Comhdháil idirnáisiúnta á óstáil ag Ollscoil na Gaillimhe ar an tsláine acadúil agus taighde

Oct 03 2023 Posted: 09:34 IST

Beidh comhdháil mhór idirnáisiúnta ar an tsláine acadúil agus taighde ar siúl an tseachtain seo in Ollscoil na Gaillimhe  i gcomhpháirtíocht leis an Líonra Náisiúnta do Shláine Acadúil (NAIN).

An aidhm atá ag Comhdháil na hÉireann 2023 ar an tSláine Acadúil agus Taighde deis a thabhairt do mhic léinn, taighdeoirí, acadóirí agus dóibh siúd a oibríonn go gairmiúil san earnáil bualadh lena chéile chun foghlaim óna chéile, smaointe a roinnt, agus dul i mbun machnaimh i dteannta a chéile maidir leis na céimeanna praiticiúla atá riachtanach chun go gcothófar luach na sláine tuilleadh san earnáil ardoideachais.

Reáchtálfar an chomhdháil in Óstán Galmont i gCathair na Gaillimhe ón gCéadaoin, an 4 Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine, an 6 Deireadh Fómhair 2023.

Is féidir clárú, breathnú ar chlár na comhdhála, agus eolas breise a fháil anseo

Seo a leanas roinnt de na téamaí a bheidh idir chaibidil ag an gcomhdháil: dúshláin a bhaineann leis an teicneolaíocht a aithint agus deiseanna tacú leis an tsláine acadúil agus taighde cosúil le ChatGPT, Google Translate, DALL-E, etc; athbhreithniú a dhéanamh ar bhealaí chun déileáil le mí-iompar acadúil agus taighde - polasaithe agus cleachtais; agus comhpháirtíochtaí mac léinn a chruthú le go gcuirfí le cultúr sláine acadúil atá faoi stiúir mac léinn.

I measc na bpríomhchainteoirí ag an gcomhdháil beidh saineolaithe idirnáisiúnta mór le rá i réimsí na Sláine Acadúla agus Taighde agus san áireamh beidh Elisabeth Bik (California, Stáit Aontaithe Mheiriceá), Sarah Elaine Eaton (Calgary, Ceanada), Lex Bouter (Amstardam, an Ísiltír), Phil Newton (Swansea, an Bhreatain Bheag), Serge Horbach (Aarhus, an Danmhairg), agus Ann Rogerson (Wollongong, an Astráil). 

Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil freisin treoir agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil, naisc a dhéanamh idir na téamaí agus ár bpobail chleachtais a neartú tuilleadh.

Bhí an méid seo le rá ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Is am tráthúil tús bliain acadúil nua chun machnamh a dhéanamh ar bhunphrionsabail an ardoideachais, agus ní mór don tsláine de gach cineál a bheith ina príomhluach d’ollscoileanna. An cúram atá orainn le chéile dul i ngleic leis na dúshláin atá á dtabhairt ag an intleacht shaorga don taighde, don teagasc agus don fhoghaim, agus is fóram thar a bheith feiliúnach an chomhdháil seo don phobal ollscoile teacht le chéile agus breithniú a dhéanamh ar ar féidir linn a dhéanamh chun na caighdeáin is airde sláine a chothabháil agus a chosaint sa chóras oideachais agus cáilíochtaí.”

Seo mar a labhair an Dr Billy Kelly, Cathaoirleach an Líonra Náisiúnta do Shláine Acadúil:: “Tá áthas ar an Líonra Náisiúnta do Shláine Acadúil (NAIN) an chomhdháil seo a óstáil i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe. Tá dúshlán á thabhairt do chleachtais reatha teagaisc, foghlama agus measúnaithe i láthair na huaire mar thoradh ar dhul chun cinn na teicneolaíochta agus tá iarmhairtí suntasacha ag na dúshláin sin, idir iarbhír agus féideartha, don tsláine acadúil agus don tsláine taighde araon. Soláthrófar deis ag an gcomhdháil seo foghlaim ó cheannairí idirnáisiúnta agus náisiúnta sa spás seo, agus tabharfaidh na rannpháirtithe leo léargais phraiticiúla agus indéanta mar ábhar plé laistigh dá n-eagraíochtaí agus dá bpobail chleachtais féin.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories