Bronnadh céimeanna an tsamhraidh in Ollscoil na Gaillimhe

An Dr Ruairí Aspell, An Dr Nicky Glennon, An Dr Ailbhe Moran, An Dr Aoife Lawlor, An Dr Josh Slevin, An Dr Oisin Staunton, agus An Dr Patrick Sweeney.
Jun 13 2024 Posted: 15:45 IST

Bronnadh céimeanna ar bhreis is 360 mac léinn fochéime, máistreachta agus PhD in Ollscoil na Gaillimhe inniu, á gcur leis an mbreis is 133,000 alumni atá ar fud an domhain.  

Ina measc siúd a bhí ag ceiliúradh bhronnadh an tsamhraidh, bhí beagnach 80 duine ar bronnadh Dochtúireacht i bhFealsúnacht (PhD) orthu. 

Ar an ngrúpa mac léinn is mó a bhí i láthair bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir sa Mháinliacht agus Baitsiléir sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO) ar bhreis is 166 dochtúir. 

Le linn an tsearmanais, bhronn Ollscoil na Gaillimhe 14 Bhonn don Bhliain Deiridh Leighis ar naonúr céimithe, agus cúig cinn díobh siúd ag dul don Dr Margaret Mary Glazier as Michigan, SAM as a sárfheidhmíocht acadúil. Bronntar na boinn seo mar chuid den traidisiún ina dtugtar aitheantas d’fheabhas acadúil na gcéimithe i gColáiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte. 

Bronnadh dámhachtain speisialta amháin as taighde forleathan le linn cheiliúradh na bliana seo – bronnadh Céim Dhochtúireachta le hEolaíocht (DSc) as Saothar Foilsithe ó Ollscoil na hÉireann ar an Ollamh Michael Kerin as a chuid taighde ar ailse chíche.  

Tá an tOllamh Kerin ina Ollamh le Máinliacht, tá sé ina Stiúrthóir Cliniciúil ar an nGréasán Acadúil i dtaca le hAilse atá faoi stiúir Saolta, agus tá sé ina Leas-Uachtarán ar Choláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn.  

 Mar mháinlia comhairleach, tá spéis ar leith ag an Ollamh Kerin i máinliacht ailse cíche agus inchríneach. Tá sé i gceannas ar chlár mór taighde ar ailse chíche in Institiúid Lambe don Taighde Aistritheach in Ollscoil na Gaillimhe, agus tá sé ina Stiúrthóir Taighde ar an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche. Lena chois sin, tá an tOllamh Kerin ina chomhthaighdeoir ar go leor tionscnaimh thaighde eile ar ailse, lena n-áirítear Precision Oncology Ireland agus Institiúid Taighde Uile-Oileáin ar Ailse (AICRI). Tá a ainm le breis is 450 páipéar piarmheasúnaithe agus le 25,000 lua, agus tugadh meantóireacht do bhreis is 50 mac léinn MD agus PhD a chuaigh tríd an gclár taighde ar ailse chíche. 

 Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Thar ceann phobal iomlán Ollscoil na Gaillimhe, tréaslaím le gach duine dár gcéimithe. Leagann an Ollscoil béim ar leith ar ár luachanna, mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht, agus tá sé ríthábhachtach go gcothaímid muintearas i measc ár mac léinn chun cur lena dtaithí acadúil agus chun pobal a chruthú inar féidir le gach duine barr a gcumais a bhaint amach. Molaim obair chrua, díograis agus buanseasmhacht ár gcéimithe go léir, agus guím gach rath orthu sa saol gairmiúil atá amach rompu. 

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis an Ollamh Michael Kerin chomh maith. Is teist iontach é an DSc seo air mar dhuine agus ar a chuid taighde san Ollscoil seo thar na blianta, agus tugann sé aitheantas don chion céadach atá déanta aige i ndáil le hailse chíche.” 

Críoch 

 

Oifig Margaióchta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories