NUI Galway welcomes Galway Fleadh after 35 year absence from the city

NUI Galway students Kate Zenkevica from Latvia, Pierce Lalor from Moycullen, and Monica Loughnane from Claregalway look forward to welcoming the Galway County Fleadh to campus.
May 12 2015 Posted: 14:18 IST

The Galway County Fleadh will be held in NUI Galway this weekend, from Friday 15 to Sunday 17 May after a 35 year absence from the city. The event sees the cream of the county’s traditional musicians visiting campus and competing to represent Galway at provincial level. With over 1,000 entries to the various competitions, the Fleadh Cheoil promises to bring energy and fun to the campus, and all are welcome to join in the festivities.

Most competitions take place on the concourse in the heart of the campus. The most popular competitions will be held in lecture theatres, so there will be lots of room to hold the 3,000 spectators expected. The dancing competitions, the céilí bands and the grúpaí ceoil attract the largest followings and these will be held in the University’s Bailey Allen Hall. There is a particular interest in the Irish language competitions this year, and they will take place in Áras na Gaeilge, NUI Galway’s main location for Irish language education.

The Fleadh Cheoil is organised this year in partnership between the Moycullen and Knocknacarra branches of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, and the opening night concert on Friday will see local talent from the branches and from schools in the area performing in the Bailey Allen Hall.

The Fleadh Cheoil is a great opportunity for young and old to explore the University campus. According to Rúnaí na hOllscoile, Gearóid Ó Conluain, “We are delighted to partner with Comhaltas Ceoltóirí Éireann in bringing the Galway County Fleadh to NUI Galway. The University is committed to opening up our campus to the wider community, and we are looking forward to welcoming thousands of visitors to campus to enjoy the best of traditional music from the county.”

Competitions will be held on Saturday and Sunday, beginning in the morning at 10am and running until 6pm, and there will be lots of traditional music sessions dotted around campus over the weekend. All are welcome to come and enjoy the music, with admission to most events free-of-charge. Parking on campus will also be free over the weekend, and volunteers will be on hand to direct visitors to the competitions.

For more information and for a programme of events and competitions, visit: www.galwayfleadh.ie

ENDS

Fáiltíonn OÉ Gaillimh roimh Fhleá na Gaillimhe ar ais sa chathair den chéad uair le 35 bliain

Beidh Fleá Chontae na Gaillimhe ar siúl in OÉ Gaillimh an deireadh seachtaine seo, idir Dé hAoine, an 15 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine agus é 35 bliain cheana ó bhí sé ar siúl sa chathair. Tabharfaidh na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa chontae aghaidh ar a chéile ar an gcampas agus iad san iomaíocht chun ionadaíocht a dhéanamh ar Ghaillimh i gcraobh an chúige. Beidh breis is 1,000 duine istigh ar na comórtais éagsúla. Beidh fuinneamh agus spraoi ar an gcampas dá bharr agus tá fáilte roimh chách.

Beidh formhór na gcomórtas ar siúl ar an tslí dála, i gcroílár an champais. Beidh na comórtais is mó tóir ar siúl sna léachtlanna agus beidh siad in acmhainn an 3,000 duine a bhfuil súil leo a thógáil. Is iad na comórtais damhsa, na bannaí céilí agus na grúpaí ceoil is mó a mheallann daoine agus beidh siad seo ar siúl i Halla Bailey Allen san Ollscoil. Tá béim ar leith ar na comórtais Ghaeilge i mbliana, agus beidh siad sin ar siúl in Áras na Gaeilge, príomhionad oideachais trí Ghaeilge san Ollscoil. 

Tá an Fhleá Cheoil á reáchtáil i mbliana ag craobhacha Mhaigh Cuilinn agus Chnoc na Cathrach de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus beidh ceolchoirm ar siúl oíche Dé hAoine ag ceoltóirí áitiúla as na craobhacha agus as scoileanna an cheantair i Halla Bailey Allen.

Is deis iontach an Fhleá Cheoil do dhaoine óg agus aosta leis an gcampas a fheiceáil ar a gcompord. Deir Rúnaí na hOllscoile, Gearóid Ó Conluain, “Tá ríméad orainn dul i gcomhar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun Fleá an Chontae a reáchtáil in OÉ Gaillimh. Tá an Ollscoil diongbháilte ar an gcampas a oscailt do phobal níos leithne agus táimid ag súil le fáilte a chur roimh na mílte cuairteoir ar an gcampas chun scoth an cheoil thraidisiúnta a chloisteáil.”

Beidh comórtais ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, ag tosú ag 10am ar maidin go dtí 6pm tráthnóna, agus beidh neart seisiún ceoil ar fud an champais ar feadh na deireadh seachtaine. Tá fáilte roimh chách agus tá saorchead isteach chuig formhór na n-imeachtaí. Beidh an pháirceáil saor in aisce ar an gcampas chomh maith ag an deireadh seachtaine agus beidh oibrithe deonacha ar fáil chun cuairteoirí a threorú chuig na comórtais.

Chun tuilleadh eolais agus clár imeachtaí a fháil téigh chuig: www.galwayfleadh.ie.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories