-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
November Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh
Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh
Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a fhógairt go bhfuil Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.
Is amhránaí sean-nóis, ceoltóir agus cumadóir í Saileog atá ag casadh ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach ó bhí sí an-óg.
Is cainteoir Gaeilge ó dhúchas í a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Carna a hathair, an t-amhránaí clúiteach Peadar Ó Ceannabháin, agus is é Peadar an chéad fhonnadóir a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi. Chaith Saileog roinnt mhaith ama ó bhí sí an-óg ag éisteacht le fonnadóirí as Iorras Aithneach agus tá Seán 'ac Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, Dara Bán Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic 'ac Dhonncha i measc na bhfonnadóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Is veidhleadóir clasaiceach í a máthair, Úna Lawlor, agus is fonnadóirí agus ceoltóirí iad a deartháir Eoghan agus a deirfiúr Muireann. Sa mbliain 2012, d'eisigh Saileog an chéad albam dá cuid, I bhfíor-dheiriú oidhche, cnuasach amhrán a bhailigh Séamus Ennis in Iorras Aithneach sna 1940idí. Roithleán an t-ainm atá ar an dara albam a d'eisigh Saileog i 2016.
Chuir an Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán: “Táimid thar a bheith sásta go mbeidh Saileog Ní Cheannabháin linn mar amhránaí cónaitheach i mbliana. Tá Saileog ceangailte go láidir sa traidisiún saibhir thart uirthi. Is deis iontach é dosna micléinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anso san Ollscoil."
Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Saileog go fíorúil san Ollscoil san Earrach 2021 agus arís sa bhFómhar agus beidh ceolchoirm mar chuid den ceapacháin ar siúl i nGaeltacht Chonamara sa samhradh 2021.
Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.
Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie
-Crioch-