Mick Loftus Launches Sigerson Cup Finals Weekend at NUI Galway

Tuesday, 14 February 2012


Pictured at the Sigerson Cup Finals Launch at NUI Galway today, from left: Ciaran MacDonald, Tipperary and NUI Galway Captain; Dr Mick Loftus, former Sigerson winner with UCG (now NUI Galway) and former GAA President; Joss Moore, Galway and NUI Galway; and Jason Doherty, Mayo and NUI Glaway.

NUI Galway Gaelic Club will this year host the Irish Daily Mail Sigerson Cup Finals and today (Monday, 13 February) former GAA President Mick Loftus was on campus to officially launch the event.  NUI Galway has won the prestigious Sigerson Cup on no less than 22 occasions, the last being 2003. Loftus was a member of the University team on three of those occasions.

Over the weekend of the 24/25 February NUI Galway will host over 400 of the brightest talents on the forefront of Gaelic football nationally. As well as the Sigerson cup semi-finals and final, the Trench cup semi-finals and final along with Corn na Mac Léinn semi-finals and finals will take place. The final of the Sigerson and Trench cups will take place in Pearse Stadium with the Sigerson final live on TG4 at 3pm on Saturday, 25 February.

Speaking at the launch, Niamh NicLiam, Marketing Manager with The Irish Daily Mail, said: We are delighted to sponsor this year’s Sigerson Cup Finals at NUI Galway. As Ireland’s youngest newspaper we’ve been cementing our relationship with the GAA over the last few years and The Irish Daily Mail GAA third level leagues and championship is a fantastic opportunity for us to build on this even further. We are sure that the Sigerson Cup Finals weekend in NUI Galway will be a huge success and we would like to wish all involved the very best of luck.”

NUI Galway Gaelic football club will also honour the 1962 and 1963 Sigerson winning teams with a Sigerson reunion dinner at the Radisson Hotel on Friday, 24 February. Ten of the players being honoured on the night went on to backbone the legendary Galway three-in-a-row team of 1964 - 1966.  2012 is also the centenary of the very first Sigerson win in 1912, and a bespoke colour programme will be published to honour this centenary and other great wins and memories of Sigerson cup in NUI Galway over the decades.

Speaking before the official launch NUI Galway President, Dr Jim Browne, said: “The Sigerson Cup weekend promises to be a great weekend of sport at NUI Galway.  I pay tribute to our former Sigerson Cup players who return to their alma mater, traveling from Ireland and overseas, for this weekend of sporting reunion.  By returning they celebrate with us the spirit of participation and achievement which has distinguished the club for the past 100 years.  In particular, I welcome the members of the 1962 and 1963 teams who gather to mark the 50th anniversary of their Sigerson success.  On this Sigerson centenary occasion, I would like to acknowledge the efforts of many students, alumni, current and former staff who have been involved over the years in building support for Gaelic Games on our campus.”

NUI Galway GAA Club has issued a welcome to football followers from all over the region to make their way to Dangan and other venues for what promises to be a weekend of Gaelic football to remember from the stars of tomorrow.

ENDS

 

Seolann Mick Loftus Deireadh Seachtaine Chorn Sigerson in OÉ Gaillimh

Tionólfaidh Club Peile OÉ Gaillimh Cluiche Ceannais Chorn Sigerson an Irish Daily Mail i mbliana agus inniu (Dé Luain, 13 Feabhra) bhí iar-Uachtarán an CLG Mick Loftus ar an gcampas chun an ócáid a sheoladh go hoifigiúil.  Tá Corn Sigerson buaite ag OÉ Gaillimh 22 babhta, in 2003 go deireadh. Bhí Loftus ar fhoireann na hOllscoile trí bhabhta acu sin.

I rith dheireadh seachtaine an 24/25 Feabhra beidh 400 de na himreoirí is fearr ag imirt peile sa tír faoi láthair in OÉ Gaillimh. Chomh maith le cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais Chorn Sigerson beidh cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais Chorn Trench mar aon le cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais Chorn na Mac Léinn ar siúl an deireadh seachtaine céanna. Beidh cluichí ceannais Chorn Sigerson agus Chorn Trench ar siúl ar Pháirc an Phiarsaigh agus beidh cluiche ceannais Chorn Sigerson beo ar TG4 ag 3pm Dé Domhnaigh, an 25 Feabhra.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Niamh NicLiam, Bainisteoir Margaíochta le The Irish Daily Mail: Tá an-áthas orainn urraíocht a dhéanamh ar Chluiche Ceannais Chorn Sigerson i mbliana in OÉ Gaillimh. Is é nuachtán s'againne is nuachtán is nuaí ar an margadh agus táimid ag iarraidh an caidreamh atá againn le CLG a láidriú le roinnt blianta anuas. Is iontach an deis sraitheanna agus craobhchomórtas CLG The Irish Daily Mail an tríú leibhéal chun an caidreamh sin a láidriú. Táimid cinnte go n-éireoidh go maith le deireadh seachtaine Chorn Sigerson in OÉ Gaillimh agus ba mhaith linn gach ádh a ghuí ar gach a bheas páirteach.”

Beidh dinnéar Sigerson ar siúl ag club peile OÉ Gaillimh chomh maith d'fhoirne buaiteacha 1962 agus 1963 in Óstán an Radisson Dé hAoine, an 24 Feabhra. Bhí deichniúr de na himreoirí a bheidh i láthair ar an oíche ar fhoireann cháiliúil na Gaillimhe a bhuaigh trí bliana as a chéile 1964 - 1966.  Tá sé céad bliain chomh maith ó crochadh Corn Sigerson den chéad uair i 1912, agus foilseofar clár speisialta daite chun é seo agus buanna agus cuimhní eile in OÉ Gaillimh le céad bliain anuas a chomóradh.

Ag labhairt roimh an seoladh oifigiúil, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Beidh neart spóirt in OÉ Gaillimh i rith dheireadh seachtaine Chorn Sigerson.  Tréaslaím le hiarimreoirí Chorn Sigerson atá ag filleadh ar a n-alma mater, as ar fud na tíre agus na cruinne, don deireadh seachtaine spórtúil seo.  Beidh siad ag ceiliúradh rannpháirteachas agus éachtaí an chlub seo le céad bliain anuas.  Ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimh fhoirne 1962 agus 1963 atá ag ceiliúradh leathchéad bliain ó bhuaigh siad Corn Sigerson.  Don chomóradh céad bliain, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag mic léinn, ag alumni, agus ag comhaltaí foirne in imeacht na mblianta chun tacú leis na Cluichí Gaelacha ar an gcampas.”

Tá cuireadh tugtha ag Club Peile OÉ Gaillimh do lucht leanúna na peile ar fud an réigiúin a mbealach a dhéanamh go dtí an Daingean agus ionaid eile don deireadh seachtaine chun réaltaí an lae amárach a fheiceáil.

CRÍOCH



Keywords:.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories