
Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céimeanna oinigh 2025, agus ceiliúradh déanta ar dhaoine mór le rá as an gcion suntasach atá déanta acu sna healaíona, sa litríocht, sa cheol, sa dlí agus sa saol poiblí.
Bronnadh na gradaim go foirmiúil ag searmanas speisialta ar an gcampas inniu, an 27 Samhain 2025.
Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: "Tugann ár gcéimeanna oinigh aitheantas do dhaoine a léiríonn a gcuid éachtaí luachanna agus mianta phobal na hOllscoile. Léiríonn céimithe oinigh na bliana seo sármhaitheas cruthaitheach, cultúrtha, acadúil agus sibhialta agus is mór an onóir dúinn fáilte a chur rompu isteach i bpobal na hOllscoile."
Áirítear ar an seisear ar bronnadh céim oinigh orthu:
- Brian Bourke – Dochtúir sna Dána (honoris causa)
Péintéir agus ealaíontóir amhairc a bhfuil gradaim go leor buaite aige.
- Anna Heussaff – Dochtúir le Litríocht (honoris causa)
Úrscéalaí agus aistritheoir a bhfuil gradaim go leor buaite aici a scríobhann i nGaeilge do dhaoine fásta agus do dhéagóirí, agus atá aitheanta as a cuid éachtaí liteartha agus a cuid abhcóideachta maidir le saincheisteanna cultúrtha agus aeráide.
- Kathleen Loughnane – Dochtúir le Ceol (honoris causa)
Cláirseoir, múinteoir agus bunaitheoir Dordán, a bhfuil cáil uirthi as a ról i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún cláirsí na hÉireann.
- Peadar Mac Fhlannchadha – Dochtúir le Dlíthe (honoris causa)
Iar-Bhainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a d'oibrigh gan stad gan staonadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.
- Pádraig Ó Céidigh – Dochtúir le hEolaíocht Eacnamaíoch (honoris causa)
Fiontraí, ceannaire gnó, iarSheanadóir, cuntasóir, aturnae, agus múinteoir a rinne cuideachtaí a mhéadú, lena n-áirítear Aer Arann, agus a mhúnlaigh beartas poiblí.
- Micheál Ó Cuaig – Dochtúir le Ceol (honoris causa)
File, amhránaí, agus bunaitheoir Fhéile Joe Éinniú, a chothaigh agus a léirigh traidisiún an tsean-nóis, a rinne meantóireacht ar gach aoisghrúpa agus a chuidigh le hathbheochan an tsean-nóis.
Dhiúltaigh triúr ainmnithe, Margo Harkin, Olwen Fouéré agus Kerby A. Miller, glacadh leis na céimeanna mar gheall ar rannpháirtíocht na hOllscoile i dtionscadal taighde de chuid chlár an Aontais Eorpaigh, Fís Eorpach, a bhfuil ollscoil Iosraelach páirteach ann.
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Burn chomh maith: "Tá meas againn ar chinneadh na n-ainmnithe eile a shocraigh gan páirt a ghlacadh in ócáid an lae inniu. Is é an cur agus cúiteamh bunchloch shaol na hOllscoile, agus táimid tiomanta bealach chun cinn a aimsiú in éineacht lenár bpobal.”
Críoch







