-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
November 2009 Winter Honorary Conferring at NUI Galway
Winter Honorary Conferring at NUI Galway
Wednesday, 25 November 2009
Céimeanna Oinigh an Gheimhridh in OÉ Gaillimh (View in English) Bronnfar céim ar bhreis agus 800 mac léinn as cúig choláiste OÉ Gaillimh inniu (Dé Céadaoin, an 25 Samhain 2009) i searmanais bhronnadh céimeanna an gheimhridh san Ollscoil. Chomh maith leo sin, bronnfar Máistreacht sa Cheol (honoris causa) ar John Lynch, stiúrthóir ceoil Bhanna Céilí Chill Fhionnúrach agus Máistreacht sna Dána (honoris causa) ar an ngníomhaire d'fhorbairt réigiúnach, Tony Barrett. Agus Máistreacht (honoris causa) sa Cheol á bronnadh ar John Lynch, tá aitheantas á thabhairt ag OÉ Gaillimh do na ceoltóirí cáiliúla as Cill Fhionnúrach féin agus as áiteanna eile a bhí sa bhanna le blianta anuas agus a chruthaigh traidisiún ceoil an chéid. In 2009, tá Banna Céilí Chill Fhionnúrach, an banna céilí is sine sa tír agus a bhfuil clú agus cáil air i bhfad agus i gcéin, ag ceiliúradh céad bliain ó bunaíodh é. Tá aitheantas á fháil ag Tony Barrett as an obair atá déanta aige don fhorbairt réigiúnach agus áitiúil sa cheantar agus sa Ghaeltacht, do Ghluaiseacht na gComharchumann in Éirinn, agus do thograí éagsúla Ollscoile. Bhí an tUasal Barrett sa chéad rang Máistreachta i bhForbairt Tuaithe in OÉ Gaillimh agus bronnadh a chéim air i 1987. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, roimh an searmanas: "Tá an t-ádh ar OÉ Gaillimh ceangal a bheith aici leis an oiread sin céimithe oinigh den scoth ó bunaíodh í. Tá éacht déanta ag céimithe oinigh an lae inniu – John Lynch agus Tony Barrett – sa cheol traidisiúnta agus san fhorbairt pobail. Ar bhealaí atá an-éagsúil óna chéile, chuir siad beirt go mór le saol sóisialta agus cultúrtha na hÉireann agus tá ríméad ar OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo". Ag lón príobháideach i ndiaidh an tsearmanais, seinnfidh Banna Céilí Chill Fhionnúrach cúpla port san Aula Maxima. Ní hé seo an chéad uair ar tharla a leithéid. Léiríonn cartlann na hOllscoile gur sheinm an banna céilí san Aula Maxima i 1937 do Chéilí Chorn Sigerson. Beifear ag bronnadh céimeanna, ard-dioplómaí, Máistreachtaí agus PhDanna ar mhic léinn i rith an lae ó Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; ó Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; ó Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; ó Choláiste na hEolaíochta; agus ó Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.
Keywords:.