-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Ceardlann scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn
Ceardlann scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn
Cuirfidh Máirín Mhic Lochlainn, Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta, tús leis an dara sraith de cheardlanna scéalaíochta in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe.
Tá na cúig ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. Beidh na ceardlanna ar siúl Dé Céadaoin ag 7pm, ag tosnú ar 27 Meán Fómhair, in Ionad Léann na hÉireann ar Bhóthar na Drioglainne, Ollscoil na Gaillimhe.
Ceapadh Máirín mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ollscoil na Gaillimhe i mí Eanáir 2023. Tá sí tiomanta chun ceird na scéalaíochta a fhorbairt agus cleachtadh aici ar cheardlanna scéalaíochta a stiúradh ar fud na hÉireann. Ba aoi speisialta í ag an bhFéile Idirnáisiúnta Scéalaíochta ar Oileán Chléire i mbliana.
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad Léann na hÉireann: “Tá Máirín i measc na n-ealaíontóirí is cumasaí dá bhfuil ag plé leis na healaíona béil in Éirinn. Is deis iontach é seo mar sin d’éinne a bhfuil suim acu sa scéalaíocht dúchais.”
Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon, agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.
Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 512428 nó samantha.williams@universityofgalway.ie.
Críoch