Ócáid eolais Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn lánfhásta

Jan 06 2023 Posted: 09:42 GMT

Reáchtálfaidh Ionad Rochtana Ollscoil na Gaillimhe an oíche eolais bhliantúil sin a dhíreoidh ar riachtanais na mac léinn lánfhásta agus na bhfoghlaimeoirí fásta atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi staidéar lánaimseartha nó páirtaimseartha don bhliain acadúil 2023-24.

Beidh an oíche eolais ar siúl Dé Céadaoin, an 11 Eanáir 2023, ó 6.30pm – 9pm ar an gcampas san Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí, Bóthar an Chaisleáin Nua Uachtarach, Gaillimh.

Tá an ócáid dírithe go háirithe orthu siúd atá 23 bliain d’aois nó níos sine atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe. Beidh deis ag an lucht freastail ceisteanna a chur ar mhic léinn lánfhásta reatha agus ar shaineolaithe na gcúrsaí a chabhróidh leo cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna is fearr a oireann dá gcúinsí pearsanta agus dá riachtanais forbartha gairmiúla.

Dúirt Kathleen Hartigan, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta san Ionad Rochtana: “Tá an-áthas orainn i mbliana a bheith ar ais ar an gcampas don ócáid seo agus blaiseadh den ollscoil a thabhairt do mhic léinn ionchasacha leis na cainteanna atá beartaithe againn, agus an deis labhairt le mic léinn reatha go díreach. Tugann an ócáid seo an t-eolas riachtanach dóibh chun cabhrú leo an rogha oideachais is fearr a oireann dóibh féin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe.”

Beidh comhaltaí foirne ó chúrsaí fochéime agus iarchéime Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le hionadaithe ó Sheirbhísí Mac Léinn na hOllscoile, ar fáil freisin chun treoir a thabhairt don lucht freastail maidir leis an raon cúrsaí agus tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh an fhoireann acadúil i láthair freisin chun ceisteanna sonracha a fhreagairt maidir le céimeanna agus bealaí chun cinn.

Beidh baill d’fhoireann an Ionaid Rochtana ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí réamh-ollscoile ar nós Cláir Rochtana agus Tacaíocht Mhíchumais dóibh siúd a bhfuil riocht sláinte (fisiciúil nó meabhrach) fadtéarmach orthu, nó a bhfuil deacracht shonrach foghlama acu.

Déanfaidh Ionad Forbartha Gairmeacha na hOllscoile cur i láthair a dhíreoidh ar an gcúrsa staidéir is fearr a oireann do chúinsí aonair agus do bhealaí gairme.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú ag www.universityofgalway.ie/mature

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories