-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
May Fiche Bliain faoi Bhláth: Ceolchoirm Shean-nóis Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe
Fiche Bliain faoi Bhláth: Ceolchoirm Shean-nóis Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe
Chun 20 bliain den bpáirtnéireacht atá ar bun acu le hEalaín na Gaeltachta a cheiliúradh, tá ceochoirm mhór shean-nóis á reachtáil ag Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe.
In Amharclann Mick Lally, Dé Máirt 4 Meitheamh, 8-10pm a bheidh an ócáid ar siúl agus scoth na n-ealaíontóirí as Gaeltacht Chonamara ar stáitse.
Ina measc san a bheidh páirteach sa léiriú diamhair seo, beidh Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Máire Ní Mhaoilchiaráin, Sarah Ghriallais, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Áine Ní Dhroighneáin, Róisín Ní Mhainín, Pádraic Ó hOibicín, Máirín Mhic Lochlainn, Mairéad Ní Fhlatharta, Treasa Ní Mhiolláin, Seosamh Ó Neachtain, Saileog Ní Cheannabháin, Gearóid Ó Dubháin, agus Micheál Ó Cuaig.
Deir an Dr Méabh Ní Fhuartháin, Ceann an Ionaid: “Tá breis agus 20 bliain ann ó cuireadh an pháirtnéireacht idir Ionad Léann na hÉireann agus Ealaín na Gaeltachta ar bun chun ealaíon an tsean-nóis agus na healaíona dúchais béil i nGaeltacht Chonamara a chur chun cinn. Dar linn gur fiú an méid sin a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh le ceolchoirm mhór a thabharfaidh deis dúinn a bhfuil bainte amach againn ó cuireadh an pháirtnéireacht eadrainn ar bun a thaispeáint don bpobal. Beidh cuid de na healaíontóirí comhaimseartha is cumasaí dá bhfuil ag obair i nGaeltacht Chonamara ar an ardán in Amharclann Mick Lally, rud a fhágann gur showcase iontach don nGaeilge, don nGaeltacht, agus d’ealaíona an tsean-nóis a bheidh sa cheolchoirm neamhchoitianta seo.”
Cosnaíonn na ticéid €10 agus tá an t-airgead uilig ag dul chuig Clann Shíomóin na Gaillimhe, agus tá siad ar fáil ag https://buytickets.at/theblackgateculturalcentre/1253133.
Tuilleadh eolais ó irishstudies@universityofgalway.ie
Críoch