-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
April Laghdú aon trian ar tháille athscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag Ollscoil na Gaillimhe
Laghdú aon trian ar tháille athscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag Ollscoil na Gaillimhe
Tá laghdú fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe ar an táille atá le híoc chun scrúdú a dhéanamh an athuair.
Tá Comhaltas na Mac Léinn san Ollscoil agus Déan na Mac Léinn, an tOllamh Ciara Meehan, tar éis dul i gcomhar le chéile agus tá glactha leis an moladh a rinne siad aon trian den chostas a bhaineann le scrúdú a dhéanamh an athuair a bhaint, rud a fhágfaidh go n-ísleofar an costas ó €295 go €195.
Beidh feidhm ag an ráta níos ísle do mhic léinn a bhfuil scrúduithe á ndéanamh an athuair acu i samhradh 2024. Ráta amháin a bheidh i gceist, agus ní dhéanfaidh líon na scrúduithe atá le hathshuí ag an mac léinn difear. Tá scéim tarscaoilte ar leith i bhfeidhm dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.
Dúirt Déan na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciara Meehan: "Rinneadh an cinneadh an táille athscrúdaithe a laghdú tar éis do Chomhaltas na Mac Léinn agus an Ollscoil dul i gcomhar le chéile. Tuigimid nach beag iad na costais a bhaineann le hoideachas, agus an brú atá ar dhaoine óga i láthair na huaire i ngeall ar an gcostas maireachtála. Is mian le gach duine a bhfuil baint acu leis an oideachas go mbainfidh ár gcuid mac léinn barr feabhais amach agus bíodh is nach bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh ar aon mhac léinn a scrúduithe a dhéanamh an athuair, tá a fhios againn chomh maith go mbeidh tionchar dearfach ag an laghdú táille seo."
Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Dean Kenny: "Tá an-áthas orainn go bhfuil an cinneadh seo déanta, arb é an toradh é ar na hiarrachtaí atá déanta ag feidhmeannais éagsúla Chomhaltas na Mac Léinn le tamall anuas. Tá an táille athscrúdaithe ina cnámh spairne dár gcuid mac léinn le fada an lá, go mór mór le linn na paindéime Covid-19, agus bíodh is nach réitíonn an laghdú €100 seo an scéal ina iomlán, cúnamh a bheidh ann do go leor mic léinn i mbliana, agus sa todhchaí. Tugaim moladh faoi leith do bhainistíocht na hOllscoile agus do Dhéan na Mac Léinn as oibriú linn ar an gceist seo, agus do na mic léinn trí chéile as a dtuairimí a chur in iúl dúinn go leanúnach. Tacóidh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe i gcónaí le deireadh a chur leis an táille seo, agus is faoi fheidhmeannas nua Chomhaltas na Mac Léinn anois é leanúint leis an mbrú ar bhainistíocht na hOllscoile agus a chinntiú go dtabharfar tús áite do laghduithe eile a bhaint amach."
Críoch