NUI Galway Exhibition to Mark GAA 125 Celebrations

Nov 09 2009 Posted: 00:00 GMT
(Leagan Gaeilge) To mark the 125th anniversary of the GAA, the James Hardiman Library at NUI Galway will stage an exhibition that focuses on the University's involvement in GAA sports from the early twentieth century through to modern times. The exhibition opening will coincide with the official launch of the GAA commissioned book "The GAA: A People's History" in the Bailey Allen Hall, NUI Galway on Wednesday, 11 November by GAA President, Criostóir Ó Cuana. The exhibition will include a range of photographs of University football, hurling and camogie teams. The photographs include those of trophy winning teams in Sigerson, Fitzgibbon and Ashbourne Cup tournaments. The NUI Galway library holds the archive of Michael Cusack, the founder of the GAA, and selections from this important collection will feature in the exhibition. The James Hardiman Library also provides digital access to around 2000 images taken by American collector George Pickow during his visit to Ireland in 1952-53. Images of GAA games from the Ritchie-Pickow archive will be on display. John Cox, University Librarian at NUI Galway, commented: "We are very excited to present this exhibition, highlighting as it does some of the University's rich archival material. We are also very grateful to current students and graduates of NUI Galway who have kindly donated memorabilia for display from their playing days". The GAA exhibition will be staged in the foyer of the James Hardiman Library from 12 November until 18 December. The library exhibition will be open to the public until 10pm weekdays and until 5.30pm at weekends.
Taispeántas OÉ Gaillimh ag Ceiliúradh 125 Bliain ó bunaíodh CLG
(View in English) Mar chomóradh ar 125 bliain a bheith caite ó bunaíodh CLG, beidh taispeántas i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin ina ndíreofar ar an mbaint a bhí ag an Ollscoil le spóirt CLG ó thús an fichiú haois i leith. Osclóidh an taispeántas nuair a sheolfaidh Uachtarán CLG, Criostóir Ó Cuana, an leabhar The GAA: A People's History, ar choimisiúnaigh CLG é, go hoifigiúil i Halla Bailey Allen, OÉ Gaillimh Dé Céadaoin, an 11 Samhain.. Beidh réimse grianghraf sa taispeántas d'fhoirne peile, iomána agus camógaíochta na hOllscoile. I measc na ngrianghraf sin tá grianghraif d'fhoirne buacacha thurnaimintí Chorn Sigerson, Chorn Fitzgibbon agus Chorn Ashbourne. Tá cartlann Mhichíl Uí Chíosóig, bunaitheoir CLG, i leabharlann OÉ Gaillimh, agus beidh samplaí a roghnaíodh as an gcartlann thábhachtach seo sa taispeántas. Tá fáil go digiteach i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin chomh maith ar thart ar 2000 íomhá a thóg an bailitheoir Meiriceánach George Pickow le linn a chuairte ar Éirinn i 1952-53. Beidh íomhánna ó chluichí CLG ó chartlann Ritchie-Pickow sa taispeántas chomh maith. Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Cox, Leabharlannaí na hOllscoile in OÉ Gaillimh: "Táimid an-tógtha leis an taispeántas seo. Tarraingeoidh sé aird ar an sárábhar cartlainne atá san Ollscoil. Táimid buíoch chomh maith de na mic léinn reatha agus de chéimithe OÉ Gaillimh a thug cuimhneacháin óna dtréimhse imeartha féin dúinn". Beidh an taispeántas ar bun i bhforhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin ón 12 Samhain go dtí an 18 Nollaig. Beidh cead isteach ag an bpobal ag an taispeántas sa Leabharlann go dtí 10pm i rith na seachtaine agus go dtí 5.30pm ag deireadh na seachtaine.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories