-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
March Coláiste Ósta na Sionna ag ceiliúradh Céimithe 2025
Coláiste Ósta na Sionna ag ceiliúradh Céimithe 2025
Filleann céimithe ó chúig ilchríoch go hÉirinn don searmanas bronnta
Chuir Coláiste Ósta na Sionna de chuid Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh níos mó ná 70 céimí ar fud an domhain inniu do shearmanas bronnta céimeanna 2025.
Agus iad ag déanamh ionadaíochta ar chuid de na heagraíochtaí fáilteachais is fearr ar chúig ilchríoch, tá fostaíocht bainte amach cheana féin ag gach céimí a bhí i láthair, ag leanúint le taifead fostaíochta 100% an Choláiste ó bunaíodh é in 1951.
Thaistil céimithe ón Ríocht Aontaithe, an Astráil, an Ísiltír, Ceanada, an tSín, na Stáit Aontaithe, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na Séiséil agus níos faide i gcéin, ag taispeáint an raon domhanda atá ag líonra alumni Choláiste na Sionna. Tá céimithe na bliana seo ina mbaill de líonra alumni mór le rá a bhfuil poist cheannaireachta acu in eagraíochtaí fáilteachais ar fud an domhain, ó bhialanna le réalta Michelin go hóstáin cúig réalta agus moil turasóireachta domhanda.
Rinne an ócáid ceiliúradh freisin ar bharr feabhais na mac léinn, agus bronnadh breis is €30,000 i scoláireachtaí agus duaiseanna, lena n-áirítear Scoláireacht Banfi, arbh fhiú $10,000 é, a bronnadh ar XX as a chuid/a cuid díograis agus obair ghníomhach i gColáiste na Sionna ar a aistear/a haistear acadúil
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe agus ár gcomhghleacaithe i gColáiste Ósta na Sionna, déanaimid comhghairdeas mór le rang 2025. Is teist é ceiliúradh an lae inniu ar a ndíograis agus a mian go n-éireoidh leo sa saol. Leanann céimithe Choláiste na Sionna i mbliana liosta fada alumni a bhfuil cáil orthu as an mbainistíocht fáilteachais is fearr a sholáthar a bhfuil gairmeacha acu ar fud an domhain. Guímid gach rath ar gach duine a bhainfidh céim amach anseo inniu – pé áit a dtugann siad a n-aghaidh ina dhiaidh seo.”
Is é David Fitzgerald, Bainisteoir Ginearálta Fitzgeralds Woodlands House Hotel & Spa agus Pátrún Choláiste na Sionna, a thug an phríomhléacht agus labhair sé ar a thaithí féin ar ghairm iomráiteach san fáilteachas. Tá blianta fada caite aige ina cheannaire, lena n-áirítear i gceannas ar oibríochtaí ráschúrsaí Thiobraid Árann agus Chorcaí mar Stiúrthóir Woodlands Catering ó 2004 i leith agus ar Bhord Original Irish Hotels.
Ag cur comhairle ar na mic léinn, dúirt David Fitzgerald: “Tá sé aisteach cuimhneamh ar bhronnadh céime; is ionann é agus deireadh a chur le cúig bliana de do shaol ach níos tábhachtaí ná sin, is ionann é agus tús saol iomlán nua – saol atá chomh spreagúil agus is mian leat. Cuimhnigh, cibé cá dtabharfaidh tú d’aghaidh, ‘Bláthaigh san áit a bhfuil tú ag cur fút’, mar a dúirt San Proinsias de Sales.”
Dúirt Adrian Sylver, Ceannaire Choláiste Ósta na Sionna: “Tréaslaímid le Rang David Fitzgerald 2020–2025 agus iad ag baint céim amach ó Choláiste Ósta na Sionna. Is aistear cróga, inoiriúnaithe agus sármhaitheasa a bhí acu, agus is é inniu an chéad lá dá ngairm dhomhanda spreagúil. Tá fostaíocht bainte amach ag 100% de na céimithe agus iad ag tabhairt aghaidh ar róil cheannaireachta anois in óstáin agus gnólachtaí fáilteachais a bhfuil cáil dhomhanda orthu ar fud na n-ilchríoch – ón Eoraip go Meiriceá Thuaidh, ón Meánoirthear go dtí an Áise. Agus iad anois ina mbaill de líonra alumni mór le rá, ní hamháin go bhfuil na scileanna agus an t-eolas a fuair siad sa tSionainn acu ach freisin tá tiomantas láidir don bharr feabhais a mhúnlóidh todhchaí an fháilteachais ar fud an domhain. Tréaslaímid leo as an éacht dochreidte seo agus táimid ag tnúth iad a fheiceáil ag teacht faoi bhláth ar an ardán domhanda.”
Críoch