Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós ag Ollscoil na Gaillimh

Mairéad Ní Fhlatharta, Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil.
Oct 16 2024 Posted: 11:45 IST

Cuirfidh Mairéad Ní Fhlatharta, Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil, tús leis an dara sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós in Ionad Léann na hÉireann, Dé Máirt 29 Deireadh Fómhair, in Ollscoil na Gaillimhe.

 

Beidh na ceardlanna a reachtáil ar an 5, 12 agus 19 Samhain i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ag a 6pm.

 

Is as Baile an tSléibhe sa Spidéal, Mairéad agus tá sí ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois. I measc na múinteoirí a roinn a gcuid eolais léi go flaithiúil, bhí Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus Peatsai Ó Ceannabháin nach maireann. Chomh maith leis an oiliúint a fuair sí uathusan, tá anáil Sheosaimh Uí Éanaí agus Dharach Uí Chatháin le clos i nguth Mhairéide agus í ag amhrán. Ina dteannta san, luann sí féin an rian a d’fhág Dara Bán agus Caitlín Maude uirthi as a hóige.

 

            Chuir an Dr Nessa Cronin, ó Ionad Léann na hÉireann, fáilte mhór roimh an dara sraith: “Bhí an-éileamh ar na ceardlanna an seimeastar seo caite “agus is deis iontach é dár mic léinn agus agus don phobal foghlaim ó Mhairéad, atá ag súil go mór a bheith ag casadh in bhur dteannta arís.”

 

Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

 

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

 

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@universityofgalway.ie

 

Críoch

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid.

Next

Featured Stories