-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte chuig an gcampas le haghaidh Laethanta Oscailte Fochéime an Fhómhai
Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte chuig an gcampas le haghaidh Laethanta Oscailte Fochéime an Fhómhai
Monday, 23 September 2024
Beidh Abbie Gough, mac léinn atá i mbun Baitsiléir Eolaíochta, i measc na n-ambasadóirí mac léinn bheidh ar fáil chun tacú leis na mic léinn féideartha agus a dteaghlaigh a bheidh ag freastal ar Laethanta Oscailte an Fhómhair in Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint – Martina Regan.
Tá Ollscoil na Gaillimhe réidh chun fáilte a chur roimh na mílte mac léinn féideartha, tuismitheoirí, comhairleoirí gairmthreorach agus múinteoirí chuig Laethanta Oscailte na bliana seo – na cinn is mó riamh.
Reáchtáltar an imeacht seo thar dhá lá i gcúig spás taispeántais suite ar fud an champais seo i lár na cathrach agus cois abhann, agus áirítear ann na céadta cainteanna ar chúrsaí agus ar ábhair chomh maith le deiseanna do dhaltaí blaiseadh ceart a fháil de shaol na hOllscoile seo.
Beidh laethanta oscailte an fhómhair ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 4 agus an 5 Deireadh Fómhair, ó 9:00am go 3:00pm gach lá.
Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: “Is é cuspóir na Laethanta Oscailte seo blaiseadh ceart a thabhairt do mhic léinn ar shaol na hollscoile, agus é a chur ar a súile dóibh an t-iliomad deiseanna iontacha atá amach rompu. Is údar bróid dúinn a bheith rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain, agus i measc an 100 is fearr san Eoraip! Níos fearr ná sin, táimid rangaithe sa 34ú háit ar domhan, agus sa chéad áit in Éirinn, de réir Ranguithe Tionchair THE de thoradh ár gcuid oibre ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
“Tá ár léachtóirí, comhaltaí foirne agus mic léinn reatha iontacha ar bís le bualadh leo siúd a bheidh ina mic léinn amach anseo, agus cuidiú leo eolas a fháil ar na roghanna spreagúla staidéir agus gairme go léir atá ar fáil dóibh. Cuirimid os cionn 60 fochéim ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Leigheas, Altranas, Eolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin. Ina theannta sin, soláthraíonn breis agus 90% de na cúrsaí deiseanna chun tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear chun a chinntiú go mbíonn céimithe réidh don ionad oibre, agus go mbíonn tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu. Níl an ollscoil seo le sárú ó thaobh na ndeiseanna foghlama atá ar fáil ón sárthaighde agus teagasc a bhíonn ar siúl ag na comhaltaí foirne acadúla anseo, rud a réiteoidh daoine óga do ghairm thairbheach áit ar bith ar domhan.”
Buaicphointe Laethanta Oscailte na bliana seo is ea go dtabharfar rochtain eisiach ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaí dá bhfuil againn. Ina measc:
- Is féidir le daltaí atá ag cuimhneamh tabhairt faoin altranas amach anseo turas a fháil ar na háiseanna Altranais agus Cnáimhseachais. Cuirfear tús leis na turais in Áras Mhaighe Seola, an Zón Glas, ag 1pm agus 1:30pm an dá lá.
- Dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí Dlí, ná cailltear an deis cuairt a thabhairt ar Chúirt Bhréige Scoil an Dlí ina n-athchruthaítear éispéireas an tseomra cúirte! Tá cúig thuras in aghaidh an lae, ach ní mór clárú roimh ré ag Seastán 45 sa Zón Oráiste.
- Tabharfaidh Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta turais ar Áras iontach na hInnealtóireachta, a thosófar i bhforhalla an Zóin Ghlais.
- Ba cheart do mhic léinn a bhfuil spéis acu san Fhisic clárú ag Seastán 6 sa Zón Corcra le haghaidh turas spreagúil ar na saotharlanna Fisice.
- Is féidir le lucht spéise na Drámaíochta páirt a ghlacadh i Máistir-rang Drámaíochta ag 1pm, nó i dturas ar Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú i bhforhalla an Zóin Ghoirm ag 11:30am.
- Beidh deis ag daoine a bhfuil dúil acu i gcúrsaí spóirt bualadh le cóitseálaithe agus lúthchleasaithe chun tuilleadh eolais a fháil ar na scoláireachtaí spóirt agus na háiseanna den scoth atá ar fáil anseo. Beidh na sonraí go léir le fáil gach lá in The Cube, sa Zón Oráiste.
Ina theannta sin, tabharfar deis do dhaltaí lóistín an champais a fheiceáil agus blaiseadh a fháil de shaol an mhic léinn. Cuirfear fáilte roimh thuismitheoirí chuig léacht speisialta do Thuismitheoirí ag 11:30am Dé Sathairn, ina bhfaighidh siad go leor leideanna faoin gcaoi is fearr chun tacú le mic léinn agus iad ag aistriú go dtí an ollscoil.
Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityofgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.
Críoch
Keywords: Press.
Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back
Related news
5 November 2024
Senior public sector leaders examine lessons learned and the opportunities from crises
5 November 2024
Research highlights key role of language in migrant integration in rural Ireland
4 November 2024
University of Galway to showcase postgraduate studies opportunities at open evening
4 November 2024
Deiseanna staidéir iarchéime á gcur i láthair ag oíche oscailte in Ollscoil na Gaillimhe
30 October 2024
Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar 175 bliain ó thosaigh na chéad mhic léinn