-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
January 2007 Léinn do Chéimithe in OÉ Gaillimh
Léinn do Chéimithe in OÉ Gaillimh
Tuesday, 16 January 2007
16 Eanáir 2007: Díreofar aird ar raon cúrsaí iarchéime agus iardhochtúireachta OÉ Gaillimh ag Aonach Bliantúil Léinn do Chéimithe, aonach a reáchtálfar ar an gcampas in Áras na Mac Léinn ó 1.30i.n. go dtí 5.00i.n., Dé Luain, an 5 Feabhra. Deis iontach a bheidh san Aonach seo do mhic léinn a bhfuil bunchéimeanna bainte amach acu níos mó eolais a fháil ar chúrsaí iarchéime.
Tá 400 clár á thairiscint ag an Ollscoil, mar aon le roghanna taighde lánaimseartha agus páirtaimseartha, do bhreis agus 3,000 mac léinn iarchéime. Táthar ag súil go bhfreastalóidh 2,500 duine ar an Aonach atá ag fáil tacaíochta ó Bhanc na hÉireann. Beidh os cionn 70 seastáin ó OÉ Gaillimh agus institiúidí eile ó thimpeall na tíre ag an Aonach le heolas a thabhairt agus comhairle a chur ar mhic léinn. Beidh cur i láthair agus seimineáir faoi roghanna taighde, maoiniú agus deiseanna gairme ar fáil freisin.
Le blianta beaga anuas, tá tús áite tugtha ag an Rialtas d'oideachas iarchéime atá tiomanta don taighde, nó oideachas 'ceathrú leibhéal', ar mhaithe le freastal ar an éileamh atá ann d'fhostaithe ardoilte le tacú le fás geilleagrach. I bhfad ó shin, ghlac OÉ Gaillimh leis an dúshlán oideachas ceathrú leibhéal den scoth a chur ar fáil, agus tá na seanréimsí acadúla feabhsaithe againn chun Ionaid Taighde nuálaíocha agus cheannródaíocha a chruthú i réimsí éagsúla cosúil le hEolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine, Cearta Daonna, Athrú Comhshaoil agus Léann na hÉireann.
Seo a leanas a bhí le rá ag John Hannon, Comhairleoir Sinsearach Gairme, Seirbhís Gairme OÉ Gaillimh, "Cuireann staidéar iarchéime go mór le hionchais ghairme na mac léinn. In OÉ Gaillimh tá réimse leathan iarchéimeanna forbartha againn, lena n-áirítear cúrsaí Máistreachta múinte agus taighde agus cláir thaighde Dochtúireachta den scoth. Tagann mic léinn as gach cearn den domhan chuig OÉ Gaillimh gach aon bhliain chun iarchéim a dhéanamh, agus ag an am gcéanna tá an dea-cháil atá orainn ag dul ó neart go neart."
I measc na gcúrsaí múinte iarchéime a cuireadh ar fáil as an nua tá:
- MeconSc agus MA i Múnlú Eacnamaíoch & Comhshaoil
- MEconSc in Airgeadas Idirnáisiúnta
- Máistreacht sa Mhargaíocht
- MA in Ardscileanna Teanga
- Anailís Fheidhmeach Iompraíochta
- Na Meáin Dhigiteacha
- Stair na Meánaoise
- Léirú agus Stiúradh
- Abhcóideacht agus Gníomhaíochas Pobail
- Drámaíocht
- Scileanna Raidió
- Léann an Aistriúcháin
- Modheolaíochtaí do Theagasc Teangacha
- Riachtanais Speisialta Oideachais
- Céim Mháistir Dlí (Dlí Poiblí)
- Altranas – lena n-áirítear Dioplómaí Iarchéime sa tSeaneolaíocht, Cúram Maolaitheach, Meabhairshláinte, Ortaipéidic, Sláinte Phoiblí, Oinceolaíocht
- Eolaíocht Bhithleighis
- Biteicneolaíocht
- Fisic Mhatamaiticiúil
Is féidir dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Gairme ag (091) 493589 chun sonraí a fháil faoin Aonach Léinn.
Keywords:.