-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
April Gradaim Alumni 2025 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe
Gradaim Alumni 2025 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe
Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2025 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe.
Tá ochtar le haitheantas a fháil ag oíche mhór na ngradam Dé hAoine, an 23 Bealtaine 2025.
Déanann Gradaim Alumni ceiliúradh ar dhaoine eisceachtúla as 133,000 alumnus na hOllscoile trí aitheantas a thabhairt dá n-éachtaí suntasacha i réimsí éagsúla, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Seo a leanas na daoine a mbronnfaidh Ollscoil na Gaillimhe gradam alumni orthu in 2025:
- Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach
Deirdre Sullivan, úrscéalaí a bhfuil gradaim buaite aici
- Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil - urraithe ag Banc na hÉireann
Anne O’Riordan, Iar-Stiúrthóir an Ghrúpa Dhigitigh ag Jardine Matheson Limited
- Gradam Alumni don Ghaeilge
Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Coimisiún na Meán
- Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí - urraithe ag RDJ
Geoffrey Shannon, Breitheamh na Cúirte Cuarda
- Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht
An Dr Fiona Grant, Ceannaire na gClár Idirnáisiúnta in Foras na Mara
- Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte - urraithe ag Medtronic
An Dr Elizabeth Whalen, Stiúrthóir Leighis na hOifige Sláinte Poiblí do Stát Nua-Eabhrac
- Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt
Kevin Dinneen, Cathaoirleach Rugbaí Tríú Leibhéal agus Bhord Achomharc an IRFU
- Gradam Alumni do Cheannairí Nua
An Dr Ríona Ní Ghriallais, comhbhunaitheoir ProVerum
Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is mór an phribhléid é ómós a léiriú d’éachtaí na n-ochtar iontach seo a rinne sárobair ina réimsí féin sa bhaile agus i gcéin. Tá tionchar mór ag gach duine acu ar a mbealach féin agus tá súil agam go mbeidh a gcuid éachtaí ina n-eiseamláir dár mic léinn reatha agus dár gcéimithe. Táim ag tnúth le fáilte a chur rompu ar ais chuig a n-alma mater i mí Bealtaine.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Is deis iontach iad na Gradaim Alumni agus an oíche mhór ar an gcampas le haitheantas a thabhairt do chéimithe Ollscoil na Gaillimhe agus ár mic léinn reatha a spreagadh trí bhealaí éagsúla a raibh tionchar ag na céimithe ar an domhan a thaispeáint dóibh. Gan buaiteoirí na bliana seo san áireamh fuair 113 duine ó gach cineál cúlra an gradam go dtí seo. Daoine iad seo a raibh lámh againne ina gcuid oideachais agus, a raibh sé de phribhléid againn aitheantas a thabhairt dóibh agus iad a cheiliúradh as a gcuid éachtaí iontacha ó cuireadh tús leis na gradaim sa bhliain 2000.”
Chun ticéad a chur in áirithe téigh chuig https://www.universityofgalway.ie/alumni/alumniawards/ nó déan teagmháil le Colm O’Dwyer ag 091 494310.
Críoch