-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
February Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2018 Fógartha ag OÉ Gaillimh
Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2018 Fógartha ag OÉ Gaillimh
Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2018 fógartha ag OÉ Gaillimh. Bronnfar na gradaim ag an 18ú Mórfhéasta Alumni a bheidh á reáchtáil Dé Sathairn, an 19ú Bealtaine 2018 i Halla Bailey Allen, in aice le hÁras na Mac Léinn. Is í an láithreoir agus an léiritheoir le RTÉ/TG4, Gráinne McElwain, a chuirfidh an ócáid i láthair.
Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí an 90,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Tá gradaim Alumni bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu, ina measc, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn; an lúthchleasaí Oilimpeach Olive Loughnane; an laoch rugbaí Ciarán FitzGerald; an craoltóir de chuid RTÉ Sean O’Rourke; an t-iarArd-Aighne, Máire Whelan; iar-Phríomhfheidhmeannach Creganna, Helen Ryan; an t-aisteoir a bhfuil Gradam Tony buaite aici, Marie Mullen; agus an scríbhneoir Mike McCormack.
Seo a leanas buaiteoirí na seacht ngradam alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2018:
Gradam do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach – urraithe ag Fondúireacht na hOllscoile
- Lisa Coen, Comhbhunaitheoir Tramp Press
Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann
- Aedhmar Hynes, Príomhfheidhmeannach, Text100
Gradam Alumni don Dlí, Beartas Poiblí agus an Rialtas – urraithe ag Ronan Daly Jermyn
- Pat Rabbitte, iarCheannaire Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn agus polaiteoir
Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – urraithe ag AIB
- Bernard McGuinness, Leas-Uachtarán, Soláthar Blais, The Coca-Cola Company
Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic
- An tOllamh Declan Sugrue, Cairdeolaí, Ospidéal an Mater
Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt – urraithe ag Banc na hÉireann
- Joe Connolly, Iománaí de chuid na Gaillimhe
Gradam Alumni don Ghaeilge – urraithe ag OÉ Gaillimh
- Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil duaiseanna go leor bainte amach aici
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “Le breis is 170 bliain tá oideachas curtha ag an Ollscoil seo ar chéimithe d’ardchaighdeán a raibh tionchar suntasach acu ina réimsí féin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
“Tugann Gradaim Alumni OÉ Gaillimh aitheantas d'alumni de chuid na Gaillimhe ar ceannairí den scoth iad a chuaigh i gcion ar an domhan. Cuireann na gradaim seo ar chumas phobal na hOllscoile ceiliúradh a dhéanamh ar luach fadsaoil an oideachais atá le fáil in OÉ Gaillimh agus tugann siad aitheantas don bhreis is 90,000 céimí de chuid na hOllscoile atá lonnaithe ar fud na cruinne agus a bhfuil éachtaí déanta acu. Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhuaigh gradam agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Mhárta.”
Chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil leis an Oifig Alumni ar 091 492721 nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie. Áirithintí ar líne ag www.guf.ie
-Críoch-