(Leagan Gaeilge)Agilent Technologies Inc. (NYSE: A) and NUI Galway, have announced the opening of a Biological Mass Spectrometry Facility on the NUI Galway campus.
Mass spectrometry is regularly used for testing athletes for banned substances, but it is also one of the key enabling techniques in chemistry and biology. Researchers in NUI Galway will take advantage of this technique to progress their research in areas such as cancer, infectious diseases and pain research.
The state-of-the-art facility in NUI Galway is equipped with the latest accurate-mass quadrupole time-of-flight (Q-TOF) and triple quadrupole (QQQ) mass spectrometer platforms from Agilent. As part of the collaboration with Agilent, NUI Galway will provide application notes and data for key applications using the Agilent platforms. The facility will also be used to showcase new instruments to Agilent customers and to run samples for demonstration purposes.
"The opening of this facility is a continuation of Agilent's drive to be a key technology partner for innovative research in academia," said Gustavo Salem, General Manager for Agilent's LC/MS business. "NUI Galway has some of the top primary investigators in Europe. We look forward to working closely with them to further their breakthrough research in the fields of metabolomics and proteomics".
Professor Terry Smith, Vice-President for Research, NUI Galway, commented: "NUI Galway has recently made a substantial commitment to increase its capability in mass spectrometry, in particular targeting life sciences research. With our recent investment, sponsored by IDA, SFI and Agilent Ireland, NUI Galway now has this capability".
Primary investigators Dr David Finn, Dr Niclas Karlsson and Brendan Harhen will run the mass spectrometers at the facility.
Dr Niclas Karlsson, coordinator for the set up of the facility, said: "NUI Galway selected Agilent as a strategic partner since they provide a wide range of support for life science research in addition to their top end mass spectrometers".
Dr Finn is a lecturer in pharmacology and therapeutics and co-director of the Centre for Pain Research at NUI Galway. The aim of Dr. Finn's research is to increase the understanding of the neurobiology of pain and anxiety and support the development of novel therapeutic agents for their treatment.
Dr Karlsson is one of the top researchers in mass spectrometry and bioinformatics for sugar and protein identification. He established one of the first integrated bioinformatic platforms for this kind of research and collaborated with the Swiss Institute of Bioinformatics for generating glycobioinformatic resources for the community.
Mr Harhen is an honours biochemistry graduate from NUI Galway with a special interest in facilitating ultra-trace quantitation of biomolecules in complex matrices, such as bioactive lipid signalling molecules. He will support other quantitative needs at NUI Galway, such as quantitative proteomics.
The collaboration between NUI Galway and Agilent is a result of Agilent's Academia Program, which facilitates collaborations with universities around the world. The programme assists universities with teaching, materials and creating research partnerships.
Osclaíonn Agilent Technologies agus OÉ Gaillimh Áis Mhais-Speictriméadrachta Bitheolaíochta
(View in English) Tá sé fógartha ag Agilent Technologies Inc. (NYSE:A) agus ag OÉ Gaillimh go mbeidh Áis Mhais-Speictriméadrachta Bitheolaíochta ag oscailt ar champas OÉ Gaillimh.
Úsáidtear mais-speictriméadracht go rialta chun tástálacha substaintí coiscthe a dhéanamh ar lúthchleasaithe, ach tá sé ar cheann de na príomhtheicnící cumasúcháin sa cheimic agus sa bhitheolaíocht chomh maith. Tapóidh lucht taighde in OÉ Gaillimh an deis an teicníc seo a úsáid lena gcuid taighde a bhrostú i réimsí amhail ailse, galair thógálacha agus taighde péine.
Ar an trealamh den scoth a bheidh san áis nua-aimseartha seo in OÉ Gaillimh beidh na hardáin ama eitilte ceathairphoil cruinnmhaise (Q-TOF) is deireanaí agus na hardáin mhais-speictriméadrachta ceathairphoil thriaraigh (QQQ)* is deireanaí ó Agilent. Mar chuid den chomhoibriú le Agilent, cuirfidh OÉ Gaillimh nótaí feidhmithe agus sonraí na bpríomh-fheidhmchlár a bheidh ag úsáid ardán Agilent ar fáil. Úsáidfear an áis chomh maith le huirlisí nua a thaispeáint do chustaiméirí Agilent agus le trialacha samplacha a dhéanamh ar mhaithe leis an gcaoi a n-oibríonn sé a léiriú.
"Tá oscailt na háise seo ag cur leis an gcuspóir atá ag Agilent a bheith ina phríomhpháirtí teicneolaíochta sa taighde nuálaíoch acadúil," a dúirt Gustavo Salem, Bainisteoir Ginearálta ghnó LC/MS Agilent. "Tá cuid de scoth-thaighdeoirí na hEorpa in OÉ Gaillimh. Táimid ag súil go mór le hoibriú i ndlúthchomhar leo lena dtaighde ceannródaíoch i réimse na meitibilíochta agus na próitéamaíochta a chur chun cinn".
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Terry Smith, Leas-Uachtarán um Thaighde OÉ Gaillimh: "Le tamall anuas tá gealltanas tábhachtach tugtha ag OÉ Gaillimh go gcuirfidh sí lena cumas mais-speictriméadrachta, ag díriú go háirithe ar thaighde i réimse na n-eolaíochtaí beatha. A bhuíochas leis an infheistíocht a rinneamar le déanaí, a ndearna an IDA, SFI agus Agilent Ireland urraíocht uirthi, tá an cumas seo ag OÉ Gaillimh anois."
Is iad na príomhthaighdeoirí an Dr David Finn, an Dr Niclas Karlsson agus Brendan Harhen a bheidh i mbun na mais-speictriméadar san áis.
Dúirt an Dr Niclas Karlsson, an comhordaitheoir a bhí ag plé le bunú na háise: "Roghnaigh OÉ Gaillimh Agilent mar chomhpháirtí straitéiseach de bhrí go soláthraíonn sé réimse leathan tacaíochta don taighde eolaíochta beatha agus de bharr a chuid mais-speictriméadar atá sármhaith."
Is léachtóir le cógaseolaíocht agus le teiripic an Dr Finn agus tá sé ina chomhstiúrthóir ar an Ionad um Thaighde Péine in OÉ Gaillimh. Is é an aidhm atá le taighde an Dr Finn an tuiscint ar néaraibhitheolaíocht péine agus imní a mhéadú agus tacú le forbairt oibreán teiripeach nuálaíoch a bheadh ina gcóir leighis dóibh.
Tá an Dr Karlsson ar dhuine de phríomhthaighdeoirí na mais-speictriméadrachta agus na bithaisnéisíochta a bhaineann le siúcra agus próitéin a aithint. Bhunaigh sé ceann de na chéad ardáin bithaisnéisíochta chomhtháite don chineál seo taighde agus d'oibrigh sé i gcomhar le hInstitiúid Bithaisnéisíochta na hEilvéise chun acmhainní glici-bithaisnéisíochta a ghiniúint don phobal.
Is céimí onóracha le bithcheimic ó OÉ Gaillimh é Brendan Harhen a bhfuil spéis ar leith aige i gcainníochtú ultrairian bithmhóilíní a éascú i maitrísí coimpléascacha, amhail móilíní comharthaíochta lipidí bithghníomhacha. Tacóidh sé le riachtanais chainníochtúla eile in OÉ Gaillimh, amhail próitéamaíocht chainníochtúil.
Is as Clár Acadúil Agilent a d'eascair an comhoibriú seo idir OÉ Gaillimh agus Agilent a éascaíonn comhoibriú idir iad agus Ollscoileanna ar fud an domhain. Cabhraíonn an clár le hollscoileanna ó thaobh teagaisc, ábhar agus ó thaobh comhpháirtíochtaí taighde a bhunú.
CRÍOCH